Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gearr-chúnntas ar Beatha Eoghan Ruaidh Uí Néill (ar leanamhaint).

Title
Gearr-chúnntas ar Beatha Eoghan Ruaidh Uí Néill (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GEARR-CHÚNNTAS
AR
BEATHA EOGHAN RUAIDH UÍ NÉILL.



Do thug marcaigh Eoghain casadh mór-thim-
cheall, agus thugadar aghaidh ar eachlachaibh na
nAllmhurach, agus do ruagadar iad tríd a
gcoisidhthe féin, ag déanamh scit-scut díobh,
agus ag cur briseadh iomlán ar na fíor-
bhochtáin. B'é críoch an scéil é gur cuireadh
briseadh agus fán ar armháil Mhongruaidh,
idir chapaill, is choisidhthe, is uile. Do shaor
cuid do sna príomh-oifigigh iad féin, acht
do dísceadh furmhór de na saighdiúiríbh, agus an
méid nár marbhuigheadh, do báthadh san abhainn
iad go hobann. Do fuaradh 3,423 de na
creachadóirí, idir Albannaigh agus Sacsannaigh,
marbh ar chnoc an áir.



Do thuit an t-órdonas go léir, arm agus
lón-chogaidh, agus cúig céad déag capall chum
Eoghain, agus comhthrom bídh do sheasaimh
ar feadh dhá mhí dhá arm. Do séideadh arm-
chiste Mongruadh sa spéir, nuair a bhí an
cath caillte aige, agus buaidhte ag Eoghan.



'Sé is dóighthí gur b'é féin do chuir fé
theinidh i dtreó ná tuitfeadh sé isteach i lámha
na mbuaidhtheóirí. Níor marbhuigheadh ar
Eoghan acht deichneabhar is trí fichid, agus
do ghoineadh dhá chéad dá laochaibh calma.
Do theich Mongruadh leis féin go mear,
leath-nochtaithe, gan chasóg, gan phéirbhig,
gan stad, gan staonadh, chum gur shrois sé
Lios na gCearrbhach (Lisburn), agus do sháith
sé é féin isteach i ndún ann, mar a dhéan-
fadh an sionnach é féin do sáthadh i bpluais
ó choin an fhiaguidhe.



Sin cúnntas ar an gcath do buaileadh i
mBeann Borb sa bhliadhain 1646.



Deirtear gur chaill oifigigh na hÉireann
toradh an chatha mhóir seo tré easbadh aon-
dachta, agus nár dheineadar d'réir a chéile,
agus géar-leanamhaint do dhéanamh ar a
namhad, fé mar a dhein a gceann-urraidh.



Go déidheannach sa bhliadhain 1649, agus
Eoghan ag gluaiseacht ó Dhoire go dtí an
Mhumhain, le súil go dteangmhóghadh sé le
Cromail do bhí taréis taisteal ó dheas roimis
taréis an choscairt fuilteach ag Droichead
Átha, do bhuail taom breóiteachta é i gConn-
tae an Chabháin, agus d'éag sé an séamhadh lá
de'n tSamhain, i gCaisleán na Cloiche
Uachtair. Do b'í an bharamhuil choitchionn
í, gur nimh do fuair sé ba thrúig bháis dó,
acht 'deir an tAthair a Míodhcháin, seanchuidhe
árd-mhúinte, eólghusach, go raibh éidear-
bhthacht idir Eoghan agus a dhochtúir.



Do adhlacadh Eoghan i Mainistir San
Phróinsiais sa chonntae réamhráidhte.



Sin mar a thuit an laoch ba chalma, agus
ba chródha do bhí sa domhan le n-a linn, agus
ó shoin anuas leis, agus sé is dóighthí dá rith-
feadh leis maireachtaint go ceann beagán
bliadhanta 'n-a dhiaidh soin, go gcuirfeadh
sé deireadh leis na hAllmhuraigh i gcríochaibh
Éilge go bráth na breithe.



Mo chumhadh, is mo dheacair, mar chailleadar súd an
laoch,
Fear súgach, mear, tapaidh, go raibh acmhuin is lúth n-a
ghéig,
Fear draganta calma, acmhuineach láidir tréan,
Seabhac an cheannais dar bh'ainm Eoghan Ruadh Ó
Néill.



(Críoch.)



SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.

Do chuir Cumann na bPíobairí i mBaile Átha Cliath
roinnt pháipéirí ag triall orainn tamall ó shoin.
Chímíd as an gcunntas do thugaid ortha féin go
bhfuil mórán dá dhéanamh aca chun fíor-cheól na
nGaedeal do chur fé réim arís. Bíonn buidhean ar
siubhal uair sa tseachtmhain aca i gcóir an phíb
d'fhoghluim. Níltar ag déanamh dearmad ar an
bpíob mór, agus is maith an nídh é sin. Tá ocht bpuinnt
déag d'airgead ar láimh aca tar éis na bliadhna, is
ní holc an soláthar é sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services