Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE. Donnchadh Ó Laoghaire do scríobh. (ar leanmhaint.) Bhí Rula san bhFrainnc ar feadh bheathadh Bhriain agus diúcaidheacht na Normannach curtha ar bun aige. Bhí Suén san am chéadna i mBreatain agus an tír sin curtha fá smacht aige. Ghaibh uabhar agus náire Lochlannaigh na hÉireann, a rádh go leog- faidís uatha an t-oilean úr-ghlas so. Thug- adar, na Lochlannaigh iarracht ar theacht isteach go Loch Feabhail san mbliadhain 1012, acht chuir Brian an ruaig ortha san mbliadhain chéadna. B'éigean do Mhurchadh agus do Mhaolsheachlainn sluagh do thógaint leó agus cosc do chur leó i gCúige Laigh- ean agus san Midhe. San mbliadhain seo leis tháinig na Lochlannaigh isteach go Corcaigh agus dhóghadar an chathair, acht chuir taoisigh na háite sin an ruaig ortha. An t-aon chogadh amháin sin, do bhí ag gor ar feadh dhá chéad bliadhain idir mhuinntir na hÉireann agus na Danair, bhí sé nach mór ar chois aca anois. B'é an cath déidheannach anois é idir Phágánaigh agus Chríostuidhthe ar thalamh na hÉireann. Ní raibh anois ó sna Laighnigh agus na Lochlannaigh, acht "féach cad do cham srón firín." Deirthear nách iad na Danair ba chionntach leis an gcath so do bhrostughadh acht Maolmórdha. Bhí Maolmórdha Flaith Chúige Laighean ag imirt fidhchille lá ag Ceann Coradh i bpálás Bhriain, agus do dhein sé botún éigin agus do thug Murchadh fá ndeara é agus dúbhairt sé nár bh'aon iongnadh gur cuireadh ruaig ar na Lochlannaigh a cháirde, ag Gleann Máma, má thug sé cómhairle mar sin dóibh. Do éirigh Maolmórdha ar buile de dheascaibh na fírinne do insint do, agus d'órduigh sé a chapall d'fhagháil do, agus do ghread sé leis chómh mear agus d'fhéad sé. Nuair d'airigh Briain é, chuir sé teachtaire n-a dhiaidh gan moill dhá rádh leis filleadh thar n-ais, acht nuair a tháinig an teachtaire suas leis, d'eitigh sé é agus ní thiocfadh sé thar n-ais. Dhein Maolmórdha caradas láithreach baill leis na Lochlannaigh san mbaile agus thar lear, agus b'é seo fé ndeara an cogadh fuilteach do fearadh san mbliadhain 1014, i n-ar thóg gach Lochlannach ó Oileán Mhanainn go Críochaibh Dhanmarg páirt ann. Bhí Maolmórdha agus cínn feadhma na Lochlannach ag cur a gcamthaidhe le chéile go tiugh. Chuireadar scéala chum gach áit n-a raibh na Danair n-a gcomhnuidhe.
Chuir Sítric "an Mheigil Shíoda" scéala ag triall ar Shigurd Iarla Oileán Orc agus mar an gcéadna chum Bródair agus Amhlaoibh do bhí i nOileán Mhanainn, agus dhá Iarla bhí i dtuaisceart na Breataine agus do ghealladar so dho go mbeidís i mBaile Átha Cliath um Dhomhnach na Failime mar b'é sin an lá bhí ceapathe ag na Lochlannaigh bheith i bhfochair a chéile i mBaile Átha Cliath. Bí Bródar na Chríostuidhe aon uair amháin, acht anois d'adhair sé na deamhain phágánacha. Bhí cóta iarainn air, ná raibh sé ar chumas arm faoibhir, aon lámh do dhéanamh dhe, agus bhí a ghruaig chómh fada soin, go mbíodh sí sáithte fé na chrios aige, bhí sé árd agus láidir dá réir sin. Bhí cabhlach mór ag an dá Dhanar so .i. Bródar agus Amlaoibh go raibh dhá mhíle Lochlannach ann, agus ná raibh urraim do Dhia ná dhuine ná do chill aca. Do tháinig maraon leó so, míle fear clúd- uighthe i gcóthaíbh iarainn ó'n gceann go troigh; óir ba scannramhail an dream iad so, mar do throid na hÉireannaigh gan aon sciath mar ba ghnáth. Do tháinig congnamh ó áitibh eile leis; thángadar ó'n bhFrainnc ó'n nGearmáin ó sna hOileáin agus ó Chríochaibh Lochlann. An fhaid a bhí Sitric ag bailiughadh lasmuigh mar ní raibh Maolmórdha na chodladh i gCúige Laighean, mar airighmíd go raibh naoi míle fear cnuasta aige, agus go raibh gach Lochlannach anois ullamh chum buille dásachtach do bhualadh chum a gcómhacht do aith-ghabháil arís. Ní raibh mórán aimsire le cailleamhaint anois ag an seana-leomhan groidhe. Bhí a fhios go maith ag Briain go raibh na Lochlannaigh ag déanamh uisce fé thalamh, agus dá bhrigh sin chnuasuigh sé sluagh áidhbhéil, agus cé gur dhíth-choróinigh sé Maolsheachlainn tamall roimhe sin, anois nuais bhí sé i gcontabhairt do chabhruigh Maolsheachlainn leis go fonnmhar. Timcheall Lá Fhéile Pádruig do chuir Briain a longphort fé ag Cill-Mhaghnáin ar an bfaithche bhféar- uaithne ar a nglaodhaid siad anois Páirc an Fhíor-Uische, thug sé teine do cheanntair na Lochlannach timcheall Bhaile Átha Cliath, i dtreó go bhfacadar go gléineach an tír ó Baile Átha Cliat go Binn Éadair n-a ndearg-lasair timcheall ortha. Nuair cho- naic na Danair an léir-scrios so ghaibh cúthach feirge iad, agus chinneadar ar chath do thabhairt uatha gan moill. Shrois Bródar agus a sluaighte caladh Bhaile Átha Cliath Domhnach na Failime an t-ochtamhadh lá déag d'Aibreán san mbliadain 1014. Nuair bhí na Laighnigh agus na Lochlannaigh cnuasda ag Baile Átha Cliath, chuir Brian sluagh de Chlainn Chais fé n-a mhac Donnchadh chum Cúige Laighean do scrios i gan fhios dóibh acht chuir fealltóir éigin i longphort Bhriain scéala ar an nídh seo ag triall ar Mhaolmórda agus dá dheascaibh sin, bhí Maolmórdha ag iarraidh an chatha do bhrostughadh. Deirthear linn ná raibh Brian ar aigne aon chath do thabhairt uaidh chum go mbeadh an caradas ar leathtaoibh, mar nár theastuigh uaidh fuil do dhortadh san aimsir bheannaighthe sin. 'Sé an fáth gur theastuigh ó sna Lochlannaigh cath do thabhairt uatha Dia hAoine, mar do gheall déithe éigin do Bhródar dá mbuailfeadh sé an cath ar an Aoine go dtuitfeadh Brian san ngleo: agus thar gach Aoine san mblia- dhain, b'í seo Aoine an Chéasta. Chuir Maol- mórdha scéala ag triall ar Bhrian an Diardaoin roimhe sin, bheith ag Cluain-tairbh an mhaidin do bhí chughainn. Is i gcoinnibh a thola do bhí Brian ag dul chum gleóidh ar an lá solamanta soin, acht sí raibh aon dul as aige. Ar bhreacadh an lae ar mhaidin Dia hAoine an tríomhadh lá fichead d'Aibreán san
mbliadhain éachtach úd 1014, ghluais an sluagh Gaedhealach ó n-a longphort i dtrí rannaibh. Bhíodar anois ar aigne an t-aon bhuille éachtach amháin úd do bhualadh ar son a dtíre agus a gcreidimh. San tsluagh thosaigh bhí Clann Chais fé Mhurchadh; n-a ndiaidh san tháinig fir na Mumhan fé O'Faoláin flaith na nDéiseach, agus b'iad na Connach- taigh an treas roinn do bí ann fé Ua hÉidhin agus Ua Ceallaigh. Tháinig na maoir mhóra ó Albain ann an lá soin chum cabhrughadh le Brian. Chabhruigh Ua Mórdha agus Ua Nualláin Laighean leis an lá soin. Níor thug Niallaigh Chúige Uladh cabhair ná congnamh do Bhrian an lá soin. Bhí gach duine de shliocht an tsean-roígh ann le na thaoibh chum troda ar a shon: a mhic ar fad agus mac mic leis dar b'ainm Toirdhealbhach, garsún óg chúig bhliadhna déag. Bhí Donnchadh i n-easnamh ortha, mar bhí sé féin agus cuid de Chlainn Chais i gCúige Laighean, acht bhí súil ag Brian go mbeadh sé thar n-ais. Bhí na ranna chómh dhlúthuighthe ar a chéile an lá úd, nár mhisde dhuit carbad do thiomáint os cionn a gceann. Bhí na Laighnigh agus na Lochlannaig i dtrí rannaibh leis. San tsluagh thosaigh bhí na hallimhuraigh fe Bhródar agus Shigurd: lastiar dhíobh so, bhí Loch- lannaigh Bhaile Átha Cliath fe thaoiseach dar bh'ainm Dubhghall; agus b'iad fir chúige Laighean an treas roinn, fe stiúir Mhaol- mhórdha. Ní raibh Sitric san gcath mar b'éigin do fanamhaint lastiar chum na cathrach do chosaint. Do réir bharamhail na sean-úghdar do bhí timcheall fiche míle fear an lá soin ar gach taobh ar pháirc an bhualaidh. San am tráthamhail seo, b'éidir nár mhisde dham, beagán do chur síos ar chathair Baile Átha Cliath agus ar Chluain Tairbh. Bhí an chathair an uair úd ar an dtaobh theas den Life ar fad agus bhí na sráideanna beaga cúmhanga mór-thimcheall dúin na Lochlannach, mar a bhfuil caisleán Bhaile Átha Cliath anois. Bhí an ceanntar ar an dtaobh thuaidh den Life an uair úd n-a mhachaire réidh, ó Pháirc an Fhíor-Uisce go Cluain Tairbh. Bhí coill ag fás san áit seo dar bh'ainm di Coill Thómair, agus do leath sí ó Dhruim Chonnartha go bruachaibh na Life, agus ní raibh aon dul agat ar an gcathair do shroisint ó'n gcliathán sin acht ag Droichead Dhubhghaill, beagán slighe dtaobh thuas de sna Cheithre Cúirtibh. Ní raibh aon teóra leis an Life an uair úd, agus do leath sí amach san áit go bhfuil Tigh an Chostuim, Sráid Éimín, agus Ceann-riain Bhóthar Iarainn an Tuaiscirt. Shrois páirc an chatha ó Shráid Uí Chonaill Uachtarach go dtí an Tolca, agus fá'n trágh go Cluain Tairbh. Bhí na Lochlannaigh anois n-a seasamh agus a ndruim leis an bhfairrge aca. Sheasaimh Maolsheachlainn agus a chuid fear ar an gcnocán i n-aice na Cabraighe. Timcheall na Tolca bhí an chuid ba dhásachtaighe den chath mar a bhfuil an chorradh nó beagán dtaobh thuas de mar a bhfuil Droichead Bhaile Bocht anois; gairmid cuid de sna sean ughdair Ghaedhealcha "Cath Corradh Chluain Tairbh " ar an gcath so. Pé ainm do thabharfar ar an áit gur fearadh é chómh fada agus bheidh na Gaedhil beó, cluinfear trácht ar Chluain Tairbh." (Ní críoch.) Chífar i gclódh i n-áit eile cunntaistí airgid ag baint leis an "IRISH PROVIDENT ASSURANCE COMPANY, LIMITED." Ar shon ná fuil an Cumann so ar bun le fada, timcheall chúig bhliadhna is fuirist aithint as na cunntaisí so go bhfuilid ag treabhadh rompa go buacach. Tá Gaedhilgeóirí ins an Oiffig ag an gCumann so, agus deinid mórán dá gcuid oibre tríd an nGaedhilg. Is maith an chomhartha é seo, is tá súil againn ná heiteoghaidh Gaedhilgeóirí Bhaile Átha Cliath is na tuaithe iad. Is ceart dúinn i gcomhnuidhe cabhrughadh le n-ár muinntir féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services