Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cionnus do Baineadh an Geit as Liam Buidhe.
Title
Cionnus do Baineadh an Geit as Liam Buidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"CIONNUS DO BAINEADH AN GEIT AS LIAM BUIDHE." -- Bliadhanta ó shoin bhí sean-fhear — Tomás Ruadh do b'ainm dó — 'n-a chomhnuidhe i gCnoc Breac. Fuar cneasda macánta a b'eadh é agus Gaedhilgeóir cliste leis. Bhí cion mór ag na comhursanaibh ar Thomás, agus bhíodh an-fháilte aige roimis na daoine a thiocfadh isteach chuige gach oidhche chun tamaill do chaitheamh ag scoruidheacht leis. Ní raibh oidhche 'sa' tseachtmhain ná beadh gasra beag bailighthe isteach chum tighe Thomáis — iad go léir n-a suidhe go ciúin is go compórdach cois na teineadh, ag gabháilt amhrán nó ag innsint scéalta fiannaidh- eachta. Anois agus arís do bheadh rinnce aca nó b'féidir cluithche cártaí, acht pé rud a bheadh ar siubhal aca, ní labharfadh siad focal acht amháin Gaedhilg, agus dá mbadh rud é gur tháinig éinne isteach chúcha ná raibh an Ghaedhilg aige, do chaithfeadh sé a bhéal do choimeád i n-a chomhnuidhe, mar ní leigfadh siad ortha gur thuigeadar focal dá chuid cainnte. Is iomdha oidhce do chaitheas féin n-a measc, agus deirim gan bhréag nár casadh a leithéidí orm riamh. Go bráth na breithe ní dhéanfad-sa dearmhad ar na scéaltaibh greannmhra d'innstí ann, ar na cleasaibh d'imirthí ann, agus ar an ngreann agus an spórt do bhíodh againn. Oidhche áirithe do chas Liam Buidhe isteach cughainn. Bhí Liam 'n-a chomhnuidhe míle go leith ó Chnoc Breac, agus ní thiocfadh sé i n-éan- chor mara mbeadh go raibh gnó éigin aige de Thomás. Shocruigheadar pé gnó bí aca agus shuidheadar síos linn cois na teineadh. Tar éis tamaill d'éirigh Liam chum dul a- bhaile. Rug Páid Mór greim air is adubhairt - "Ná h-imthigh go fóill, a Liam. Fan agus beidh cluithche cártaí againn."
"Tá cathughadh orm ná féadfa fanamhaint a Pháid. Tá bóthar fada romham agus caithfead bheith ag bogadh." "Airiú nách éachtach an deabhadh atá ort! Is cuimhin liom uair agus raghfá go Conntae an Chláir ar son cluithche chártaí." "Tá an ceart agat," arsa Liam. "Bhí ana-dhúil agam ionnta nuair bhíos im' bhuachaill óg. Tá ciall agam anois ámhthach." "Ba bheag orm do chiall," arsa Páid, "dá mbeadh focal le rádh agat i gcoinnibh chluithche chártaí. Aithnighim go maith an chiall atá agat. Tá fonn agus faitchíos ort. Tá ana-dhúil agat 'sa' chluithche fós acht tá eagla ort suidhe síos mar ní fios d'éinne cathoin d'éireoghthá asta dá dtosnóghtha ar iad d'imirt. Fan ámhthach agus geallaim duit go n-éireoghaimíd asta luath go leór mar caithfead-sa bheith im' shuidhe go moch ar maidin ó táim ag dul ar an aonach.' "Fanfad mar sin," arsa Liam. "Ní'l agam acht réal agus nuair bheidh an méid sin imthighthe éireoghaimíd asta." "Tá rud éigin iongantach tar éis tuitim amach," arsa Páid, "nuair 'taoi ag súil led' chuid airgid do chailleamhaint. Cheapas nár rugadh an buaidh riamh ort." "Dár ndóigh," arsa Liam, "ní minic do rugadh, a Pháid, acht is fada anois nár imreas cluithche agus ni'l an seana-chiúta agam anois chomh maith agus do bhí. Déanfaimíd tosnughadh amhthach mar dá luaithe thosnógha- míd seadh is luaithe bheidh críochnuighthe againn." Do shuidheamair go léir isteach annsoin agus do cuireadh an cluithche ar siubhal. Níor mhothuigheamair an aimsir ag sleamhnughadh uainn go raibh sé a deich a' chlog. Annsoin dubhairt Páid gur mhithid dúinn bheith ag éirghe asta. Chaitheamair suas an cluithche is shuidheamair isteach chum na teineadh arís. Bhíomair ag comhradh le céile nuair dubhairt duine éigin le Liam — "Beidh sé déidheannach 'san oidhche sul a mbeidhir i mBaile an Bhóthair, anois, a Liam." "Och! ní bheidh," arsa Liam, "is minic bhíos amuigh níos déidheannaighe." "Go deimhin," arsa seana-Shéamus, "níor mhaith liom siubhal as so go Baile an Bhóthair anois. Aistear uaigneach 'seadh é. Is minic do chonnacthas sprid ann agus is minic do baineadh geit as na daoinibh do bheadh amuigh ag imirt cártaí agus do bheadh ag dul a-bhaile i gceart-lár na hoidhche. Deirtar leis, ná faghann duine ar bith ó'n áit seo bás i nAimeriocá, ná téidheann a shochraid go dtí an sean-reilg thall annso. Dubhairt Dáithí na mBréag liom indé gur chualaidh sé sochraid ag dul chum na reilge an oidhche fé dheireadh agus go bhfuil eagla air go gcloisfidh sara fada go bhfuair duine ó'n bparóiste seo bás i nAimeriocá le déidheannaighe. Dia idir sinn is an anachain! acht is uathbhásach an saoghal é má's mar sin atá an scéal." "Ní misde dhuit an paidrín do ghabháil a Shéamais," arsa Liam, "acht is ait an fear thú má leogann tú do'n tsean-draoi sin a leithéid sin do chur 'n-a luighe ort. Go deimhin féin do baisdeadh go ceart é nuair tugadh Dáithí na mBréag air. Is iomdha rud do chonnaic is do chualaidh sé i ruith a shaoghail, dar leis féin. Ní bhíonn rud ar domhan le déanamh aige acht na daoine do mhealladh le n-a sheana-scéaltaibh i dtaobh na ndaoine maithe, acht táim ró-dhian ar Dháithí bhocht. Im' thuairim féin is measa go mór na daoine a leogann dó, iad do mhealladh." Níor réidhtigh na focail seo le Seana- Shéamas agus d'éirigh sé feargach ar a dtoirt.
Cheap sé gur ag bladar a bhí Liam agus dubhairt:- "Is breagh réidh a thagann an chainnt chughat, a Liam, acht ní maith liom scaothaire. Taoi cinnte ná fuil sprid 'sa' domhan is ná raibh riamh, acht anois cuirfead-sa deich scillinge leat ná raghair go dtí an sean- reilig thall annso, agus cloigeann do bhreith leat chughainn. Ní fada as so í agus má dhéanfair soin creidfead go bhfuilir dárí- ríbh." "Ní chuirfeá an geall liom, a Shéamais," arsa Liam, "muna mbeadh go raibh fhios agat gur sciobadh uaim nóimeat ó shoin pé airgead a bhí 'sa' tsaoghal agam. Go deimhin is oth liom ná fuil an t-airgead agam, mar dá mbeadh, chuirfinn an geall leat go háthasach." "Chomh fhad ás tá an t-airgead agam," arsa Tomás Ruadh, "ní bheidh sé i n-easnamh ort. Bhéarfad-sa deich sgillinge dhuit a chara," agus leis sin d'éirigh Tomás chum an airgid d'fhagháilt. "Buidheachas leat a Thomáis. Ní minic do gheibheann duine deich sgillinge chomh bog sain, agus muna mbeadh tusa do bheinn gan an t-airgead." Cuireadh an geall annsain, agus amach le 'Liam chum dul fé dhéin na seana-reilige. Fear mór láidir fuar-aigeantach a b'eadh 'Liam, agus níor chuir sé suím i n-éin-nídh go dtí go ráinig sé an reilg. Bhí an geata dúnta roimis, agus níor dhein sé acht a lámh do chur ar an bhfalla agus léim a thabhairt isteach. Thosnuigh sé ag cuardach ar gach taobh de. Fuair sé cloigeann fé dheireadh agus rug sé greim uirthi chum í bhreith leis. 'San am céadna chualaidh sé guth ó'n dtaobh eile de'n roilg ag labhairt leis. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services