Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar do mhairbh Cúchulainn Eatharchomhol.
Title
Mar do mhairbh Cúchulainn Eatharchomhol.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR DO MHAIRBH CÚCHULAINN EATHARCHOMHOL. D'imthigh Feargus annsoin ar an dteachtaireacht úd. Do lean Eatharchomhol Mac Eadha agus Léithrinne, dalta Ailiolla is Mheidhbhe é. "Ní maith liom do theacht, arsa Feargus, "is ní tré fhuath dhuit; acht gur leisc liom chomhrac idir thu féin agus Cúchulainn; (mar gheall ar) t'uabhar is do dhánaidh- eacht-sa; agus fraoch is fuath, fuinneamh is uabhar is buile do chéile-se .i. Cúchulainn. Ní thiocfaidh maith d'bhur gcomhrac." "Ná féadfair-se me dhíon air?" arsa Eatharchomhol. "Féadfad," arsa Fearghus, "acht ná caithfir droch-mheas ar a ráidhtibh." Do chuadar as soin i ndá charbad go (Dún) Dealgan. Do bhí Cúchulainn um an dtaca so ag imirt bhuan- faig (fithchille) le loégh — a chúl-san leó agus aghaidh Loéigh. "Chím dhá charbad chughainn," arsa Loégh. "Fear mór donn san gcarbad tosaigh. Folt donn craobhach air. Brat corcor uime, Dealg óir ann. Léine "chulpathach" is dearg-ghréis uirthi uime. Sciath chruinn air is imeall chaon-dualaidheacht fion- druinne uirthi. Mánáis (craoiseach) go raibh slabh- raidhe uirthi ó mhimusc (?) go hadhairc n-a láimh aige. Claidheamh chomh fada le stiúir churraigh thar a dhá shliasaid. "Is follamh (atá) an stiúir seo atá ar iomchur agom' chara Fearghus," arsa Cúchulainn, "mar ní'l claidheamh n-a thruaill acht claidheamh adhmaid. Do hinnseadh dam," arsa Cúchulainn, "go bhfuair Ailioll faill ortha i n-a gcodladh, eisean agus Meadhbh, agus do bhain sé a chlaidheamh d'Fhearghus agus thug dá ara é chun é choimeád, is do cuireadh claidheamh adhmaid i n-a thruaill." Tháinig (tagann) Fearghus annsoin. "Dé bheatha- sa, a Fhearghuis a chara," arsa Cúchulainn. "Má thagann iasc sna hinbheara gheobhair bradán go leith; má thagann ealta ar máigh gheobhair lachain go leith. Dorn biolair no feamainn, dorn fochlocht, deoch de ghainimh. Geobhair teacht i n-áth ar cheann fir, má's é t'uain faire é, go mbeidh do chodladh díot." "Creidim soin," arsa Fearghus. "Ní ag iarraidh bídh ort a thángamair; is eól dúinn do threabhadh (bhainistighe) annso. Do fuair Cúchulainn an teachtaireacht ann- soin ó Fhearghus. N-a dhiaidh-san d'imthigh Fearghus leis. D'fhan Eatharchomhol ag féachaint ar Chúchulainn. "Cad air go bhfuilir ag féachaint?" arsa Cúchulainn. "Ort-sa," arsa Eatharchomhol. "Is gearr a bhíonn súil ag dul timcheall air sin," arsa Cúchulainn. "Sin é chím," arsa Eatharchomhol. "Ní fheadar cad chuige go mbeadh eagla ar éinne romhat. Ní fheicim- se gráin ná fíor-uamhan ná "teascadh truip" ionnat. Macaomh córach, le treallamh adhmaid is le cleasaibh meara lúith is eadh thu." "Ar shon go bhfuilir 'om cháineadh," arsa Cúchulainn, "mar gheall ar Fheargus ní mharbhoghad (anois) tu. Mara mbeadh do choimirc, amh, is iad do shreanga sínte is do cheathramhna scaoilte a raghadh uaim chun an dúna i ndiaidh do charbaid." "Ná bagair soin orm-sa," arsa Eatharchomhol. "An cor (connradh) iongantach do nasc sé (Fearghus) is ise a chéad-chomhraicfidh d'fhearaibh Éireann leat i mbáireach." -- Tá adhbhar beag fághálta againn i gcóir "Ospuidéil" an Ghruagaigh, agus beidh sé i gcló againn an mhí seo chughainn le congnamh Dé. Tá súil againn go mbeidh sé ar ár gcumas an tOspuidéal a choim- eád ar suibhal gach mí feasta. Badh mhaith linn dá gcuirfadh leightheóirí an IRISLEABhAIR i n-umhail dúinn, puintí graiméir, focail neamh-choitcheanta, agus rl a chasfar ortha. Cuirfam iad go leir san Ospuidéal. -- Tá an Strachánach i mBaile Átha Cliath fé láthair. As so go dtí lár an Lughnasa beifar ag obair go dian ar an Sean-Ghaedhilg. Go deimhin is mithid dúinn cuimhneamh ar na rean-sudaí a bhaineann linn féin a chur i dtreó cheart. Tá súil againn ná teipfidh ar na Gaedhilgeóirí. Badh chóir go mbeadh a lán díobh láithreach. Is annamh a gheibhtar e leithéid seo de chaothamhlacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services