Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar do mharbh Cuchulainn Froéch.
Title
Mar do mharbh Cuchulainn Froéch.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAR DO MHARBH CÚCHULAINN FROÉCH. "Téidhmís ar aghaidh anois," arsa Ailill. Do shroiseadar annsoin Magh Mugaidhe. Do bhain Cúchulainn dair annsoin rompa, agus do scríbh ogam ar a taobh. Sé rud a bhí ann na gan éinne a dhul níos sin chun go léimfadh laoch éan-charbaid thairsti. Do chuireadar futha annso, agus dhírigheadar ar bheith ag iarraidh léim a thabhairt thairsti i n-a gcarbadaibh. Do thuit de sin triochaid each agus do briseadh triochaid carbad ann. Bealach nÁine, ainm na háite sin go bráth. D'fhanadar (bíd) annsoin go dtí lá ar n-a bháireach. Glaodhtar ar Froéch chucha. "Fóir orainn, a Fhroích," arsa Maedhbh. "Coisc-se an eigean so atá orainn. Éirigh fé dhéin Chúchulainn d'fhios an mbuailfá uime." Do thiomáin fé leis ar maidin go moch agus naonbhar i n-éinfheacht leis, go raibh ag Áth Fuaidh, go bhfeacaidh an t-óglaoch 'gá fhothragadh san abhainn. "Fanaid-se annso," arsa Froéch le n-a mhuinntir, "go raghad-sa ag triall ar an bhfear úd. Ní maith (comhrac) i n-uisce." Do bhain de. Do chuaidh san uisce chuige. "Ná tair fém dhéin-se," arsa Cúchulainn. "Gheobhair bás da bhárr, is Is truagh liom do mharbhadh." Raghad, amh," arsa Froéch, "go mbuailfam 'um a chéile san uisce, agus faghaim-se coart sa chluithche uait." "Bíodh mar is maith leat féin," arsa Cúchulainn. "Lámh gach duine againn 'um a chéile," arsa Froéch, Do bhíodar ag imreasgbháil ar feadh i bhfad ar an uisce agus (bathadh) cuireadh Froéch síos. Do thóg sé suas arís é. "Anois," arsa Cúchulainn, "an ngéillfir go hanacol?" "Ní ghéillfad," arso Froéch. Do sháith Cúchulainn fé arís é go dtí gur marbhadh Froéch. Tháinig sé ar dtír. Thug a mhuinntir a cholann chun an dúna. Áth Froích ainm an átha soin go bráth. Do chaoineadar an sluagh uile Froéch. Do chonnca- dar scata ban i n-inaraibh (casóga) uaine ar cholainn Froích mhic Idiadh. Do tháirngeadar uatha é isteach san síodh. Síodh Froích ainm an tsídh sin n-a dhiaidh-san. Do léim Feargus thar an ndair 'n-a charbad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services