Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teicheadh Dhomhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.

Title
Teicheadh Dhomhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEICHEADH DHÓMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN
BHÉARA.



Seaghán Ó Cuill do scríobh.



Tuairim agus bliadhain ó shoin do thug Seaghán
Ua Muimhneacháin cunntas beacht do léigh-
theóiríbh an IRISLEABHAIR ar an gcuma i
nár ghaibh an Ridire Cairiú agus a chuid fear
Caisleán Dhúna Buidhe. Ba le Dómhnall
Ua Súilleabháin, Tighearna Bhéara, an cais-
leán so, agus an tráth gabhadh an caisleáin, do
bí an taoiseach féin agus roinnt bheag dá chuid
fear, imthighthe chum fáilte a chur roimh theach-
tairí ó'n Spáinn do bhí tagathe isteach go
cuan Chinn Mara le lón cogaidh agus airgid do
thaoiseachaibh na Mumhan agus fós do ghealladar
go raibh chúig mhíle dhéag fear ag teacht ó'n
Spáinn gan mhoill chum cabharuighthe leó.
Tháinig Dómhnall thar n-ais go Dún Buidhe —
acht mo léan, ní raibh Dún Buidhe roimis
'ná a thuairisc, acht amháin an deatach ag
éirghe i n-áirde, rian na fola ar na clochaibh
do dhein fothain do i n-a óige agus saighdiúirí
dearga ag rith síos agus suas, ag creachadh
annso agus ag dún-mharbhadh annsúd.



Ní raibh tigh anois fá luighe na spéarach
ag Dómhnall, thabharfadh scáth dhó ó'n síon.
Acht níor bhris soin a dhóchas. Bhí na Spáin-
nigh ag teacht, dar leis, agus annsoin do bheadh
sásamh aige as an léir-scrios do himreadh
air féin agus ar a mhuinntir - annsoin do
raidfidhe na madraí fola ó mhághaibh féar-
mhara na Mumhan - annsoin do thógfaidhe
Dún Buidhe arís gan buidheachas do sna
creachadóiríbh do leag é. Do bhailigh sé a
mhuinntir go léir le chéile agus an méid oll-
mhaithis dar fhéad sé agus do aistrigh sé soir go
dtí an Gleann Garbh. Tá cnuic árda tim-
cheall an ghleanna so i dtreó gur deacair
dul isteach ann acht i bhfo-áit. Isteach
annso do chuaidh Ua Súilleabháin agus a mhuinn-
tir agus do chuir sé a chuid saighdiúirí (ní raibh
thar ocht gcéad fear ar fad aige) ins na
bealaighibh go bhféadfaidhe dul isteach san
ngleann agus ar mhullaighibh na gcnoc ag faire
ar an namhaid.



I mí an Mheithimh san mbliadhain 1602 do
thuit na nidhthe seo amach agus d'fhan Ua
Súilleabháin san nGleann Garbh i ruith an
fhóghmhair i n-indheóin na sluaighte móra bhí
fé Chairiú sa Mhumhain a d'iarraidh é a
chluithche. Go deimhin, i n-inad iad-san do
bheith ag cúmhangudha air, is amhlaidh a bhíodh
seisean ag leathnughadh ortha: is 'mdhó cath
fuilteach do bhí eatortha agus is minic dob'
éigean do'n tsluagh mór teicheadh le n-a
n-anam ó'n mbuidhin bhig.



Fan na haimsire seo do bhí Ua
Súilleabháin agus a mhuinntir ag tnúth le
scéala ó'n Spáinn agus iad ullamh ar phreabadh
síos go dtí an cuan chómh luath agus chífidís
luingeas na Spáinne tagathe isteach. Acht
mo léan — dob' é an feitheamh fada ar
chosaibh laga é. Tháinig scéala sa deireadh,
acht b'in iad na scéalta dhein stalcadh dhá
gcroidhe. Do bhí Aodh Ruadh Ua Dómhnaill
marbh — an fear do chosain Cúige Uladh chomh
maith san i dteannta Aodh Uí Néill agus
do chuaidh do'n Spáinn tar éis chatha Chionn
tSaile chum iarraidh ar rígh na Spáinne Éire
a shaoradh ó chruadh-smacht na n-allmhurach.
Do ghéill an Rí dhó agus do bhí suas le chúig
mhíle dhéag fear cnósta agus ar tí dul ar an
mhuir ag teacht go hÉirinn an tráth tháinig
scéala chúcha go raibh Dún Buidhe ar lár agus
cuan Bheanntraige i seilbh na Sasannach.
Chuir san cosc leis an obair go léir, do
scaipeadh na fir, mar ná raibh cuan
anois i gCúige Mumhan ná raibh luingeas
Shasanna dhá fhaire agus d'fhág san Ua
Súilleabháin i n-a aonar san nGleann Garbh
gan duine ar tí é réidhteach — an námhaid


L. 553


neamh-thrócaireach ag bailiughadh agus ag neart-
ughadh timcheall air agus gan duine nísa chomh-
garaighe dho ná Cúige Uladh, do thabharfadh
cabhair ná congnamh dho.



I mí Mheithimh an Fhóghmhair do tháinig na
droch-scéala so chuige ó'n Spáinn, acht ní
raibh an choinneall múchta ar fad air; bhí
Aodh Ua Néill fós ag troid i gCúige Uladh
agus an fhaid do bhí éinne chum claidheamh do
thógaint i gcoinnibh na gcreachadóirí ní
staonfadh Ua Súilleabháin. Acht ag déanamh
amach ar an Nodlaig do bhí Ua Néill féin
ag tabhairt suas. Bhí an namhaid ro-iomad-
amhail dó agus dob' éigin do teicheadh. Ní
raibh duine anois chum dóthchas do chur ar
Dhómhnall agus 'n-a theannta-san bhí sé ag ruith
a lón, mná, paistí agus sean-daoine i n-a
gcúram air, agus an geimhreadh fuar ag teacht
air. Ba léir dó anois ná féadfadh sé
fanamhaint níos sia san nGleann Garbh.
Acht cá raghadh sé? Ó thuaidh go Cúige
Uladh. Bealach do ghearradh dhó féin leis
an gclaidheamh agus gach órdlach den tslighe
do throid. Ní raibh puinn thar leath na
bhfear anois aige mar d'imthigheadar nuair
ba léir dóibh ná féadfaidís seasamh, agus an
namhaid go líonmhar ar gach taobh dhe. Bhí
sneachtadh ar an dtalamh — agus an bóthar fada
go Cúige Uladh — suas le trí chéad míle ar
fad — tuilthe de shaighdiúiríbh dearga. Fé
'sna h-iomardaíbh seo, badh mhór an gníomh
do cheithre chéad fear, slighe do dhéanamh
dhóibh féin gan pioc eile bheith le déanamh
aca, acht do rug Ua Súilleabháin leis na
sean-daoine, na mná agus na páistí agus gach
duine go mb'fheárr leis imtheacht 'ná fana-
mhaint i bpluais chairrge i bhfolach ar shaigh-
diúiríbh Chairiú. Ag fágaint an Ghleanna
Ghairbh, do bhí cheithre chéad d'fhearaibh troda
aige agus sé chéad de dhaoinibh eile, idir mhnáibh,
seirbhísigh, daoine leóinte, sean-daoine agus
páistí — míle pearsa ar fad. A bhean
Eibhlín agus an páiste dob' úige leó, d'fhág sé
i n-a dhiaidh fé thearmonn a chómh-charad Mac
Suibhne.



An lá deireanach de mhí na Nodlag agus
de'n bhliadhain 1602 d'fhág Dómhnall Ua
Súilleabháin agus a cheithre chéad laoch, an
Gleann Garbh, gan aca acht lón aon lae
amháin. Cómh luath agus do fuair an tUach-
tarán (Cairiú) amach an fuadar a bhí fútha,
do chuir sé fógradh amach ar fuid na tíre
chum gach duine i gcontabhairt a gcuid
tailimh do chailleamhaint, teacht air gach
tráth fhéadfaidís é, de ló agus ist oidhche, a
bhóthar do chrosadh, é fhaire 'ge sna háthann-
aibh agus cath a thabhairt do; go háirithe ba agus
gach uile nídh i gclódh bídh d'aistriughadh as
a shlige i gcás go bhfuighidís bás le hocras
dá dteipfadh gach éin-nídh eile. Éinne go
bhfuighfidhe amach air gur chuadar tré n-a
chuid tailimh gan chosc, bhí a chuid tailimh sin i
seilbh an Riaghaltais.



(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services