Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua



AN LONDUBH: Dá amhrán déag iar n-a gcur le
chéile ag Maighréad Ní Annagáin agus Séamus
Clainndiolúin. Ar n-á chur amach do Chonnradh na
Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. Scilling a fhiacha.



Is fada atáimíd ag feitheamh ar leabhar éigin dá
shaghas so. Sa chéad áit, gheibhmíd amhráin na ndaoine
féin, agus san darna áit táid siad curtha síos i
dteannta an cheóil do réir mar thuiteadar a béal
sean-amhránuidhthe. Deir gach éinne go bhfuil nós
áirithe amhrántachta i measc na nGaedheal. Is fíor
é leis, agus tá somplaí dhe sin go flúirseach san
leabhar so. Tá súil againn nach fada go mbeidh
leabhar eile mar é seo againn ó sna hughdair chéadna.
Amhránuidhthe is eadh iad, agus fíor amhránuidthe
gan amhrus. Is fearr de ceól a theacht uatha-san, mar
féadfam ionntaoibh a bheith againn as. Ní bhfuighmíd
aistriughadh ann fé mar do-chítar a ndiaid na
"-gceóltóirí" seo atá againn. Táimíd go mór i
n easnamh deagh-amhrán. Tá dhá cheann déag díobh
san leabhar so is ní fearr ceann aca ná a chéile,
Badh chóir go mbeadh ceannach mór air.



GÍRLE GUAIRLE: Dráma leis an Athair Padraig Ó
Duinnín. M. H. Gill agus a Mhac, Baile Átha Cliath,
1904. Réal gan lacáiste.



Sid é an leabhar is déigheannaighe tháinig ó láimh an
Athar Pádraig Ó Duínnín. Dráma gairid is eadh é,
agus dalta gach éin-nídh tháinig ó láimh an Athar
Pádraig, tá Gaedhilg bhreagh bhríoghmhar ann, agus
scóip ghreanta litridheachta. Tá scéal "Gírle
Guairle" chomh hársa le Sliabh Luachra féin. Tá sé i
mbéalaibh na ndaoine leis na cianta agus do bhuaidh
a lán duaiseanna ar na feiseanna i gCúige Mumhan
anuraidh. Ní chailltar pioc de bhrigh an scéil san
nua-innsint seo a thugann an tAthair Pádraig air,
acht in' inad-san gheibhmíd seóid bheag san mbreis
annso is annsúd ann. Tá rud éigin dá shaghas ag
teastabháil ó chraobhcha beaga fé'n dtuaith ná féadfadh
dráma fada a chur ar árdán.



An Dochtúir: Dráma Greannamhail i ndá ghníomh.
Séamus Ó Beirn do sgríobh. Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1904.
Sé pingne.



Sid é an tarna ceann de sna "Drámanna
Bunadhasacha" atá dá gcur amach ag Connradh na
Gaedhilge. Bhíomair ag éisteacht leis an chéad uair
a tháinig sé go Baile Átha Cliath agus níor stadamair de
gháiridhe ó thosach deireadh. Ní féidir mholadh nios
fearr a thabhairt air. Tá súil againn go scríobfaidh
Séamus Ó Beirn tuilleadh dá shaghas. Beidh glaodhach
an "An Dochtúir" ní fhuláir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services