Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clódhanna Nua AN LONDUBH: Dá amhrán déag iar n-a gcur le chéile ag Maighréad Ní Annagáin agus Séamus Clainndiolúin. Ar n-á chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. Scilling a fhiacha. Is fada atáimíd ag feitheamh ar leabhar éigin dá shaghas so. Sa chéad áit, gheibhmíd amhráin na ndaoine féin, agus san darna áit táid siad curtha síos i dteannta an cheóil do réir mar thuiteadar a béal sean-amhránuidhthe. Deir gach éinne go bhfuil nós áirithe amhrántachta i measc na nGaedheal. Is fíor é leis, agus tá somplaí dhe sin go flúirseach san leabhar so. Tá súil againn nach fada go mbeidh leabhar eile mar é seo againn ó sna hughdair chéadna. Amhránuidhthe is eadh iad, agus fíor amhránuidthe gan amhrus. Is fearr de ceól a theacht uatha-san, mar féadfam ionntaoibh a bheith againn as. Ní bhfuighmíd aistriughadh ann fé mar do-chítar a ndiaid na "-gceóltóirí" seo atá againn. Táimíd go mór i n easnamh deagh-amhrán. Tá dhá cheann déag díobh san leabhar so is ní fearr ceann aca ná a chéile, Badh chóir go mbeadh ceannach mór air. GÍRLE GUAIRLE: Dráma leis an Athair Padraig Ó Duinnín. M. H. Gill agus a Mhac, Baile Átha Cliath, 1904. Réal gan lacáiste. Sid é an leabhar is déigheannaighe tháinig ó láimh an Athar Pádraig Ó Duínnín. Dráma gairid is eadh é, agus dalta gach éin-nídh tháinig ó láimh an Athar Pádraig, tá Gaedhilg bhreagh bhríoghmhar ann, agus scóip ghreanta litridheachta. Tá scéal "Gírle Guairle" chomh hársa le Sliabh Luachra féin. Tá sé i mbéalaibh na ndaoine leis na cianta agus do bhuaidh a lán duaiseanna ar na feiseanna i gCúige Mumhan anuraidh. Ní chailltar pioc de bhrigh an scéil san nua-innsint seo a thugann an tAthair Pádraig air, acht in' inad-san gheibhmíd seóid bheag san mbreis annso is annsúd ann. Tá rud éigin dá shaghas ag teastabháil ó chraobhcha beaga fé'n dtuaith ná féadfadh dráma fada a chur ar árdán. An Dochtúir: Dráma Greannamhail i ndá ghníomh. Séamus Ó Beirn do sgríobh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1904. Sé pingne. Sid é an tarna ceann de sna "Drámanna Bunadhasacha" atá dá gcur amach ag Connradh na Gaedhilge. Bhíomair ag éisteacht leis an chéad uair a tháinig sé go Baile Átha Cliath agus níor stadamair de gháiridhe ó thosach deireadh. Ní féidir mholadh nios fearr a thabhairt air. Tá súil againn go scríobfaidh Séamus Ó Beirn tuilleadh dá shaghas. Beidh glaodhach an "An Dochtúir" ní fhuláir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services