Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"IS MALLUIGHTHE 'N DRAM TUÍNN- CÉÍRÍ." (Ar leanamhaint). Annsoin, chrom sé isteach chun na teineadh, mar 'dheadh, idir an mbeirt; acht i n-inad an phíopa a chur ar an sméaroid do chas sé a lámh chlé mór-thimcheall muiníl na mná ruaidhe, agus do chuir sé dhá mhéir leis fé n-a smigín go deas ceanamhail agus do thug póg di a aireóghfá amuigh ar an mbóthar. Ar eagla ná beadh an tobac tuillte i gceart aige do thug sé dhá phóig eile go tur te i ndiaidh a chéile dhi ar an láthair sin. Ní fuláir ná gur shíl fear na leath-shúil nuair airigh sé fuaim na bpóg ar an dtaobh gcaoch dhe gur ag tarrac an phíopa a bhí Radhairí — agus go deimhin is dóigh liom go n-aon- toghaidh an léightheóir liom nuair adeirim gur ró-bheag an deifiridheacht atá idir an dá fhuaim; nílim ag cur éinnídh i léith an léightheóra, tá fhios agat, acht ma tá an caipín oireamhnach do tógadh sé é. Ar aon- tslighe ní hé tuínncéir na leath-shúil an chéad duine a chonaic cad a bhí ar siubhal ag Radhairí acht na tuínncéirí a bhí ar an dtaobh thall de'n teinteán. Phú-u!! Do bhíos-sa ag an ndoras an taca so agus an dorus ar dian-leathadh agam. Níor thúisce bhí an phóg dheireanach tabhartha ag Radhairí uaidh ná bhí sé ar thaobh amuigh de'n táirsigh. Do bhí ciall cheanaigh fáltha agam sa ó'n uair úd cheana nár ruitheas i n-am, ach im baisce ní rabhas ar deireadh an turus so. Níor bh' fhada an mhoill a bhí ar na tuínncéirí ach chómh beag. Ba bheag ná go rabhadar plucaithe anuas ar a chéile sa dorus a d'iarraidh cé ba thúisce bheadh amuigh chun beortha orainn-na. Ach ba mhaith a mhaise sin ag ár gcara é - fear na leath-shúil; do b'é, gan amhras, a shrois leac an doruis ar dtúis. Do bhí poll mór doimhinn, draoibe i gcomhnuidhe riamh ag béal doruis na Cúilfhinne. Níor thiormuigh an loch lathaighe úd i gcaitheamh an tsamhraidh a thacht na muca le brothal, ach chumh beag leis an* ngeimheadh a bádh Claédadh le fliche. Níor bh' aon mhairtíneach a fhéadfach dul ó dhorus go bóthar nó ó bhóthar go dorus gan tomadh fagáil sa phludaigh úd muna mbeadh tathaighe mhaith aige ar an áit. Do chaithfá, ag teacht amach dhuit, baoth-léim a thabhairt ó leic a' doruis go charraig a bhí i lár an phuill, agus poc-léim eile ó'n gcarraig go leic a bhí tamall amach uaidh sin, agus ar sheana- phlonnc daraighe duibhe as sin go bóthar leat. Do bhí cosáinín beag cumhang eile fan fhala an tighe go ngabhadh sean-daoine ann agus daoine ná bíodh deithineas ortha fé mar a bhí orainn-na an oidhche úd. Tuínncéir na leath-shúil, mar adubhart an chéad duine a réidhtigh é féin as an mbulca a bhí sa dorus. Do b'fheidir gurbh amhlaidh ná raibh an tsúil a bhí chómh aicillídhe
úd istigh sa tsolus, chómh géar-radharcach- san amuigh sa doircheacht; acht pé scéal é nuair a thug sé léim as a chorp fé dhéin na cairge, mo chreach chráidhte cár thúirling sé ná sa bhall ba dhoimhne den loch. Badh dhóigh leat thar a bhfeacaís riamh id' shúilibh cinn gur chaora é a bheadh agat dá nighe i bpoll abhann do bhí an oiread soin ionn- fhairtála agus spriútála aige ar fuid an phuill; ach ní ghá nighe a bhí an tuínncéir annsúd acht a mhalairt. Snámhuidhe ceart a b'eadh é dá bhfaghadh sé ceart, mar do chonaiceamair le solus an gheatire a thug duine de sna mnáibh go dorus, go dtugadh sé roinnt bhuillí snáimh anois is arís, acht do coirtí é le raimhreacht an phludaidh. Fé dheireadh do bhéic sé go raibh sé báidhte agus nuair a tairgeadh amach é ba ró- bheag ná go raibh. Níor leanadar sinn-na ní ba shia go háirithe. "Tabhair dhom mo cheathramhadh thobac," arsa Radhairí, "sara dtéidhir a thuileadh." "Mo choinsias go dtabharfad," arsa mé féin, "tá sé tuillthe go diail agat. Do thabharfainn an rolla tobac is mó i gCill Áirne ar a bhfuil de shult feicithe agam anocht." Do bhíos ag tarac scillinge agus dhá pingin (fiacha na ceathramhan) amach as mo phóca chun iad a thabhairt do nuair a chualamair coiscéimí chughainn aníos an bóthar. "Si," arsa Radhairí, "seo Domhnall Mór ag teacht a-bhaile; leogaimís do dul isteach; beidh sult againn. Aireóghair cliotar istigh chómh luath is raghaidh Domhnall isteach." Siúd isteach é is gan fios ar aon rud aige. Do bhuail sé an dorus le cúpla buille beag de bhara na ráinne a bhí 'n-a láimh. Gan amhras do shíl an mhuinntir istigh go rabhthas chun catha chur ortha arís. Do múchadh [an t-ádhbhar beag soluis a bhí laistigh agus ba léir go rabhadar ag ullmhughadh chun troda chosanta a dhéanamh ó istigh. Do bhuail Domhnall an doras arís go feargach, agus dubhairt sé an dorus d'oscailt, go neamh-maitheach. Do leath- fhoscaladh an dorus ón dtaobh istigh. Do bhí an dorus íseal agus nuair a chrom Domhnall a cheann chun dul isteach do beireadh ar bhathas air agus do tairgeadh isteach ar shop cinn é gan féachaint, gan fiafhraighe cé bhí ann. Do leagadh ar a smúsaigh ar an urlár é le buille de rud éigin sa chúl, agus do léim an chailleach gur thagras di ó chiainibh, ar a glúnaibh anuas idir an dá shlinneán air. Is beag ná gur baineadh a mheamhair de le hobanacht agus le fealltacht na troda a cuireadh air. Do thuig sé de phas ámh go raibh sé air aige a anam a chosaint, cé ná raibh fhios aige cé'r bh'iad a námhaid, ná cadé an chúis a bhí aca air. Deireadh sé 'na dhiaidh san gur shíl sé gurbh iad na deamhin aeir a bhí dh'éis teacht agus sealbh an tighe a ghabháil ó fhág sé an baile. Níor b'fhuruiste fearg a chur ar Dhomhnall, ach nuair a curfaidhe fearg a dá ríribh a b'eadh í. Do bhí an stailc ag teacht ann anois. Do chroith sé dhe a raibh de sna tuínncéirí sa bhuaic air. D'éirigh sé ar a chromhnaibh agus as soin ar a chosaibh. Do choingibh sé greim ar an ráinn i gcaitheamh a chloipidhe, agus níor bh'fhada an mhoill air tosnughadh ar úsáid a dhéanamh di go neamh-scrupalach. "Dar seo sód," ar sé, "pé hiad sibh ní mhaireóbhaidh sibh mise im' theinteán féin gan fhíos cad n-a thaobh, agus gan fuil do dhortadh go flúirseach ar a laighead." Do bhain sé casadh as an ráinn os cionn a chinn mar a bhainfeadh duine a bheadh ag bualadh choirce le súiste. Do bhí fear na leath- shúil ag brút isteach air. Do ráinig gur
chuir sé a cheann laistigh de réim na ráinne, agus do buaileadh fan na cluaise é le clabtóig de dhrom na ráinne agus do cuireadh le fuinneamh an bhuille ar bhior a chinn isteach i bhfuilín na gcearc is na lachan é mar a raibh cuideachta ghlórach aige feadh tamaill. B'in an té ba chródha de namhaidibh Dhomhnaill ar lár, pé scéal é. Do bhí spás glanta ag Domhnall timcheall air leis an ráinn agus níor bh'fhoruiste teacht 'n-a ghoire. Do b'fhearr go mór d'arm-troda an ránn ná aon arm dá raibh i lamha na dtúinncéirí; agus do bhí airm fill go leór aca, ursail, casúir, agus giuirléidí eile a bhainean le n-a gcéird; acht ba shia an ránn ná iad, agus ba mharibhthighe an buille bhí innti ná iad go léir. Andaigh ba chuma í nó "long tom" na mBórach i gcoinnibh ghunaí gheárr-urchair Sheagháin Bhuidhe chun a shaighdiúirí a choimeád i gcúl. [Ní críoch]. Diarmuid ó Muimhneachain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services