Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - An Ceó Draoidheachta.

Title
Scoil na Suadh - An Ceó Draoidheachta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 570


Scoil
na
Suadh.



An Ceó Draoidheachta



Gléas G. Go maordha.



Eoghan Ruadh, do cheap na focail.
An ceól as Ancient Irish Music, leath 42.



I.



Ceó draoidheachta 'gcuim oidhche do sheóil me
Tre thíorthaibh mar óinmhid ar strae,
Gan príomhcharaid díoghrais im chomhgar,
Is mé 'gcríochaibh thar m'eól as i gcéin


L. 571


Do shíneas go fíor-thuirseach deórach
I gcoill chluthmhar chnomhar liom féin,
Ag guidheachtain chun Ríogh ghil na glóire,
'S gan nidh 'r bith acht tróchair' im bhéal.



II.



Bhí líon-ruith im chroidhe-se gan gó ar bith
San gcoill seo 's gan glór dhuine im ghaor
Gan aoibhneas, acht binn-ghuth na smólach
Ag síor-chantain ceóil ar gach géig;
Lem thaoibh gur shuidh sídh-bhruinneal mhódhmhrach,
I bhfíoghair is i gclódh chruith mar naomh,
N-a gnaoi do bhí an lí gheal le rósaibh
Ag coimheascar, 's nár bh'eól dam cia ghéill.



III.



Ba thrillseach tiugh buidhe casta ar ór-dhath
A dlaoi-fholt go bróig leis an mbé,
A braoithe gan timheal mar an ómar,
A claoin-ruisc do beó-ghoin gach laoch;
Ba bhinn blasta fíor-mhilis ceólmhar
Mar shídh-chruit gach nóta ó n-a béal,
'S ba mhín cailce a cíoch chruinne i gcóir chirt
Dar linne nár leónadh le haon.



Nóta: – Is féidir an chuid eile den amhrán so d'fhaghail i nAmhráin Eoghain Ruaidh, leis an Athair Pádraig
Ó Duinnín, leathanach 32. Táimid buidheach dhen Dochtúir Seóighe a thug cead dúinn chun an fonn a
chur i gcló.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services