Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gearr-chúnntas ar Beatha Eoghan Ruaidh Uí Néill (ar leanamhaint).
Title
Gearr-chúnntas ar Beatha Eoghan Ruaidh Uí Néill (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GEARR-CHÚNNTAS AR BEATHA EOGHAN RUAIDH UÍ NÉILL. Do thug marcaigh Eoghain casadh mór-thim- cheall, agus thugadar aghaidh ar eachlachaibh na nAllmhurach, agus do ruagadar iad tríd a gcoisidhthe féin, ag déanamh scit-scut díobh, agus ag cur briseadh iomlán ar na fíor- bhochtáin. B'é críoch an scéil é gur cuireadh briseadh agus fán ar armháil Mhongruaidh, idir chapaill, is choisidhthe, is uile. Do shaor cuid do sna príomh-oifigigh iad féin, acht do dísceadh furmhór de na saighdiúiríbh, agus an méid nár marbhuigheadh, do báthadh san abhainn iad go hobann. Do fuaradh 3,423 de na creachadóirí, idir Albannaigh agus Sacsannaigh, marbh ar chnoc an áir. Do thuit an t-órdonas go léir, arm agus lón-chogaidh, agus cúig céad déag capall chum Eoghain, agus comhthrom bídh do sheasaimh ar feadh dhá mhí dhá arm. Do séideadh arm- chiste Mongruadh sa spéir, nuair a bhí an cath caillte aige, agus buaidhte ag Eoghan. 'Sé is dóighthí gur b'é féin do chuir fé theinidh i dtreó ná tuitfeadh sé isteach i lámha na mbuaidhtheóirí. Níor marbhuigheadh ar Eoghan acht deichneabhar is trí fichid, agus do ghoineadh dhá chéad dá laochaibh calma. Do theich Mongruadh leis féin go mear, leath-nochtaithe, gan chasóg, gan phéirbhig, gan stad, gan staonadh, chum gur shrois sé Lios na gCearrbhach (Lisburn), agus do sháith sé é féin isteach i ndún ann, mar a dhéan- fadh an sionnach é féin do sáthadh i bpluais ó choin an fhiaguidhe. Sin cúnntas ar an gcath do buaileadh i mBeann Borb sa bhliadhain 1646. Deirtear gur chaill oifigigh na hÉireann toradh an chatha mhóir seo tré easbadh aon- dachta, agus nár dheineadar d'réir a chéile, agus géar-leanamhaint do dhéanamh ar a namhad, fé mar a dhein a gceann-urraidh. Go déidheannach sa bhliadhain 1649, agus Eoghan ag gluaiseacht ó Dhoire go dtí an Mhumhain, le súil go dteangmhóghadh sé le Cromail do bhí taréis taisteal ó dheas roimis taréis an choscairt fuilteach ag Droichead Átha, do bhuail taom breóiteachta é i gConn- tae an Chabháin, agus d'éag sé an séamhadh lá de'n tSamhain, i gCaisleán na Cloiche Uachtair. Do b'í an bharamhuil choitchionn í, gur nimh do fuair sé ba thrúig bháis dó, acht 'deir an tAthair a Míodhcháin, seanchuidhe árd-mhúinte, eólghusach, go raibh éidear- bhthacht idir Eoghan agus a dhochtúir. Do adhlacadh Eoghan i Mainistir San Phróinsiais sa chonntae réamhráidhte. Sin mar a thuit an laoch ba chalma, agus ba chródha do bhí sa domhan le n-a linn, agus ó shoin anuas leis, agus sé is dóighthí dá rith- feadh leis maireachtaint go ceann beagán bliadhanta 'n-a dhiaidh soin, go gcuirfeadh sé deireadh leis na hAllmhuraigh i gcríochaibh Éilge go bráth na breithe. Mo chumhadh, is mo dheacair, mar chailleadar súd an laoch, Fear súgach, mear, tapaidh, go raibh acmhuin is lúth n-a ghéig, Fear draganta calma, acmhuineach láidir tréan, Seabhac an cheannais dar bh'ainm Eoghan Ruadh Ó Néill. (Críoch.) SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN. Do chuir Cumann na bPíobairí i mBaile Átha Cliath roinnt pháipéirí ag triall orainn tamall ó shoin. Chímíd as an gcunntas do thugaid ortha féin go bhfuil mórán dá dhéanamh aca chun fíor-cheól na nGaedeal do chur fé réim arís. Bíonn buidhean ar siubhal uair sa tseachtmhain aca i gcóir an phíb d'fhoghluim. Níltar ag déanamh dearmad ar an bpíob mór, agus is maith an nídh é sin. Tá ocht bpuinnt déag d'airgead ar láimh aca tar éis na bliadhna, is ní holc an soláthar é sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services