Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - An Ceó Draoidheachta.
Title
Scoil na Suadh - An Ceó Draoidheachta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. An Ceó Draoidheachta Gléas G. Go maordha. Eoghan Ruadh, do cheap na focail. An ceól as Ancient Irish Music, leath 42. I. Ceó draoidheachta 'gcuim oidhche do sheóil me Tre thíorthaibh mar óinmhid ar strae, Gan príomhcharaid díoghrais im chomhgar, Is mé 'gcríochaibh thar m'eól as i gcéin
Do shíneas go fíor-thuirseach deórach I gcoill chluthmhar chnomhar liom féin, Ag guidheachtain chun Ríogh ghil na glóire, 'S gan nidh 'r bith acht tróchair' im bhéal. II. Bhí líon-ruith im chroidhe-se gan gó ar bith San gcoill seo 's gan glór dhuine im ghaor Gan aoibhneas, acht binn-ghuth na smólach Ag síor-chantain ceóil ar gach géig; Lem thaoibh gur shuidh sídh-bhruinneal mhódhmhrach, I bhfíoghair is i gclódh chruith mar naomh, N-a gnaoi do bhí an lí gheal le rósaibh Ag coimheascar, 's nár bh'eól dam cia ghéill. III. Ba thrillseach tiugh buidhe casta ar ór-dhath A dlaoi-fholt go bróig leis an mbé, A braoithe gan timheal mar an ómar, A claoin-ruisc do beó-ghoin gach laoch; Ba bhinn blasta fíor-mhilis ceólmhar Mar shídh-chruit gach nóta ó n-a béal, 'S ba mhín cailce a cíoch chruinne i gcóir chirt Dar linne nár leónadh le haon. Nóta: – Is féidir an chuid eile den amhrán so d'fhaghail i nAmhráin Eoghain Ruaidh, leis an Athair Pádraig Ó Duinnín, leathanach 32. Táimid buidheach dhen Dochtúir Seóighe a thug cead dúinn chun an fonn a chur i gcló.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services