Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.
Title
Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IS MALLUIGHTHE AN DRAM TUÍNN- CÉIRÍ. Diarmuid Ó Muimhneachain do scríobh. (Ar leanmhaint.) Bean ruaidh ab eadh í timcheall fiche éigin bliadhain d'aois, nú b'fhéidir beagáinín os a chionn; agus i dtaobh nár bh'é corp na fírinne a rádh go raibh sí maiseamhail, ní fhéadfadh éinne a rádh go raibh sí ró-mhí- mhaiseamhail acht chom beag. Do bhí fhios agam féin go raibh báidh sheóidh i gcomhnuidhe riamh ag Radhairí le mná ruadh, pé cúis é. Nuair a bheadh sé ag moladh dathamhlacht mná is é an chéad rud a déarfadh sé go raibh a folt chomh ruadh le heas; ruadhacht a gruaige, b'in é an dathamhlacht ar fad i dtuairim Radhairí. Dá mbeadh a sciamh chomh háluinn le scéimh Déirdre féin, ba bheag é meas Radhairí uirthi muna mbeadh ceann ruadh uirthi. "A Radhairí," arsa mise, "cad air go mbainfá póg de'n mhnaoi ruaidh sin." D'fhéach sé orm go géar. "Ní béas agam m'anam a bhreith im' dhorn liom, an eadh? Ba lugha an chontabhairt do dhuine dul agus urchar a chaitheamh le Bainríoghain na Sacson ná dul chun póige a bhaint de'n mhnaoi sin an neómat so, a mhic ó; agus ba lugha an t-am a gheóbhfá chun t-anama dhéanamh dá mbeorthí ort," ar sé. "Het! díth céille a dhuine, is beag fear ná ruitheann i gcontabhairt le mnaoi anois is arís thar aon rud eile," arsa mise, dhá bhogadh. Do dhein sé machtnamh. "Do bhainfinn póg di an fhaid a bheitheá ag féachaint timcheall ort," ar sé, "muna mbeadh fear na leath-shúil." "Fí-í-ú," arsa mise, "ba cheart bheith buidheach dhíot go deimhin, nach shin é an áit go bhfuil an gníomh go léir. An dóich leat ná go mbainfinn póg dí, mé féin, muna mbeadh le heagla roimh fhear na leath-shúil - bean bhreagh, ruadh mar í," arsa mise, dá ghríosughadh suas mar bhí fhios agam go dian-mhaith go raghadh sé i bhfiúntar a bháis le mnaoi ruaidh. "Cad a thabharfá dhom acht í phógadh," ars eisean. Tabharfad ceathramhadh thobac dhuit," arsa mise. Earradh luachmhar do b'eadh tobac eadrainn-na an t-am úd. "Abair leath-púnt," ar sé. "Ní déarfad," adubhart-sa, "Ní haon neamh-nídh ceath- ramhadh bhreagh thobac, agus 'n-a theannta san ní i gcomhnuidhe a díoltar duine a póg a thabhairt do mhnaoi, an eadh?" "Margadh déanta," arsa Radhairí. "Bíodh amhlaidh," arsa mise, "acht ná bíodh aon 'nonn-sa-'nall mar gheall air: ní dhéanfaidh aon phóg sa chluais na póg sa phluc ná aon leath-scéal póige eile an gnó, acht, lán-phóg, i lár a béil: bead-sa ag féachaint ort." "Ná bíodh eagla ort," arsa Radhairí, "ós ag tabhairt fé i n-aon-chor dom é déanfad i gceart é: chífidh tú go dtiocfad-sa ar an dtaobh gcaoch d'fhear na leath-shúil." Do bhí seisean, mar adubhart cheana, 'na shuidhe ar an dtaobh chlé de'n teinidh. Do b'í an tsúil chlé a bhí caoch, agus b'in é an taobh de go raibh an bhean ruadh 'na suidhe, idir é agus an iarta. "Is mithid dúinn bheith ag dul a bhaile," arsa Radhairí liom-sa, i dtreó go n-aireóghadh gach éinne é, agus san am céadna leog sé air bheith ag druid- eamhaint leis an ndorus "acht fan go ndeargód an píopa," ar sé. Do tharraing sé amach an píopa as a phóca agus do shleamhnuigh suas laistiar d'fhear na leath-shúil, chun go raibh sé ar leath-shlíghe idir é féin agus an bhean ruadh, i dtaobh thiar díobh. (Ní Críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services