Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.

Title
Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEICHEAMH DHÓMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN
BHÉARA.
--
(ar leanmhaint).
--



Soir go Carraig an Easaigh do ghabhadar
ó'n nGleann Garbh, as soin go Céim an
Fhiaidh agus Béal Átha an Ghaorthaidh agus do
fhanadar an oidhche sin i mball go nglaodh-
tar Achadh Ros air, tuairim agus míle ó
thuaidh ó Bhéal Atha an Ghaorthaidh, ar an
mbóthar go Baile Mhúirne. Go luath san
dara lá do shroiseadar Baile Mhúirne, mar
a bhfuil cill Naoimh Ghobnatan. Do stad-
adar annso tamall agus do bhronn Dómhnall
agus mór-chuid dá dhaoinibh muinnteardha,
tabharthaistí ar altóir an Bhan-Naoimh seo agus
do iarradar uile ar Dhia tré ímpidhe
Naoimh Ghobnatan, congnamh do thabhairt
dóibh tríd an gcruadhtan do bhí rompa. Do
thosnuigh an cruadhtan soin luath go leór.
Do thugadar a n-aghaidh ó thuaidh ó Bhaile
Mhúirne, acht bhí clann Thaidhg Mhic Chárthaigh
ag imirt ortha fan na slighe. Acht cé gur
dheacair dóibh é, do chuadar ar aghaidh i
n-aimhdheóin an námhad.



Go deimhin muna mbeadh an cuma go
raibh na fir socruighthe ag Domhnall, do
raghadh sé dian ortha an turus fada so do
chríochnughadh. Bhí dá fhichid fear ar tosach,
- n-a ndiaidh sin na daoine leóinte na
mná agus na páistí, n-a n-diaidh sin na
hualaighe bhain leó agus an lón beag cogaidh
do bhí aca agus ar deire ar fad do bhí Dómhnall
féin agus an chuid eile de sna fearaibh. An
dara hoidhche do stadadar i gCrích Uí Chaoimh
i nDúith Eala. Ní bhfuaradar puinn
suaimhnis an oidhche sin ó mhuinntir na háite
agus bhí an t-ocrus ag cur ortha go géar.
Ní headh ná go raibh a ndóithin airgid aca
chum bídh do cheannach, acht ní leómhfadh éinne
é dhíol leó.



Ar maidin an tríomhadh lá do dhruideadar
leó go mear fé dhéin teóra Luimnigh ag
brath ar dhul chómh fada le Gleann Eatharlach
chum a scíth do ghlacadh ann ar feadh cúpla
lá, acht bhí an casán anois níos contabhar-
thaighe na bhí sé fós, idir an Ráth agus Cíll na
Mullach agus ins an dá bhall so buidheanta
laidre de shaighdiúiribh na Sacsan. Ní raibh
brath aca dul thar an abhainn do bhí rompa,
gan díol as agus níor mhisde an droch-dhóchas.



Nuair a thángadar go dtí an port ag Áth
Bhéil Lathaighe tháinig buidhean láidir i n-a
gcoinnibh fé stiúradh dhearbhráthar an
Bhiscount De Barra. Cuireadh na mná agus
na páistí ar deireadh de phas agus tháinig na
laochra ocracha chum tosaigh. Bhí an námhaid
ró-iomadamhail dóibh, acht bhí a fhios aca go
raibh deireadh ar fad leó dá mbuaidhfidhe
ortha. Ghabhadar tríotha "mar 'a gheóbhadh
seabhac tré scata mion-éan lá Márta," agus
muna mbeadh iad do bheith laguighthe roimh sé
ag an ocrus ní thiocfadh fear innsinte
scéil de sna Sasanachaibh a-bhaile. Do
dhruideadar leó go dtí Gleann Eatharlach
na fir láidre ag breith na ndaoine goineadh
le trí lá, leó eatorra. Acht ní fhéadfaidís
éan-scíth do ghlacadh annso, mar bhí an
námhaid ag bailiughadh timcheall agus bhí eagla
ortha go dtiocfaidís rompa ar na casánaibh
ó thuaidh go dtí an tSionainn.



Ar maidin déis an saghas bídh do bhí aca,
- luíbhnacha agus uisce, - do ithe, do chuireadar
dhíobh ó thuaidh. Bhí an cath ba mheasa fós
rompa an lá so; do sheasaimh sé ocht n-uaire
an chluig. Deir Ua Súilleabháin féin go
raibh an námhaid fiadhain ró-iomadmhail dá
fhearaibh féin, acht ná rabhadar chómh hoilte
i n-ealadhain chogaidh, agus thug sion an buadh do
chruaidh-fhearaibh Bhéarra. Do stracadar
tríotha agus ar aghaidh leó. Bhíodar uile ag
dul i luige as so amach ó'n ocrus agus ó bheith


L. 577


ag síor-throid le námhaid nuadh gach lá. Do
thuitidís ar an mbóthar le neart luige agus
deirtar gur imthigh cuid aca ar gealtaigh.
Na fir do chuirtí ag faire ist oidhche do
fachtaí marbh ar maidin iad. Ar dteacht
dóibh go Dún an Chaoil (Dunnohill) do
alpadar suas gach nídh i gclódh bídh do
fuaradar ann, i dtreó ná raibh i gcóir na
muinntire bhí ar deireadh, acht coirce agus a
amhail agus do itheadar iad so le hairc.



Ó thuaidh leó go Baile na Cille, Sliabh
Féilim agus Lothra agus ar an sémhadh lá d'Eanair
do shroiseadar coill Bhrosna ar bhruach na
Soineann, mar ar dheineadar scáth dhóibh fhéin
ó'n namhaid. B'í seo an chontabhairt ba mhó
fós — an abha ba mhó i nÉirinn ar a n-aghaidh
agus an námhaid go fíochmhar ar a dtóir. Ní
raibh cóir ar bith aca chun dul treasna na
habhann, acht bhí Domhnall glic. Do
stiúruigh sé na fir chun cabhal báid do
dhéanamh sa choill. Do mhairbh sé aon cheann
déag de'n méid capall do bhí aige. Do
bhain an croiceann díobh agus thug a gcuid
feóla le n-ithe de'n mhuirighean mhór, neamh-
thairbheach bhí sé n-a chúram. Do thairgeadar
na seithí go teann ar an mbád garbh so bhí
déanta aca, agus ar an ochtmhadh lá do
thosnuigheadar ar dhul treasna na habhann.
Bhí a bhfurmór imthighthe anonn an tráth
tháinig siriam na Bainríoghna agus buidhean
láidir saighdiúirí ó Contae Thiobrad Árann
ortha. Do dhírigheadar láithreach ar na
hualaighibh do chreachadh agus na mná agus na paistí
do chaitheamh isteach san abhainn. Acht bhí
dorn fear troda fanta, agus do ionnsaigh-
eadar so iad chómh fíochmhar san gur bh'
éigin dóibh teicheamh agus chuaidh an chuid eile
go slán thar an abhainn.



(Ní críoch).



Seaghán Ó Cuill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services