AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE.
Donnchadh Ó Laoghaire
do scríobh.
(ar leanmhaint.)
Bhí Rula san bhFrainnc ar feadh bheathadh
Bhriain agus diúcaidheacht na Normannach
curtha ar bun aige. Bhí Suén san am
chéadna i mBreatain agus an tír sin curtha
fá smacht aige. Ghaibh uabhar agus náire
Lochlannaigh na hÉireann, a rádh go leog-
faidís uatha an t-oilean úr-ghlas so. Thug-
adar, na Lochlannaigh iarracht ar theacht
isteach go Loch Feabhail san mbliadhain
1012, acht chuir Brian an ruaig ortha san
mbliadhain chéadna. B'éigean do Mhurchadh
agus do Mhaolsheachlainn sluagh do thógaint
leó agus cosc do chur leó i gCúige Laigh-
ean agus san Midhe. San mbliadhain seo
leis tháinig na Lochlannaigh isteach go
Corcaigh agus dhóghadar an chathair, acht chuir
taoisigh na háite sin an ruaig ortha.
An t-aon chogadh amháin sin, do bhí ag gor
ar feadh dhá chéad bliadhain idir mhuinntir na
hÉireann agus na Danair, bhí sé nach mór
ar chois aca anois. B'é an cath déidheannach
anois é idir Phágánaigh agus Chríostuidhthe
ar thalamh na hÉireann. Ní raibh anois ó
sna Laighnigh agus na Lochlannaigh, acht "féach
cad do cham srón firín." Deirthear nách
iad na Danair ba chionntach leis an gcath
so do bhrostughadh acht Maolmórdha. Bhí
Maolmórdha Flaith Chúige Laighean ag imirt
fidhchille lá ag Ceann Coradh i bpálás
Bhriain, agus do dhein sé botún éigin
agus do thug Murchadh fá ndeara é agus
dúbhairt sé nár bh'aon iongnadh gur cuireadh
ruaig ar na Lochlannaigh a cháirde, ag
Gleann Máma, má thug sé cómhairle mar
sin dóibh. Do éirigh Maolmórdha ar buile
de dheascaibh na fírinne do insint do, agus
d'órduigh sé a chapall d'fhagháil do, agus do
ghread sé leis chómh mear agus d'fhéad sé.
Nuair d'airigh Briain é, chuir sé teachtaire
n-a dhiaidh gan moill dhá rádh leis filleadh
thar n-ais, acht nuair a tháinig an teachtaire
suas leis, d'eitigh sé é agus ní thiocfadh sé
thar n-ais. Dhein Maolmórdha caradas
láithreach baill leis na Lochlannaigh san
mbaile agus thar lear, agus b'é seo fé
ndeara an cogadh fuilteach do fearadh san
mbliadhain 1014, i n-ar thóg gach Lochlannach ó
Oileán Mhanainn go Críochaibh Dhanmarg
páirt ann. Bhí Maolmórdha agus cínn
feadhma na Lochlannach ag cur a gcamthaidhe
le chéile go tiugh. Chuireadar scéala chum
gach áit n-a raibh na Danair n-a gcomhnuidhe.
Chuir Sítric "an Mheigil Shíoda" scéala ag
triall ar Shigurd Iarla Oileán Orc agus
mar an gcéadna chum Bródair agus Amhlaoibh
do bhí i nOileán Mhanainn, agus dhá Iarla
bhí i dtuaisceart na Breataine agus do
ghealladar so dho go mbeidís i mBaile Átha
Cliath um Dhomhnach na Failime mar b'é sin
an lá bhí ceapathe ag na Lochlannaigh bheith i
bhfochair a chéile i mBaile Átha Cliath. Bí
Bródar na Chríostuidhe aon uair amháin, acht
anois d'adhair sé na deamhain phágánacha.
Bhí cóta iarainn air, ná raibh sé ar chumas
arm faoibhir, aon lámh do dhéanamh dhe, agus
bhí a ghruaig chómh fada soin, go mbíodh sí
sáithte fé na chrios aige, bhí sé árd agus
láidir dá réir sin. Bhí cabhlach mór ag an
dá Dhanar so .i. Bródar agus Amlaoibh go
raibh dhá mhíle Lochlannach ann, agus ná raibh
urraim do Dhia ná dhuine ná do chill aca.
Do tháinig maraon leó so, míle fear clúd-
uighthe i gcóthaíbh iarainn ó'n gceann go
troigh; óir ba scannramhail an dream iad
so, mar do throid na hÉireannaigh gan aon
sciath mar ba ghnáth. Do tháinig congnamh ó
áitibh eile leis; thángadar ó'n bhFrainnc
ó'n nGearmáin ó sna hOileáin agus ó
Chríochaibh Lochlann. An fhaid a bhí Sitric ag
bailiughadh lasmuigh mar ní raibh Maolmórdha
na chodladh i gCúige Laighean, mar airighmíd
go raibh naoi míle fear cnuasta aige, agus
go raibh gach Lochlannach anois ullamh chum
buille dásachtach do bhualadh chum a gcómhacht
do aith-ghabháil arís.
Ní raibh mórán aimsire le cailleamhaint
anois ag an seana-leomhan groidhe. Bhí a
fhios go maith ag Briain go raibh na
Lochlannaigh ag déanamh uisce fé thalamh, agus
dá bhrigh sin chnuasuigh sé sluagh áidhbhéil, agus
cé gur dhíth-choróinigh sé Maolsheachlainn
tamall roimhe sin, anois nuais bhí sé i
gcontabhairt do chabhruigh Maolsheachlainn
leis go fonnmhar. Timcheall Lá Fhéile
Pádruig do chuir Briain a longphort fé
ag Cill-Mhaghnáin ar an bfaithche bhféar-
uaithne ar a nglaodhaid siad anois Páirc
an Fhíor-Uische, thug sé teine do cheanntair
na Lochlannach timcheall Bhaile Átha Cliath,
i dtreó go bhfacadar go gléineach an tír
ó Baile Átha Cliat go Binn Éadair n-a
ndearg-lasair timcheall ortha. Nuair cho-
naic na Danair an léir-scrios so ghaibh
cúthach feirge iad, agus chinneadar ar chath
do thabhairt uatha gan moill. Shrois Bródar
agus a sluaighte caladh Bhaile Átha Cliath
Domhnach na Failime an t-ochtamhadh lá déag
d'Aibreán san mbliadain 1014. Nuair bhí
na Laighnigh agus na Lochlannaigh cnuasda
ag Baile Átha Cliath, chuir Brian sluagh
de Chlainn Chais fé n-a mhac Donnchadh chum
Cúige Laighean do scrios i gan fhios dóibh
acht chuir fealltóir éigin i longphort Bhriain
scéala ar an nídh seo ag triall ar Mhaolmórda
agus dá dheascaibh sin, bhí Maolmórdha ag
iarraidh an chatha do bhrostughadh. Deirthear
linn ná raibh Brian ar aigne aon chath do
thabhairt uaidh chum go mbeadh an caradas
ar leathtaoibh, mar nár theastuigh uaidh fuil
do dhortadh san aimsir bheannaighthe sin. 'Sé
an fáth gur theastuigh ó sna Lochlannaigh cath
do thabhairt uatha Dia hAoine, mar do gheall
déithe éigin do Bhródar dá mbuailfeadh sé
an cath ar an Aoine go dtuitfeadh Brian
san ngleo: agus thar gach Aoine san mblia-
dhain, b'í seo Aoine an Chéasta. Chuir Maol-
mórdha scéala ag triall ar Bhrian an
Diardaoin roimhe sin, bheith ag Cluain-tairbh an
mhaidin do bhí chughainn. Is i gcoinnibh a
thola do bhí Brian ag dul chum gleóidh ar
an lá solamanta soin, acht sí raibh aon dul
as aige.
Ar bhreacadh an lae ar mhaidin Dia hAoine
an tríomhadh lá fichead d'Aibreán san
mbliadhain éachtach úd 1014, ghluais an
sluagh Gaedhealach ó n-a longphort i dtrí
rannaibh. Bhíodar anois ar aigne an t-aon
bhuille éachtach amháin úd do bhualadh ar son
a dtíre agus a gcreidimh. San tsluagh
thosaigh bhí Clann Chais fé Mhurchadh; n-a
ndiaidh san tháinig fir na Mumhan fé O'Faoláin
flaith na nDéiseach, agus b'iad na Connach-
taigh an treas roinn do bí ann fé Ua hÉidhin
agus Ua Ceallaigh. Tháinig na maoir mhóra
ó Albain ann an lá soin chum cabhrughadh le
Brian. Chabhruigh Ua Mórdha agus Ua
Nualláin Laighean leis an lá soin. Níor thug
Niallaigh Chúige Uladh cabhair ná congnamh
do Bhrian an lá soin. Bhí gach duine de
shliocht an tsean-roígh ann le na thaoibh chum
troda ar a shon: a mhic ar fad agus mac
mic leis dar b'ainm Toirdhealbhach, garsún
óg chúig bhliadhna déag. Bhí Donnchadh i
n-easnamh ortha, mar bhí sé féin agus cuid
de Chlainn Chais i gCúige Laighean, acht bhí
súil ag Brian go mbeadh sé thar n-ais.
Bhí na ranna chómh dhlúthuighthe ar a chéile an
lá úd, nár mhisde dhuit carbad do thiomáint
os cionn a gceann. Bhí na Laighnigh agus
na Lochlannaig i dtrí rannaibh leis. San
tsluagh thosaigh bhí na hallimhuraigh fe Bhródar
agus Shigurd: lastiar dhíobh so, bhí Loch-
lannaigh Bhaile Átha Cliath fe thaoiseach dar
bh'ainm Dubhghall; agus b'iad fir chúige
Laighean an treas roinn, fe stiúir Mhaol-
mhórdha. Ní raibh Sitric san gcath mar
b'éigin do fanamhaint lastiar chum na
cathrach do chosaint. Do réir bharamhail na
sean-úghdar do bhí timcheall fiche míle fear
an lá soin ar gach taobh ar pháirc an bhualaidh.
San am tráthamhail seo, b'éidir nár mhisde
dham, beagán do chur síos ar chathair Baile
Átha Cliath agus ar Chluain Tairbh. Bhí an
chathair an uair úd ar an dtaobh theas den
Life ar fad agus bhí na sráideanna beaga
cúmhanga mór-thimcheall dúin na Lochlannach,
mar a bhfuil caisleán Bhaile Átha Cliath anois.
Bhí an ceanntar ar an dtaobh thuaidh den
Life an uair úd n-a mhachaire réidh, ó Pháirc
an Fhíor-Uisce go Cluain Tairbh. Bhí coill
ag fás san áit seo dar bh'ainm di Coill
Thómair, agus do leath sí ó Dhruim Chonnartha
go bruachaibh na Life, agus ní raibh aon dul
agat ar an gcathair do shroisint ó'n
gcliathán sin acht ag Droichead Dhubhghaill,
beagán slighe dtaobh thuas de sna Cheithre
Cúirtibh. Ní raibh aon teóra leis an Life an
uair úd, agus do leath sí amach san áit go
bhfuil Tigh an Chostuim, Sráid Éimín, agus
Ceann-riain Bhóthar Iarainn an Tuaiscirt.
Shrois páirc an chatha ó Shráid Uí Chonaill
Uachtarach go dtí an Tolca, agus fá'n
trágh go Cluain Tairbh. Bhí na Lochlannaigh
anois n-a seasamh agus a ndruim leis an
bhfairrge aca. Sheasaimh Maolsheachlainn agus
a chuid fear ar an gcnocán i n-aice na
Cabraighe. Timcheall na Tolca bhí an chuid
ba dhásachtaighe den chath mar a bhfuil
an chorradh nó beagán dtaobh thuas de mar
a bhfuil Droichead Bhaile Bocht anois;
gairmid cuid de sna sean ughdair Ghaedhealcha
"Cath Corradh Chluain Tairbh " ar an gcath so.
Pé ainm do thabharfar ar an áit gur fearadh
é chómh fada agus bheidh na Gaedhil beó,
cluinfear trácht ar Chluain Tairbh."
(Ní críoch.)
Chífar i gclódh i n-áit eile cunntaistí airgid ag
baint leis an "IRISH PROVIDENT ASSURANCE
COMPANY, LIMITED." Ar shon ná fuil an Cumann so
ar bun le fada, timcheall chúig bhliadhna is fuirist
aithint as na cunntaisí so go bhfuilid ag treabhadh
rompa go buacach. Tá Gaedhilgeóirí ins an Oiffig ag
an gCumann so, agus deinid mórán dá gcuid oibre tríd
an nGaedhilg. Is maith an chomhartha é seo, is tá súil
againn ná heiteoghaidh Gaedhilgeóirí Bhaile Átha Cliath
is na tuaithe iad. Is ceart dúinn i gcomhnuidhe
cabhrughadh le n-ár muinntir féin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11