Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Title
Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEICHEAMH DHÓMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN BHÉARA. -- (ar leanmhaint). -- Soir go Carraig an Easaigh do ghabhadar ó'n nGleann Garbh, as soin go Céim an Fhiaidh agus Béal Átha an Ghaorthaidh agus do fhanadar an oidhche sin i mball go nglaodh- tar Achadh Ros air, tuairim agus míle ó thuaidh ó Bhéal Atha an Ghaorthaidh, ar an mbóthar go Baile Mhúirne. Go luath san dara lá do shroiseadar Baile Mhúirne, mar a bhfuil cill Naoimh Ghobnatan. Do stad- adar annso tamall agus do bhronn Dómhnall agus mór-chuid dá dhaoinibh muinnteardha, tabharthaistí ar altóir an Bhan-Naoimh seo agus do iarradar uile ar Dhia tré ímpidhe Naoimh Ghobnatan, congnamh do thabhairt dóibh tríd an gcruadhtan do bhí rompa. Do thosnuigh an cruadhtan soin luath go leór. Do thugadar a n-aghaidh ó thuaidh ó Bhaile Mhúirne, acht bhí clann Thaidhg Mhic Chárthaigh ag imirt ortha fan na slighe. Acht cé gur dheacair dóibh é, do chuadar ar aghaidh i n-aimhdheóin an námhad. Go deimhin muna mbeadh an cuma go raibh na fir socruighthe ag Domhnall, do raghadh sé dian ortha an turus fada so do chríochnughadh. Bhí dá fhichid fear ar tosach, - n-a ndiaidh sin na daoine leóinte na mná agus na páistí, n-a n-diaidh sin na hualaighe bhain leó agus an lón beag cogaidh do bhí aca agus ar deire ar fad do bhí Dómhnall féin agus an chuid eile de sna fearaibh. An dara hoidhche do stadadar i gCrích Uí Chaoimh i nDúith Eala. Ní bhfuaradar puinn suaimhnis an oidhche sin ó mhuinntir na háite agus bhí an t-ocrus ag cur ortha go géar. Ní headh ná go raibh a ndóithin airgid aca chum bídh do cheannach, acht ní leómhfadh éinne é dhíol leó. Ar maidin an tríomhadh lá do dhruideadar leó go mear fé dhéin teóra Luimnigh ag brath ar dhul chómh fada le Gleann Eatharlach chum a scíth do ghlacadh ann ar feadh cúpla lá, acht bhí an casán anois níos contabhar- thaighe na bhí sé fós, idir an Ráth agus Cíll na Mullach agus ins an dá bhall so buidheanta laidre de shaighdiúiribh na Sacsan. Ní raibh brath aca dul thar an abhainn do bhí rompa, gan díol as agus níor mhisde an droch-dhóchas. Nuair a thángadar go dtí an port ag Áth Bhéil Lathaighe tháinig buidhean láidir i n-a gcoinnibh fé stiúradh dhearbhráthar an Bhiscount De Barra. Cuireadh na mná agus na páistí ar deireadh de phas agus tháinig na laochra ocracha chum tosaigh. Bhí an námhaid ró-iomadamhail dóibh, acht bhí a fhios aca go raibh deireadh ar fad leó dá mbuaidhfidhe ortha. Ghabhadar tríotha "mar 'a gheóbhadh seabhac tré scata mion-éan lá Márta," agus muna mbeadh iad do bheith laguighthe roimh sé ag an ocrus ní thiocfadh fear innsinte scéil de sna Sasanachaibh a-bhaile. Do dhruideadar leó go dtí Gleann Eatharlach na fir láidre ag breith na ndaoine goineadh le trí lá, leó eatorra. Acht ní fhéadfaidís éan-scíth do ghlacadh annso, mar bhí an námhaid ag bailiughadh timcheall agus bhí eagla ortha go dtiocfaidís rompa ar na casánaibh ó thuaidh go dtí an tSionainn. Ar maidin déis an saghas bídh do bhí aca, - luíbhnacha agus uisce, - do ithe, do chuireadar dhíobh ó thuaidh. Bhí an cath ba mheasa fós rompa an lá so; do sheasaimh sé ocht n-uaire an chluig. Deir Ua Súilleabháin féin go raibh an námhaid fiadhain ró-iomadmhail dá fhearaibh féin, acht ná rabhadar chómh hoilte i n-ealadhain chogaidh, agus thug sion an buadh do chruaidh-fhearaibh Bhéarra. Do stracadar tríotha agus ar aghaidh leó. Bhíodar uile ag dul i luige as so amach ó'n ocrus agus ó bheith
ag síor-throid le námhaid nuadh gach lá. Do thuitidís ar an mbóthar le neart luige agus deirtar gur imthigh cuid aca ar gealtaigh. Na fir do chuirtí ag faire ist oidhche do fachtaí marbh ar maidin iad. Ar dteacht dóibh go Dún an Chaoil (Dunnohill) do alpadar suas gach nídh i gclódh bídh do fuaradar ann, i dtreó ná raibh i gcóir na muinntire bhí ar deireadh, acht coirce agus a amhail agus do itheadar iad so le hairc. Ó thuaidh leó go Baile na Cille, Sliabh Féilim agus Lothra agus ar an sémhadh lá d'Eanair do shroiseadar coill Bhrosna ar bhruach na Soineann, mar ar dheineadar scáth dhóibh fhéin ó'n namhaid. B'í seo an chontabhairt ba mhó fós — an abha ba mhó i nÉirinn ar a n-aghaidh agus an námhaid go fíochmhar ar a dtóir. Ní raibh cóir ar bith aca chun dul treasna na habhann, acht bhí Domhnall glic. Do stiúruigh sé na fir chun cabhal báid do dhéanamh sa choill. Do mhairbh sé aon cheann déag de'n méid capall do bhí aige. Do bhain an croiceann díobh agus thug a gcuid feóla le n-ithe de'n mhuirighean mhór, neamh- thairbheach bhí sé n-a chúram. Do thairgeadar na seithí go teann ar an mbád garbh so bhí déanta aca, agus ar an ochtmhadh lá do thosnuigheadar ar dhul treasna na habhann. Bhí a bhfurmór imthighthe anonn an tráth tháinig siriam na Bainríoghna agus buidhean láidir saighdiúirí ó Contae Thiobrad Árann ortha. Do dhírigheadar láithreach ar na hualaighibh do chreachadh agus na mná agus na paistí do chaitheamh isteach san abhainn. Acht bhí dorn fear troda fanta, agus do ionnsaigh- eadar so iad chómh fíochmhar san gur bh' éigin dóibh teicheamh agus chuaidh an chuid eile go slán thar an abhainn. (Ní críoch). Seaghán Ó Cuill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services