Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).

Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 565


"IS MALLUIGHTHE 'N DRAM TUÍNN-
CÉÍRÍ."



(Ar leanamhaint).



Annsoin, chrom sé isteach chun na teineadh,
mar 'dheadh, idir an mbeirt; acht i n-inad an
phíopa a chur ar an sméaroid do chas sé a lámh
chlé mór-thimcheall muiníl na mná ruaidhe, agus
do chuir sé dhá mhéir leis fé n-a smigín go
deas ceanamhail agus do thug póg di
a aireóghfá amuigh ar an mbóthar. Ar
eagla ná beadh an tobac tuillte i gceart
aige do thug sé dhá phóig eile go tur te i
ndiaidh a chéile dhi ar an láthair sin. Ní
fuláir ná gur shíl fear na leath-shúil nuair
airigh sé fuaim na bpóg ar an dtaobh gcaoch
dhe gur ag tarrac an phíopa a bhí Radhairí —
agus go deimhin is dóigh liom go n-aon-
toghaidh an léightheóir liom nuair adeirim
gur ró-bheag an deifiridheacht atá idir an
dá fhuaim; nílim ag cur éinnídh i léith an
léightheóra, tá fhios agat, acht ma tá an
caipín oireamhnach do tógadh sé é. Ar aon-
tslighe ní hé tuínncéir na leath-shúil an
chéad duine a chonaic cad a bhí ar siubhal
ag Radhairí acht na tuínncéirí a bhí ar an
dtaobh thall de'n teinteán. Phú-u!! Do
bhíos-sa ag an ndoras an taca so agus an
dorus ar dian-leathadh agam. Níor thúisce
bhí an phóg dheireanach tabhartha ag Radhairí
uaidh ná bhí sé ar thaobh amuigh de'n táirsigh.



Do bhí ciall cheanaigh fáltha agam sa
ó'n uair úd cheana nár ruitheas i n-am, ach
im baisce ní rabhas ar deireadh an turus
so. Níor bh' fhada an mhoill a bhí ar na
tuínncéirí ach chómh beag. Ba bheag ná go
rabhadar plucaithe anuas ar a chéile sa
dorus a d'iarraidh cé ba thúisce bheadh
amuigh chun beortha orainn-na.



Ach ba mhaith a mhaise sin ag ár gcara é
- fear na leath-shúil; do b'é, gan amhras, a
shrois leac an doruis ar dtúis. Do bhí
poll mór doimhinn, draoibe i gcomhnuidhe
riamh ag béal doruis na Cúilfhinne. Níor
thiormuigh an loch lathaighe úd i gcaitheamh an
tsamhraidh a thacht na muca le brothal, ach
chumh beag leis an* ngeimheadh a bádh
Claédadh le fliche. Níor bh' aon mhairtíneach
a fhéadfach dul ó dhorus go bóthar nó ó
bhóthar go dorus gan tomadh fagáil sa
phludaigh úd muna mbeadh tathaighe mhaith
aige ar an áit. Do chaithfá, ag teacht
amach dhuit, baoth-léim a thabhairt ó leic a'
doruis go charraig a bhí i lár an phuill,
agus poc-léim eile ó'n gcarraig go leic a
bhí tamall amach uaidh sin, agus ar sheana-
phlonnc daraighe duibhe as sin go bóthar leat.
Do bhí cosáinín beag cumhang eile fan
fhala an tighe go ngabhadh sean-daoine ann
agus daoine ná bíodh deithineas ortha fé
mar a bhí orainn-na an oidhche úd.



Tuínncéir na leath-shúil, mar adubhart
an chéad duine a réidhtigh é féin as an
mbulca a bhí sa dorus. Do b'fheidir gurbh
amhlaidh ná raibh an tsúil a bhí chómh aicillídhe


L. 566


úd istigh sa tsolus, chómh géar-radharcach-
san amuigh sa doircheacht; acht pé scéal é
nuair a thug sé léim as a chorp fé dhéin na
cairge, mo chreach chráidhte cár thúirling sé
ná sa bhall ba dhoimhne den loch. Badh
dhóigh leat thar a bhfeacaís riamh id' shúilibh
cinn gur chaora é a bheadh agat dá nighe i
bpoll abhann do bhí an oiread soin ionn-
fhairtála agus spriútála aige ar fuid an
phuill; ach ní ghá nighe a bhí an tuínncéir
annsúd acht a mhalairt. Snámhuidhe ceart
a b'eadh é dá bhfaghadh sé ceart, mar do
chonaiceamair le solus an gheatire a thug
duine de sna mnáibh go dorus, go dtugadh
sé roinnt bhuillí snáimh anois is arís, acht
do coirtí é le raimhreacht an phludaidh.
Fé dheireadh do bhéic sé go raibh sé báidhte
agus nuair a tairgeadh amach é ba ró-
bheag ná go raibh. Níor leanadar sinn-na
ní ba shia go háirithe.



"Tabhair dhom mo cheathramhadh thobac,"
arsa Radhairí, "sara dtéidhir a thuileadh."
"Mo choinsias go dtabharfad," arsa mé
féin, "tá sé tuillthe go diail agat. Do
thabharfainn an rolla tobac is mó i gCill
Áirne ar a bhfuil de shult feicithe agam
anocht." Do bhíos ag tarac scillinge agus
dhá pingin (fiacha na ceathramhan) amach as
mo phóca chun iad a thabhairt do nuair a
chualamair coiscéimí chughainn aníos an
bóthar.

"Si," arsa Radhairí, "seo Domhnall
Mór ag teacht a-bhaile; leogaimís do dul
isteach; beidh sult againn. Aireóghair
cliotar istigh chómh luath is raghaidh Domhnall
isteach." Siúd isteach é is gan fios ar aon
rud aige. Do bhuail sé an dorus le cúpla
buille beag de bhara na ráinne a bhí 'n-a
láimh. Gan amhras do shíl an mhuinntir istigh
go rabhthas chun catha chur ortha arís. Do
múchadh [an t-ádhbhar beag soluis a bhí
laistigh agus ba léir go rabhadar ag
ullmhughadh chun troda chosanta a dhéanamh ó
istigh. Do bhuail Domhnall an doras arís
go feargach, agus dubhairt sé an dorus
d'oscailt, go neamh-maitheach. Do leath-
fhoscaladh an dorus ón dtaobh istigh. Do
bhí an dorus íseal agus nuair a chrom
Domhnall a cheann chun dul isteach do
beireadh ar bhathas air agus do tairgeadh
isteach ar shop cinn é gan féachaint, gan
fiafhraighe cé bhí ann. Do leagadh ar a
smúsaigh ar an urlár é le buille de rud
éigin sa chúl, agus do léim an chailleach
gur thagras di ó chiainibh, ar a glúnaibh
anuas idir an dá shlinneán air. Is beag
ná gur baineadh a mheamhair de le hobanacht
agus le fealltacht na troda a cuireadh
air. Do thuig sé de phas ámh go raibh sé
air aige a anam a chosaint, cé ná raibh fhios
aige cé'r bh'iad a námhaid, ná cadé an
chúis a bhí aca air. Deireadh sé 'na dhiaidh
san gur shíl sé gurbh iad na deamhin aeir a
bhí dh'éis teacht agus sealbh an tighe a ghabháil
ó fhág sé an baile. Níor b'fhuruiste fearg
a chur ar Dhomhnall, ach nuair a curfaidhe
fearg a dá ríribh a b'eadh í. Do bhí an
stailc ag teacht ann anois.



Do chroith sé dhe a raibh de sna tuínncéirí
sa bhuaic air. D'éirigh sé ar a chromhnaibh
agus as soin ar a chosaibh. Do choingibh sé
greim ar an ráinn i gcaitheamh a chloipidhe,
agus níor bh'fhada an mhoill air tosnughadh
ar úsáid a dhéanamh di go neamh-scrupalach.
"Dar seo sód," ar sé, "pé hiad sibh ní
mhaireóbhaidh sibh mise im' theinteán féin gan
fhíos cad n-a thaobh, agus gan fuil do
dhortadh go flúirseach ar a laighead." Do
bhain sé casadh as an ráinn os cionn a chinn
mar a bhainfeadh duine a bheadh ag bualadh
choirce le súiste. Do bhí fear na leath-
shúil ag brút isteach air. Do ráinig gur


L. 567


chuir sé a cheann laistigh de réim na ráinne,
agus do buaileadh fan na cluaise é le
clabtóig de dhrom na ráinne agus do
cuireadh le fuinneamh an bhuille ar bhior a
chinn isteach i bhfuilín na gcearc is na lachan
é mar a raibh cuideachta ghlórach aige feadh
tamaill. B'in an té ba chródha de
namhaidibh Dhomhnaill ar lár, pé scéal é.
Do bhí spás glanta ag Domhnall timcheall
air leis an ráinn agus níor bh'fhoruiste
teacht 'n-a ghoire. Do b'fhearr go mór
d'arm-troda an ránn ná aon arm dá raibh
i lamha na dtúinncéirí; agus do bhí airm
fill go leór aca, ursail, casúir, agus
giuirléidí eile a bhainean le n-a gcéird;
acht ba shia an ránn ná iad, agus ba
mharibhthighe an buille bhí innti ná iad go
léir. Andaigh ba chuma í nó "long tom"
na mBórach i gcoinnibh ghunaí gheárr-urchair
Sheagháin Bhuidhe chun a shaighdiúirí a choimeád
i gcúl.



[Ní críoch].



Diarmuid ó Muimhneachain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services