Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar do mharbh Cuchulainn Froéch.

Title
Mar do mharbh Cuchulainn Froéch.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MAR DO MHARBH CÚCHULAINN FROÉCH.



"Téidhmís ar aghaidh anois," arsa Ailill. Do
shroiseadar annsoin Magh Mugaidhe. Do bhain
Cúchulainn dair annsoin rompa, agus do scríbh ogam
ar a taobh. Sé rud a bhí ann na gan éinne a dhul níos
sin chun go léimfadh laoch éan-charbaid thairsti. Do
chuireadar futha annso, agus dhírigheadar ar bheith ag
iarraidh léim a thabhairt thairsti i n-a gcarbadaibh.
Do thuit de sin triochaid each agus do briseadh
triochaid carbad ann. Bealach nÁine, ainm na háite
sin go bráth.



D'fhanadar (bíd) annsoin go dtí lá ar n-a bháireach.
Glaodhtar ar Froéch chucha. "Fóir orainn, a Fhroích,"
arsa Maedhbh. "Coisc-se an eigean so atá orainn.
Éirigh fé dhéin Chúchulainn d'fhios an mbuailfá uime."



Do thiomáin fé leis ar maidin go moch agus
naonbhar i n-éinfheacht leis, go raibh ag Áth Fuaidh, go
bhfeacaidh an t-óglaoch 'gá fhothragadh san abhainn.
"Fanaid-se annso," arsa Froéch le n-a mhuinntir,
"go raghad-sa ag triall ar an bhfear úd. Ní maith
(comhrac) i n-uisce." Do bhain de. Do chuaidh san
uisce chuige. "Ná tair fém dhéin-se," arsa
Cúchulainn. "Gheobhair bás da bhárr, is Is truagh
liom do mharbhadh." Raghad, amh," arsa Froéch, "go
mbuailfam 'um a chéile san uisce, agus faghaim-se
coart sa chluithche uait." "Bíodh mar is maith leat
féin," arsa Cúchulainn. "Lámh gach duine againn 'um
a chéile," arsa Froéch, Do bhíodar ag imreasgbháil
ar feadh i bhfad ar an uisce agus (bathadh) cuireadh
Froéch síos. Do thóg sé suas arís é. "Anois," arsa
Cúchulainn, "an ngéillfir go hanacol?" "Ní
ghéillfad," arso Froéch. Do sháith Cúchulainn fé arís
é go dtí gur marbhadh Froéch. Tháinig sé ar dtír.
Thug a mhuinntir a cholann chun an dúna. Áth Froích
ainm an átha soin go bráth.



Do chaoineadar an sluagh uile Froéch. Do chonnca-
dar scata ban i n-inaraibh (casóga) uaine ar cholainn
Froích mhic Idiadh. Do tháirngeadar uatha é isteach
san síodh. Síodh Froích ainm an tsídh sin n-a dhiaidh-san.
Do léim Feargus thar an ndair 'n-a charbad.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services