Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cormac Mac Cuileannáin.
Title
Cormac Mac Cuileannáin.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CORMAC MAC CUILEANNÁIN -- Bha é Sneidhghius eagnaide ó Dhísert Diarmada, do bhí mar oide ag Cormac Mac Cuileannáin. San mbliadhain 885 fuair Sneidhghius bás. San mbliadhain 896, bhí malairt ríogh i gCaiseal .i. Cormac Mac Cuileannáin i n-ionad Cinnghéagain nó Fionnguine. San mbliadhain 902, bhí slóigeadh fear Mumhan le Cormac Mac Cuileannáin agus le Flaithbheartach go Maigh Léana. Tionóladh leath Chuinn i n-a n-aghaidh annsin ag Flann Mac Maoilsheachlainn agus fearthar cath eatorra nó gur claonadh ar leath Chuinn agus do cailleadh Maolcraoibhe Ua Cathaláin ann. Bhí slóigh- eadh eile le Cormac agus le Flaithbheartach ar Uibh Néill an deisceirt agus ar Chonnachtaibh go dtugadar gialla Connacht i n-a gcobhlaighibh móra ar Sionainn agus do creachadh innseadha Locha Ríbh leo. San mbliadhain 903 do bhí cath Bhealaigh Mughna le Flann Mac Maoilsheachlainn, rí na hÉireann, agus le Cearbhall Mac Muirigein, rí Laighean, agus le Cathal Mac Conchobhair, rí Connacht, ar Cormac Mac Cuil- eannáin, rí Caisil. Do claonadh an cath ar Chormac. Tháinig sé slán i dtosach an chéad-chatha; acht do léim a chapall i gclais agus do thuit an rí de 'n chapall. Ó choncadar dream d'á mhuinntir sin agus iad ar rioth ó'n
gcath, thángadar d'ionnsuighe an ríogh agus do chuireadar ar a chapall arís é. Is annsin do chonnaic sé dalta dhó féin, uasal d'Eoghanacht do b'eadh é, Aodh a ainm, saoi eagna agus breitheamhnachta agus seanchasa é agus laidne Is eadh adubhairt an rí leis: "A mhic ionmhuin," ar sé, "ná lean díom-sa acht imthigh as amhail is fearr a thiocfas leat. D'innis mé dhuit-se roimhe so go muirfidhe mise san gcath so." D'fhan beagán daoine i bhfochair Chormaic agus tháinig roimhe ar fud na slighe agus ba iomdha fuil daoine agus capall ar fud na slighe sin. Do scuir cosa deireadh a chapaill ar an tslighe shleamhain i sliocht na fola sin; thuit an capall ar a ais siar. Briseadh druim agus muinéal an ríogh ar a dhó adubhairt sé agus "In do lámhaibh-se, a Thigh- earna, toirbhirim mo sriorad," agus thug sé anam uaidh. Tagaid na mic mallachtan éagchráidhbheacha agus ghabhadar sleagha dá cholainn agus bhaineadar a cheann dá cholainn. Ba sgéal brónach a thuitim, óir rí, easpog, manach, sgríbhneóir, agus eagnaidhe críochnuighthe i dTeangaidh na Gaedhilge do b'eadh é. Fiach Ua Ugfadhan ó Denlis is eadh do bhain a cheann de Chormac. MAOLMHUIRE. Do sholathruigh agus d'aistrigh go beo-Gaedhilg é Annálaibh Ríoghachta na hÉireann agus ó Réamhfhocal do "Three Irish Glossaries," le Whitley Stokes.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services