Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE. Donnchadh Ó Laogaire do scríobh. Do b'aoibhinn bheith ag éisteacht le ceól caoin na cláirsighe ag CeannCoradh, mar is ró-annamh a bhíodh sí ciúin de ló ná ist oidhche. Do thigeadh na filidhe agus na seanchuidhthe ann ó gach Cúige i nÉirinn. San aimsir seo bhí saoghal i nÉirinn do réir mar chan na filidhe chomh béasach, chomh macánta, agus chomh banamhail sin go bhféadfadh annir óg, áluinn, gléasta i seódaibh agus i n-ornáidí eile, gluaiseacht 'na haonar ar fuaid na hÉireann agus ná bacfadh éinne léi. Bhí ainm Bhriain chomh cáileamhail sin, gur dhíon í ar gach nídh in gach cúinne dein Oileán. Ní hiad na filidhe amháin do mhol é, acht na hAnáluidhthe géar- chúiseacha, tugaid síos dó, nár dhein sé cam ná claon ar éinne ar riaradh an dlighe dhó. D'oibrigh sé go cruaidh chum Críostamhlacht do thabhairt thar ais arís, mar bhí an tír scriosta ó bheith ag coimheascar ar feadh dá chéad bliadhan leis na Páganaigh. Nuair fuair Brian an tír fé n-a smacht, thos- nuigh sé ar dhlighthe na mBreitheamhan do cheartughadh agus d'fheabhsughadh mar thairbhe do'n gcoitchiantacht. San am chéadna shocruigh sé na sloinnte; chuir sé d'fhiachaibh ar gach treibh "Ó" nó "Mac" do chur roimh ainm éigin do bhain le na sinsear. Is mar seo do dheighil na Niallaigh iad féin go Muintir Uí Néill, Uí Domhnaill, Mic Lochlainn, agus c., thóg sliocht Síol Mhuire, mar ainm Ua Conchubhair, agus sliocht Bhriain féin Muinntir Uí Bhriain. Thug sé anois a aigne ar na ceallaibh agus na hárd-scoilibh do bhí tráth fé réim d'ath-thógaint. Tóg sé dá chill nua, ceann aca, Cill Dhá Lua, agus an ceann eile, Innis Cealtra. Is é do thóg túr Thuaim Gréine i gCondae an Chláir. Is iomdha altóir uaigneach gur chuir sé ornáid uirthi, agus cill dorcha gur chroch sé lampa innti agus túr gur chuir sé clog ceól-bhinn 'n-a bhuaic. Dhein sé bóithre agus droichid agus mórán de dhúnta láidre cloiche chum cosc do chur le n-a náimhde dá dtiocfadh aon tóir air. Thóg sé dúnta ríoghamhla ar fuid na Mumhan, agus i mórán de áitibh. Sé an iongnadh is mó, cionnus do rith leis an oiread oibre do dhéanamh ar fhaid an méid sin aimsire. Le dhá chéad bliadhain roimhe sin bhí an tír stoltha as a chéile ó chogadh. Ba ghéarchúiseach eagnaidhe an Rí é gan amhras, agus a rádh gur fhéad sé an obair seo go léir do dhéanamh i n-éan chúig bhliadhna amháin; ins na chúig bliadhna síoth- chána seo .i. ó 1005 go 1010, fuair an dara bean do bhí pósta ag Brian bás, agus mac dar bh'ainm Domhnall agus a dhearbhráthair Marcán. Fuair Aodh Mac Mathghamhain bás timcheall na haimsire seo leis. Bhí Murchadh pósta agus mórán cloinne aige. Bhí tuilleadh clann mhac agus inghnean aige i dtreó go raibh gach éan-deallramh go mbeadh a dhóithin oighrí i ndiaidh a bháis chum seilbh na ríoghachta bheith aca do réir sinsir- eacht. Acht, monuar! Bhí atharrughadh scéil aca sara fada. Bhí an scamall dorcha anois ag cuimhneamh ar bheith ag crochadh os cionn na hÉireann, mar pé áit gur chuir na Lochlannaigh a gcosa riamh bé an scian trid an gcroidhe aca scaramhaint leis an áit. Cé gur dhein Brian muinteardhas leó, is baoghlach nár dhein sin éan-ghrástamhlacht ortha. Gach scéal do gheibhidís ó n-a gcáirde thar lear ar na gníomhartha gaisce do ritheadh leó do dhéanamh do spriocadh sé Lochlannaigh na hÉireann chum éirghe i n-aghaidh Bhriain. [Ní críoch].
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services