Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teicheadh Dhomhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Title
Teicheadh Dhomhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEICHEADH DHÓMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN BHÉARA. Seaghán Ó Cuill do scríobh. Tuairim agus bliadhain ó shoin do thug Seaghán Ua Muimhneacháin cunntas beacht do léigh- theóiríbh an IRISLEABHAIR ar an gcuma i nár ghaibh an Ridire Cairiú agus a chuid fear Caisleán Dhúna Buidhe. Ba le Dómhnall Ua Súilleabháin, Tighearna Bhéara, an cais- leán so, agus an tráth gabhadh an caisleáin, do bí an taoiseach féin agus roinnt bheag dá chuid fear, imthighthe chum fáilte a chur roimh theach- tairí ó'n Spáinn do bhí tagathe isteach go cuan Chinn Mara le lón cogaidh agus airgid do thaoiseachaibh na Mumhan agus fós do ghealladar go raibh chúig mhíle dhéag fear ag teacht ó'n Spáinn gan mhoill chum cabharuighthe leó. Tháinig Dómhnall thar n-ais go Dún Buidhe — acht mo léan, ní raibh Dún Buidhe roimis 'ná a thuairisc, acht amháin an deatach ag éirghe i n-áirde, rian na fola ar na clochaibh do dhein fothain do i n-a óige agus saighdiúirí dearga ag rith síos agus suas, ag creachadh annso agus ag dún-mharbhadh annsúd. Ní raibh tigh anois fá luighe na spéarach ag Dómhnall, thabharfadh scáth dhó ó'n síon. Acht níor bhris soin a dhóchas. Bhí na Spáin- nigh ag teacht, dar leis, agus annsoin do bheadh sásamh aige as an léir-scrios do himreadh air féin agus ar a mhuinntir - annsoin do raidfidhe na madraí fola ó mhághaibh féar- mhara na Mumhan - annsoin do thógfaidhe Dún Buidhe arís gan buidheachas do sna creachadóiríbh do leag é. Do bhailigh sé a mhuinntir go léir le chéile agus an méid oll- mhaithis dar fhéad sé agus do aistrigh sé soir go dtí an Gleann Garbh. Tá cnuic árda tim- cheall an ghleanna so i dtreó gur deacair dul isteach ann acht i bhfo-áit. Isteach annso do chuaidh Ua Súilleabháin agus a mhuinn- tir agus do chuir sé a chuid saighdiúirí (ní raibh thar ocht gcéad fear ar fad aige) ins na bealaighibh go bhféadfaidhe dul isteach san ngleann agus ar mhullaighibh na gcnoc ag faire ar an namhaid. I mí an Mheithimh san mbliadhain 1602 do thuit na nidhthe seo amach agus d'fhan Ua Súilleabháin san nGleann Garbh i ruith an fhóghmhair i n-indheóin na sluaighte móra bhí fé Chairiú sa Mhumhain a d'iarraidh é a chluithche. Go deimhin, i n-inad iad-san do bheith ag cúmhangudha air, is amhlaidh a bhíodh seisean ag leathnughadh ortha: is 'mdhó cath fuilteach do bhí eatortha agus is minic dob' éigean do'n tsluagh mór teicheadh le n-a n-anam ó'n mbuidhin bhig. Fan na haimsire seo do bhí Ua Súilleabháin agus a mhuinntir ag tnúth le scéala ó'n Spáinn agus iad ullamh ar phreabadh síos go dtí an cuan chómh luath agus chífidís luingeas na Spáinne tagathe isteach. Acht mo léan — dob' é an feitheamh fada ar chosaibh laga é. Tháinig scéala sa deireadh, acht b'in iad na scéalta dhein stalcadh dhá gcroidhe. Do bhí Aodh Ruadh Ua Dómhnaill marbh — an fear do chosain Cúige Uladh chomh maith san i dteannta Aodh Uí Néill agus do chuaidh do'n Spáinn tar éis chatha Chionn tSaile chum iarraidh ar rígh na Spáinne Éire a shaoradh ó chruadh-smacht na n-allmhurach. Do ghéill an Rí dhó agus do bhí suas le chúig mhíle dhéag fear cnósta agus ar tí dul ar an mhuir ag teacht go hÉirinn an tráth tháinig scéala chúcha go raibh Dún Buidhe ar lár agus cuan Bheanntraige i seilbh na Sasannach. Chuir san cosc leis an obair go léir, do scaipeadh na fir, mar ná raibh cuan anois i gCúige Mumhan ná raibh luingeas Shasanna dhá fhaire agus d'fhág san Ua Súilleabháin i n-a aonar san nGleann Garbh gan duine ar tí é réidhteach — an námhaid
neamh-thrócaireach ag bailiughadh agus ag neart- ughadh timcheall air agus gan duine nísa chomh- garaighe dho ná Cúige Uladh, do thabharfadh cabhair ná congnamh dho. I mí Mheithimh an Fhóghmhair do tháinig na droch-scéala so chuige ó'n Spáinn, acht ní raibh an choinneall múchta ar fad air; bhí Aodh Ua Néill fós ag troid i gCúige Uladh agus an fhaid do bhí éinne chum claidheamh do thógaint i gcoinnibh na gcreachadóirí ní staonfadh Ua Súilleabháin. Acht ag déanamh amach ar an Nodlaig do bhí Ua Néill féin ag tabhairt suas. Bhí an namhaid ro-iomad- amhail dó agus dob' éigin do teicheadh. Ní raibh duine anois chum dóthchas do chur ar Dhómhnall agus 'n-a theannta-san bhí sé ag ruith a lón, mná, paistí agus sean-daoine i n-a gcúram air, agus an geimhreadh fuar ag teacht air. Ba léir dó anois ná féadfadh sé fanamhaint níos sia san nGleann Garbh. Acht cá raghadh sé? Ó thuaidh go Cúige Uladh. Bealach do ghearradh dhó féin leis an gclaidheamh agus gach órdlach den tslighe do throid. Ní raibh puinn thar leath na bhfear anois aige mar d'imthigheadar nuair ba léir dóibh ná féadfaidís seasamh, agus an namhaid go líonmhar ar gach taobh dhe. Bhí sneachtadh ar an dtalamh — agus an bóthar fada go Cúige Uladh — suas le trí chéad míle ar fad — tuilthe de shaighdiúiríbh dearga. Fé 'sna h-iomardaíbh seo, badh mhór an gníomh do cheithre chéad fear, slighe do dhéanamh dhóibh féin gan pioc eile bheith le déanamh aca, acht do rug Ua Súilleabháin leis na sean-daoine, na mná agus na páistí agus gach duine go mb'fheárr leis imtheacht 'ná fana- mhaint i bpluais chairrge i bhfolach ar shaigh- diúiríbh Chairiú. Ag fágaint an Ghleanna Ghairbh, do bhí cheithre chéad d'fhearaibh troda aige agus sé chéad de dhaoinibh eile, idir mhnáibh, seirbhísigh, daoine leóinte, sean-daoine agus páistí — míle pearsa ar fad. A bhean Eibhlín agus an páiste dob' úige leó, d'fhág sé i n-a dhiaidh fé thearmonn a chómh-charad Mac Suibhne. An lá deireanach de mhí na Nodlag agus de'n bhliadhain 1602 d'fhág Dómhnall Ua Súilleabháin agus a cheithre chéad laoch, an Gleann Garbh, gan aca acht lón aon lae amháin. Cómh luath agus do fuair an tUach- tarán (Cairiú) amach an fuadar a bhí fútha, do chuir sé fógradh amach ar fuid na tíre chum gach duine i gcontabhairt a gcuid tailimh do chailleamhaint, teacht air gach tráth fhéadfaidís é, de ló agus ist oidhche, a bhóthar do chrosadh, é fhaire 'ge sna háthann- aibh agus cath a thabhairt do; go háirithe ba agus gach uile nídh i gclódh bídh d'aistriughadh as a shlige i gcás go bhfuighidís bás le hocras dá dteipfadh gach éin-nídh eile. Éinne go bhfuighfidhe amach air gur chuadar tré n-a chuid tailimh gan chosc, bhí a chuid tailimh sin i seilbh an Riaghaltais. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services