Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Bhí Gearóid Balfour agus a dheirbhshiúr i dTír Chonaill an lá fé dheireadh ag baint an chéad fhóid chum bóthair iarainn do dhéanamh ó Bhun Chránaidh go Carn Domhnaigh. Rinneadh teintreacha cnámh an oidhche roimh ré le báidh dhóibh agus loisgeadh go cinneamhnach beirt leanbh, garsún agus gearrchaille. Cailleadh lá ar na mhárach an garsún, agus ní fhuil aon tsúil go n-éireóchaidh an cailín beag. Gabhadh fear agus bean i mBeul Feirsde mar gheall ar airgead bréige do cruthughadh agus do chur 'na rith. Fuarthas na sliogaidhe agus an mianach sa tseomra mar a rabhadar ar lóistín. Chuir na giúistisí siar go dtí na síosónaibh seo chugainn iad. Chuaidh Tighearna Mhuigh Eó agus mórán d'uasilibh eile chum cainte le Fear Ionaid na Bainríoghna i nÉirinn 'gá rádh leis go bhfuil na bradáin ag dul i ndisg le fíche bliadhain ins an h-aibhntibh, agus ag cur impidhe air comhaltas a chur na suidhe chum feuchaint isteach sa cheist. Dubhairt duine d'á raibh ann gur bh'é léigheas a b'fhearr air cosg a chur le lucht saimhnidhe go ceann sgata fada de'n tSamhradh. Tuig nach ar mhaithe leis an mbradán a thug sé an chaint cháirdeamhail sin uaidh acht ar mhaithe le fear na slaite. Gealladh dóibh go gcuirfidhe an comhaltas ar bun, acht deir daoine le h-eolus ná fuil na bradáin ag dísgiughadh i n-aon chor, mar gur mó dhíobh a cuirtear go Sasana na bliadhanta so ná mar cuireadh fiche bliadhain ó shoin. Is áthasach an sgeul d'fheirmeoiribh na h-Éireann a fheabhus a bhí aonach Bhaile Loch Riabhaigh. Tá sé seo ar na h-aontaighibh is mó tuairisg i nÉirinn, agus do réir mar bhíonn sé iseadh bhíonn ceannach ar stóc go ceann ráithe 'na dhiaidh i gConnachtaibh agus i gCúige Mumhan. Ní tháinig aonach le chúig bhliadhna nár chomh maith é. Bhí ghlaodhach mór ar gach aon tsaghas ainmhidhe dá raibh ann ar feadh na dtrí lá, acht ar chapallaibh troma feirmeora ar leithlig. B'é locht an aonaigh a laighead a raibh ann de chapallaibh glana cos-éadtroma. Is ar éigean a bhí beitheadh ann ar a deich a chlog maidin an tríomhadh lae gan bheith sguabtha ar phúnt an ceann nó as sain go dtí deich fichead an ceann, níos mó ná gheobhthaidhe ortha mí ó shoin. Bhí agallamh an lá fé dheireadh ag sagartaibh Chonnacht atá 'na riaghaltóiribh sgoile agus ghabhadar chúcha an rún a ghabh sagairt Chúige Uladh mí roimhe sin, sé sin na glacfaduis feasda aon mhúinteoir sgoile ná deagh- ailfeadh é féin ó Chuideachtain na Múinteoirí, agus ó'n gComhairle atá anois ortha. Is beus ag a lán daoine bheith ag léightheoireacht 'na leabaidh tar éis luighe dhóibh, agus is iomdha cinnea- mhaint a thagann as. Bhí duine uasal i mBaile Áth' Cliath ag léigheadh leabhair ar an gcuma so an oidhche fé dheireadh. Thuit a chodla air agus d'fhan an choin- neal ar lasadh. Thuit smól ar an leabaidh, nó rug an lasair ar an eudach ar chuma éigin, agus do múchadh an fear le smúiteán an chlúimh agus an eudaigh olna gan é mhúsgailt. Chruinnigh an neamh-mheoin daoine i Luimneach seacht- mhain an Domhnaigh seo tharainn le h-aigne deireadh chur le h-easaontacht imeasg na bhFeisirí má's féidir é. Ní fhuair fiú aon Fheisire amháin cuireadh bheith ar an gcruinniughadh. Mhaoidheadar má chabhruigheann na cúig Cúigeadh leo, go gcuirfidh siad malairt curam ar lucht an imreasáin as so suas, ó nách maighistirí ortha na fear Feise acht seirbhísigh do'n dúthaigh seo. Thug Liam 'ach Briain, oráid uaidh, agus dubhairt go mbéadh sé chómh maith bheith ag feitheamh go rithfeadh an tSionainn tirm le bheith ag brath ar na Feisiribh féin chum síothchána réidhteacht. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services