Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do mhairbh Cúchulainn Eatharchomhol.

Title
Mar do mhairbh Cúchulainn Eatharchomhol.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR DO MHAIRBH CÚCHULAINN
EATHARCHOMHOL.



D'imthigh Feargus annsoin ar an dteachtaireacht
úd. Do lean Eatharchomhol Mac Eadha agus Léithrinne,
dalta Ailiolla is Mheidhbhe é. "Ní maith liom do
theacht, arsa Feargus, "is ní tré fhuath dhuit; acht
gur leisc liom chomhrac idir thu féin agus
Cúchulainn; (mar gheall ar) t'uabhar is do dhánaidh-
eacht-sa; agus fraoch is fuath, fuinneamh is uabhar
is buile do chéile-se .i. Cúchulainn. Ní thiocfaidh
maith d'bhur gcomhrac." "Ná féadfair-se me
dhíon air?" arsa Eatharchomhol. "Féadfad," arsa
Fearghus, "acht ná caithfir droch-mheas ar a ráidhtibh."
Do chuadar as soin i ndá charbad go (Dún)
Dealgan.



Do bhí Cúchulainn um an dtaca so ag imirt bhuan-
faig (fithchille) le loégh — a chúl-san leó agus aghaidh
Loéigh. "Chím dhá charbad chughainn," arsa Loégh.
"Fear mór donn san gcarbad tosaigh. Folt donn
craobhach air. Brat corcor uime, Dealg óir ann.
Léine "chulpathach" is dearg-ghréis uirthi uime.
Sciath chruinn air is imeall chaon-dualaidheacht fion-
druinne uirthi. Mánáis (craoiseach) go raibh slabh-
raidhe uirthi ó mhimusc (?) go hadhairc n-a láimh aige.
Claidheamh chomh fada le stiúir churraigh thar a dhá
shliasaid. "Is follamh (atá) an stiúir seo atá ar
iomchur agom' chara Fearghus," arsa Cúchulainn,
"mar ní'l claidheamh n-a thruaill acht claidheamh
adhmaid. Do hinnseadh dam," arsa Cúchulainn, "go
bhfuair Ailioll faill ortha i n-a gcodladh, eisean agus
Meadhbh, agus do bhain sé a chlaidheamh d'Fhearghus
agus thug dá ara é chun é choimeád, is do cuireadh
claidheamh adhmaid i n-a thruaill."

Tháinig (tagann) Fearghus annsoin. "Dé bheatha-
sa, a Fhearghuis a chara," arsa Cúchulainn. "Má
thagann iasc sna hinbheara gheobhair bradán go leith;
má thagann ealta ar máigh gheobhair lachain go leith.
Dorn biolair no feamainn, dorn fochlocht, deoch de
ghainimh. Geobhair teacht i n-áth ar cheann fir, má's é
t'uain faire é, go mbeidh do chodladh díot." "Creidim
soin," arsa Fearghus. "Ní ag iarraidh bídh ort a
thángamair; is eól dúinn do threabhadh (bhainistighe)
annso. Do fuair Cúchulainn an teachtaireacht ann-
soin ó Fhearghus.



N-a dhiaidh-san d'imthigh Fearghus leis. D'fhan
Eatharchomhol ag féachaint ar Chúchulainn. "Cad
air go bhfuilir ag féachaint?" arsa Cúchulainn.
"Ort-sa," arsa Eatharchomhol. "Is gearr a bhíonn
súil ag dul timcheall air sin," arsa Cúchulainn.
"Sin é chím," arsa Eatharchomhol. "Ní fheadar cad
chuige go mbeadh eagla ar éinne romhat. Ní fheicim-
se gráin ná fíor-uamhan ná "teascadh truip" ionnat.
Macaomh córach, le treallamh adhmaid is le cleasaibh
meara lúith is eadh thu." "Ar shon go bhfuilir 'om
cháineadh," arsa Cúchulainn, "mar gheall ar Fheargus
ní mharbhoghad (anois) tu. Mara mbeadh do choimirc,
amh, is iad do shreanga sínte is do cheathramhna
scaoilte a raghadh uaim chun an dúna i ndiaidh do
charbaid." "Ná bagair soin orm-sa," arsa
Eatharchomhol. "An cor (connradh) iongantach do
nasc sé (Fearghus) is ise a chéad-chomhraicfidh
d'fhearaibh Éireann leat i mbáireach."



--



Tá adhbhar beag fághálta againn i gcóir
"Ospuidéil" an Ghruagaigh, agus beidh sé i gcló againn
an mhí seo chughainn le congnamh Dé. Tá súil againn
go mbeidh sé ar ár gcumas an tOspuidéal a choim-
eád ar suibhal gach mí feasta. Badh mhaith linn dá
gcuirfadh leightheóirí an IRISLEABhAIR i n-umhail
dúinn, puintí graiméir, focail neamh-choitcheanta, agus rl
a chasfar ortha. Cuirfam iad go leir san Ospuidéal.



--



Tá an Strachánach i mBaile Átha Cliath fé láthair.
As so go dtí lár an Lughnasa beifar ag obair go
dian ar an Sean-Ghaedhilg. Go deimhin is mithid dúinn
cuimhneamh ar na rean-sudaí a bhaineann linn féin a
chur i dtreó cheart. Tá súil againn ná teipfidh ar
na Gaedhilgeóirí. Badh chóir go mbeadh a lán díobh
láithreach. Is annamh a gheibhtar e leithéid seo de
chaothamhlacht.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services