Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.

Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE.



Donnchadh Ó Laogaire



do scríobh.



Do b'aoibhinn bheith ag éisteacht le
ceól caoin na cláirsighe ag CeannCoradh,
mar is ró-annamh a bhíodh sí ciúin de
ló ná ist oidhche. Do thigeadh na filidhe
agus na seanchuidhthe ann ó gach Cúige
i nÉirinn. San aimsir seo bhí saoghal i
nÉirinn do réir mar chan na filidhe chomh
béasach, chomh macánta, agus chomh banamhail
sin go bhféadfadh annir óg, áluinn, gléasta
i seódaibh agus i n-ornáidí eile, gluaiseacht
'na haonar ar fuaid na hÉireann agus
ná bacfadh éinne léi. Bhí ainm Bhriain chomh
cáileamhail sin, gur dhíon í ar gach nídh in gach
cúinne dein Oileán. Ní hiad na filidhe
amháin do mhol é, acht na hAnáluidhthe géar-
chúiseacha, tugaid síos dó, nár dhein sé cam
ná claon ar éinne ar riaradh an dlighe dhó.
D'oibrigh sé go cruaidh chum Críostamhlacht
do thabhairt thar ais arís, mar bhí an tír
scriosta ó bheith ag coimheascar ar feadh dá
chéad bliadhan leis na Páganaigh. Nuair
fuair Brian an tír fé n-a smacht, thos-
nuigh sé ar dhlighthe na mBreitheamhan do
cheartughadh agus d'fheabhsughadh mar thairbhe
do'n gcoitchiantacht. San am chéadna
shocruigh sé na sloinnte; chuir sé d'fhiachaibh
ar gach treibh "Ó" nó "Mac" do chur
roimh ainm éigin do bhain le na sinsear. Is
mar seo do dheighil na Niallaigh iad féin
go Muintir Uí Néill, Uí Domhnaill, Mic
Lochlainn, agus c., thóg sliocht Síol Mhuire, mar
ainm Ua Conchubhair, agus sliocht Bhriain
féin Muinntir Uí Bhriain.



Thug sé anois a aigne ar na ceallaibh
agus na hárd-scoilibh do bhí tráth fé réim
d'ath-thógaint. Tóg sé dá chill nua, ceann
aca, Cill Dhá Lua, agus an ceann eile,
Innis Cealtra. Is é do thóg túr Thuaim
Gréine i gCondae an Chláir. Is iomdha
altóir uaigneach gur chuir sé ornáid uirthi,
agus cill dorcha gur chroch sé lampa innti
agus túr gur chuir sé clog ceól-bhinn 'n-a
bhuaic. Dhein sé bóithre agus droichid agus
mórán de dhúnta láidre cloiche chum cosc
do chur le n-a náimhde dá dtiocfadh aon
tóir air. Thóg sé dúnta ríoghamhla ar fuid
na Mumhan, agus i mórán de áitibh. Sé an
iongnadh is mó, cionnus do rith leis an
oiread oibre do dhéanamh ar fhaid an méid
sin aimsire. Le dhá chéad bliadhain roimhe
sin bhí an tír stoltha as a chéile ó chogadh.
Ba ghéarchúiseach eagnaidhe an Rí é gan
amhras, agus a rádh gur fhéad sé an obair
seo go léir do dhéanamh i n-éan chúig
bhliadhna amháin; ins na chúig bliadhna síoth-
chána seo .i. ó 1005 go 1010, fuair an dara
bean do bhí pósta ag Brian bás, agus mac
dar bh'ainm Domhnall agus a dhearbhráthair
Marcán. Fuair Aodh Mac Mathghamhain bás
timcheall na haimsire seo leis. Bhí Murchadh
pósta agus mórán cloinne aige. Bhí
tuilleadh clann mhac agus inghnean aige i
dtreó go raibh gach éan-deallramh go
mbeadh a dhóithin oighrí i ndiaidh a bháis chum
seilbh na ríoghachta bheith aca do réir sinsir-
eacht. Acht, monuar! Bhí atharrughadh scéil
aca sara fada.



Bhí an scamall dorcha anois ag cuimhneamh
ar bheith ag crochadh os cionn na hÉireann,
mar pé áit gur chuir na Lochlannaigh a
gcosa riamh bé an scian trid an gcroidhe aca
scaramhaint leis an áit. Cé gur dhein
Brian muinteardhas leó, is baoghlach nár
dhein sin éan-ghrástamhlacht ortha. Gach
scéal do gheibhidís ó n-a gcáirde thar lear
ar na gníomhartha gaisce do ritheadh leó do
dhéanamh do spriocadh sé Lochlannaigh na
hÉireann chum éirghe i n-aghaidh Bhriain.



[Ní críoch].



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services