Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Bhí Gearóid Balfour agus a dheirbhshiúr i dTír Chonaill
an lá fé dheireadh ag baint an chéad fhóid chum bóthair
iarainn do dhéanamh ó Bhun Chránaidh go Carn Domhnaigh.
Rinneadh teintreacha cnámh an oidhche roimh ré le báidh
dhóibh agus loisgeadh go cinneamhnach beirt leanbh,
garsún agus gearrchaille. Cailleadh lá ar na mhárach
an garsún, agus ní fhuil aon tsúil go n-éireóchaidh an
cailín beag.



Gabhadh fear agus bean i mBeul Feirsde mar gheall
ar airgead bréige do cruthughadh agus do chur 'na rith.
Fuarthas na sliogaidhe agus an mianach sa tseomra
mar a rabhadar ar lóistín. Chuir na giúistisí siar go
dtí na síosónaibh seo chugainn iad.



Chuaidh Tighearna Mhuigh Eó agus mórán d'uasilibh eile
chum cainte le Fear Ionaid na Bainríoghna i nÉirinn
'gá rádh leis go bhfuil na bradáin ag dul i ndisg le
fíche bliadhain ins an h-aibhntibh, agus ag cur impidhe air
comhaltas a chur na suidhe chum feuchaint isteach sa cheist.
Dubhairt duine d'á raibh ann gur bh'é léigheas a b'fhearr
air cosg a chur le lucht saimhnidhe go ceann sgata fada
de'n tSamhradh. Tuig nach ar mhaithe leis an mbradán
a thug sé an chaint cháirdeamhail sin uaidh acht ar mhaithe
le fear na slaite.



Gealladh dóibh go gcuirfidhe an comhaltas ar bun, acht
deir daoine le h-eolus ná fuil na bradáin ag dísgiughadh
i n-aon chor, mar gur mó dhíobh a cuirtear go Sasana
na bliadhanta so ná mar cuireadh fiche bliadhain ó shoin.



Is áthasach an sgeul d'fheirmeoiribh na h-Éireann a
fheabhus a bhí aonach Bhaile Loch Riabhaigh. Tá sé seo ar
na h-aontaighibh is mó tuairisg i nÉirinn, agus do réir
mar bhíonn sé iseadh bhíonn ceannach ar stóc go ceann
ráithe 'na dhiaidh i gConnachtaibh agus i gCúige Mumhan.
Ní tháinig aonach le chúig bhliadhna nár chomh maith é. Bhí
ghlaodhach mór ar gach aon tsaghas ainmhidhe dá raibh ann
ar feadh na dtrí lá, acht ar chapallaibh troma feirmeora
ar leithlig. B'é locht an aonaigh a laighead a raibh ann
de chapallaibh glana cos-éadtroma.



Is ar éigean a bhí beitheadh ann ar a deich a chlog
maidin an tríomhadh lae gan bheith sguabtha ar phúnt an
ceann nó as sain go dtí deich fichead an ceann, níos
mó ná gheobhthaidhe ortha mí ó shoin.



Bhí agallamh an lá fé dheireadh ag sagartaibh Chonnacht
atá 'na riaghaltóiribh sgoile agus ghabhadar chúcha an
rún a ghabh sagairt Chúige Uladh mí roimhe sin, sé sin
na glacfaduis feasda aon mhúinteoir sgoile ná deagh-
ailfeadh é féin ó Chuideachtain na Múinteoirí, agus
ó'n gComhairle atá anois ortha.



Is beus ag a lán daoine bheith ag léightheoireacht 'na
leabaidh tar éis luighe dhóibh, agus is iomdha cinnea-
mhaint a thagann as. Bhí duine uasal i mBaile Áth'
Cliath ag léigheadh leabhair ar an gcuma so an oidhche
fé dheireadh. Thuit a chodla air agus d'fhan an choin-
neal ar lasadh. Thuit smól ar an leabaidh, nó rug an
lasair ar an eudach ar chuma éigin, agus do múchadh an
fear le smúiteán an chlúimh agus an eudaigh olna gan
é mhúsgailt.



Chruinnigh an neamh-mheoin daoine i Luimneach seacht-
mhain an Domhnaigh seo tharainn le h-aigne deireadh chur
le h-easaontacht imeasg na bhFeisirí má's féidir é.
Ní fhuair fiú aon Fheisire amháin cuireadh bheith ar an
gcruinniughadh. Mhaoidheadar má chabhruigheann na cúig
Cúigeadh leo, go gcuirfidh siad malairt curam ar
lucht an imreasáin as so suas, ó nách maighistirí ortha
na fear Feise acht seirbhísigh do'n dúthaigh seo. Thug
Liam 'ach Briain, oráid uaidh, agus dubhairt go mbéadh
sé chómh maith bheith ag feitheamh go rithfeadh an tSionainn
tirm le bheith ag brath ar na Feisiribh féin chum síothchána
réidhteacht.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services