Oidhche áirithe do chas Liam Buidhe isteach
cughainn. Bhí Liam 'n-a chomhnuidhe míle go
leith ó Chnoc Breac, agus ní thiocfadh sé i n-éan-
chor mara mbeadh go raibh gnó éigin aige
de Thomás. Shocruigheadar pé gnó bí aca
agus shuidheadar síos linn cois na teineadh.
Tar éis tamaill d'éirigh Liam chum dul a-
bhaile. Rug Páid Mór greim air is
adubhairt - "Ná h-imthigh go fóill, a Liam.
Fan agus beidh cluithche cártaí againn."
"Tá cathughadh orm ná féadfa fanamhaint
a Pháid. Tá bóthar fada romham agus caithfead
bheith ag bogadh."
"Airiú nách éachtach an deabhadh atá ort!
Is cuimhin liom uair agus raghfá go Conntae an
Chláir ar son cluithche chártaí."
"Tá an ceart agat," arsa Liam. "Bhí
ana-dhúil agam ionnta nuair bhíos im'
bhuachaill óg. Tá ciall agam anois ámhthach."
"Ba bheag orm do chiall," arsa Páid,
"dá mbeadh focal le rádh agat i gcoinnibh
chluithche chártaí. Aithnighim go maith an chiall
atá agat. Tá fonn agus faitchíos ort. Tá
ana-dhúil agat 'sa' chluithche fós acht tá
eagla ort suidhe síos mar ní fios d'éinne
cathoin d'éireoghthá asta dá dtosnóghtha ar
iad d'imirt. Fan ámhthach agus geallaim duit
go n-éireoghaimíd asta luath go leór mar
caithfead-sa bheith im' shuidhe go moch ar
maidin ó táim ag dul ar an aonach.'
"Fanfad mar sin," arsa Liam. "Ní'l
agam acht réal agus nuair bheidh an méid sin
imthighthe éireoghaimíd asta."
"Tá rud éigin iongantach tar éis tuitim
amach," arsa Páid, "nuair 'taoi ag súil
led' chuid airgid do chailleamhaint. Cheapas
nár rugadh an buaidh riamh ort."
"Dár ndóigh," arsa Liam, "ní minic do
rugadh, a Pháid, acht is fada anois nár
imreas cluithche agus ni'l an seana-chiúta agam
anois chomh maith agus do bhí. Déanfaimíd
tosnughadh amhthach mar dá luaithe thosnógha-
míd seadh is luaithe bheidh críochnuighthe
againn."
Do shuidheamair go léir isteach annsoin agus
do cuireadh an cluithche ar siubhal. Níor
mhothuigheamair an aimsir ag sleamhnughadh
uainn go raibh sé a deich a' chlog. Annsoin
dubhairt Páid gur mhithid dúinn bheith ag
éirghe asta. Chaitheamair suas an cluithche
is shuidheamair isteach chum na teineadh arís.
Bhíomair ag comhradh le céile nuair dubhairt
duine éigin le Liam —
"Beidh sé déidheannach 'san oidhche sul a
mbeidhir i mBaile an Bhóthair, anois, a
Liam."
"Och! ní bheidh," arsa Liam, "is minic
bhíos amuigh níos déidheannaighe."
"Go deimhin," arsa seana-Shéamus, "níor
mhaith liom siubhal as so go Baile an Bhóthair
anois. Aistear uaigneach 'seadh é. Is minic
do chonnacthas sprid ann agus is minic do
baineadh geit as na daoinibh do bheadh amuigh
ag imirt cártaí agus do bheadh ag dul a-bhaile
i gceart-lár na hoidhche. Deirtar leis, ná
faghann duine ar bith ó'n áit seo bás i
nAimeriocá, ná téidheann a shochraid go dtí
an sean-reilg thall annso. Dubhairt Dáithí
na mBréag liom indé gur chualaidh sé
sochraid ag dul chum na reilge an oidhche fé
dheireadh agus go bhfuil eagla air go gcloisfidh
sara fada go bhfuair duine ó'n bparóiste
seo bás i nAimeriocá le déidheannaighe.
Dia idir sinn is an anachain! acht is
uathbhásach an saoghal é má's mar sin atá an
scéal."
"Ní misde dhuit an paidrín do ghabháil a
Shéamais," arsa Liam, "acht is ait an fear
thú má leogann tú do'n tsean-draoi sin a
leithéid sin do chur 'n-a luighe ort. Go
deimhin féin do baisdeadh go ceart é nuair
tugadh Dáithí na mBréag air. Is iomdha
rud do chonnaic is do chualaidh sé i ruith a
shaoghail, dar leis féin. Ní bhíonn rud ar
domhan le déanamh aige acht na daoine do
mhealladh le n-a sheana-scéaltaibh i dtaobh
na ndaoine maithe, acht táim ró-dhian ar
Dháithí bhocht. Im' thuairim féin is measa go
mór na daoine a leogann dó, iad do
mhealladh."
Níor réidhtigh na focail seo le Seana-
Shéamas agus d'éirigh sé feargach ar a dtoirt.
Cheap sé gur ag bladar a bhí Liam agus
dubhairt:-
"Is breagh réidh a thagann an chainnt
chughat, a Liam, acht ní maith liom scaothaire.
Taoi cinnte ná fuil sprid 'sa' domhan is ná
raibh riamh, acht anois cuirfead-sa deich
scillinge leat ná raghair go dtí an sean-
reilig thall annso, agus cloigeann do bhreith
leat chughainn. Ní fada as so í agus má
dhéanfair soin creidfead go bhfuilir dárí-
ríbh."
"Ní chuirfeá an geall liom, a Shéamais,"
arsa Liam, "muna mbeadh go raibh fhios
agat gur sciobadh uaim nóimeat ó shoin
pé airgead a bhí 'sa' tsaoghal agam. Go
deimhin is oth liom ná fuil an t-airgead
agam, mar dá mbeadh, chuirfinn an geall
leat go háthasach."
"Chomh fhad ás tá an t-airgead agam,"
arsa Tomás Ruadh, "ní bheidh sé i n-easnamh
ort. Bhéarfad-sa deich sgillinge dhuit a
chara," agus leis sin d'éirigh Tomás chum
an airgid d'fhagháilt.
"Buidheachas leat a Thomáis. Ní minic
do gheibheann duine deich sgillinge chomh
bog sain, agus muna mbeadh tusa do bheinn
gan an t-airgead."
Cuireadh an geall annsain, agus amach
le 'Liam chum dul fé dhéin na seana-reilige.
Fear mór láidir fuar-aigeantach a b'eadh
'Liam, agus níor chuir sé suím i n-éin-nídh
go dtí go ráinig sé an reilg. Bhí an geata
dúnta roimis, agus níor dhein sé acht a
lámh do chur ar an bhfalla agus léim a
thabhairt isteach. Thosnuigh sé ag cuardach
ar gach taobh de. Fuair sé cloigeann fé
dheireadh agus rug sé greim uirthi chum í
bhreith leis. 'San am céadna chualaidh sé
guth ó'n dtaobh eile de'n roilg ag labhairt
leis.
(Ní críoch.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11