Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.

Title
Is Malluighthe an Dram Tuinncéirí.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IS MALLUIGHTHE AN DRAM TUÍNN-
CÉIRÍ.



Diarmuid Ó Muimhneachain
do scríobh.



(Ar leanmhaint.)



Bean ruaidh ab eadh í timcheall fiche éigin
bliadhain d'aois, nú b'fhéidir beagáinín os a
chionn; agus i dtaobh nár bh'é corp na
fírinne a rádh go raibh sí maiseamhail, ní
fhéadfadh éinne a rádh go raibh sí ró-mhí-
mhaiseamhail acht chom beag. Do bhí fhios
agam féin go raibh báidh sheóidh i gcomhnuidhe
riamh ag Radhairí le mná ruadh, pé cúis é.



Nuair a bheadh sé ag moladh dathamhlacht
mná is é an chéad rud a déarfadh sé go
raibh a folt chomh ruadh le heas; ruadhacht a
gruaige, b'in é an dathamhlacht ar fad i
dtuairim Radhairí. Dá mbeadh a sciamh
chomh háluinn le scéimh Déirdre féin, ba
bheag é meas Radhairí uirthi muna mbeadh
ceann ruadh uirthi.

"A Radhairí," arsa mise, "cad air go
mbainfá póg de'n mhnaoi ruaidh sin."
D'fhéach sé orm go géar. "Ní béas agam
m'anam a bhreith im' dhorn liom, an eadh?
Ba lugha an chontabhairt do dhuine dul agus
urchar a chaitheamh le Bainríoghain na Sacson
ná dul chun póige a bhaint de'n mhnaoi sin an
neómat so, a mhic ó; agus ba lugha an t-am a
gheóbhfá chun t-anama dhéanamh dá mbeorthí
ort," ar sé. "Het! díth céille a dhuine, is
beag fear ná ruitheann i gcontabhairt le
mnaoi anois is arís thar aon rud eile," arsa
mise, dhá bhogadh. Do dhein sé machtnamh. "Do
bhainfinn póg di an fhaid a bheitheá ag
féachaint timcheall ort," ar sé, "muna
mbeadh fear na leath-shúil." "Fí-í-ú," arsa
mise, "ba cheart bheith buidheach dhíot go
deimhin, nach shin é an áit go bhfuil an gníomh
go léir. An dóich leat ná go mbainfinn
póg dí, mé féin, muna mbeadh le heagla
roimh fhear na leath-shúil - bean bhreagh,
ruadh mar í," arsa mise, dá ghríosughadh
suas mar bhí fhios agam go dian-mhaith go
raghadh sé i bhfiúntar a bháis le mnaoi ruaidh.
"Cad a thabharfá dhom acht í phógadh," ars
eisean. Tabharfad ceathramhadh thobac
dhuit," arsa mise. Earradh luachmhar do
b'eadh tobac eadrainn-na an t-am úd.
"Abair leath-púnt," ar sé. "Ní déarfad,"
adubhart-sa, "Ní haon neamh-nídh ceath-
ramhadh bhreagh thobac, agus 'n-a theannta
san ní i gcomhnuidhe a díoltar duine a póg
a thabhairt do mhnaoi, an eadh?" "Margadh
déanta," arsa Radhairí. "Bíodh amhlaidh,"
arsa mise, "acht ná bíodh aon 'nonn-sa-'nall
mar gheall air: ní dhéanfaidh aon phóg sa
chluais na póg sa phluc ná aon leath-scéal
póige eile an gnó, acht, lán-phóg, i lár a
béil: bead-sa ag féachaint ort." "Ná
bíodh eagla ort," arsa Radhairí, "ós ag
tabhairt fé i n-aon-chor dom é déanfad i
gceart é: chífidh tú go dtiocfad-sa ar an
dtaobh gcaoch d'fhear na leath-shúil."



Do bhí seisean, mar adubhart cheana, 'na
shuidhe ar an dtaobh chlé de'n teinidh. Do
b'í an tsúil chlé a bhí caoch, agus b'in é an
taobh de go raibh an bhean ruadh 'na suidhe,
idir é agus an iarta. "Is mithid dúinn bheith
ag dul a bhaile," arsa Radhairí liom-sa, i
dtreó go n-aireóghadh gach éinne é, agus
san am céadna leog sé air bheith ag druid-
eamhaint leis an ndorus "acht fan go
ndeargód an píopa," ar sé. Do tharraing
sé amach an píopa as a phóca agus do shleamhnuigh
suas laistiar d'fhear na leath-shúil, chun go
raibh sé ar leath-shlíghe idir é féin agus an bhean
ruadh, i dtaobh thiar díobh.



(Ní Críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services