Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gearr-chúnntas ar Beatha Eoghan Ruaidh Uí Néill (ar leanamhaint).
Title
Gearr-chúnntas ar Beatha Eoghan Ruaidh Uí Néill (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GEARR-CHÚNNTAS ar BEATHA EOGHAN RUAIDH UÍ NÉILL. (Ar leanmhaint.) Go déidheannach sa bhliadhain i 643, do bhí arm Éoghain laguighthe beagán, agus do bhíodar mar sin chum gur chabhruigh Tighearna Caisleán Chuain (Castlehaven)leis le trí míle fear. Níor thuit aon chath 'ná aon chómhrac iongantach amach ins an bliadhanta 1644 agus 1645, cé go raibh mórán de ruadh-chathanna eatortha, agus do bhíodh an lamh uachtair ag Eoghan ar na fealltóiríbh go minic agus ag Mongruadh ar an dtaobh eile chomh maith. Go luath sa bhliadhain 1646, do fuair Eoghain é féin gléasta go cumasach agus go cródha. B'é líon a shluagh chúig mhíle coisidhthe agus chúig céad marcach. Do bhí mórán dá shaighdiúiríbh go cliste, agus go múinte i n-úsáid arm, agus ba chosmhail ortha, agus do b'í an bharamhail choithchionn í, go rabhadar i seirbhís amuigh is ag baile go minic cheana, do bhíodar chomh deas-lámhach agus chomh eóldhach soin. Do mheas sé gan, teangmháil leis na Sasannaigh chum go bhfaghadh sé áit oireamhnach chum é féin do shuidhe síos, agus ar an innsint sin do ghluais sé go dtí Árd Macha. Nuair airigh Mongruadh go raibh sé ag teacht, do cheap sé féin agus a lucht leanamhna a ngaisce d'imirt ar Eoghan, agus cómh- rac dian mí-thrócaireach do thabhairt, dá mb'fhéidir dó é. B'é líon an tsluaigh Albannach sé mhíle coisidhthe, ocht gcéad marcach, agus sé cinn de ghunnaí móra. Do reir scríbhinn Mhongruaidh do fuaradh seal 'n-a dhiaidh sin, ní raibh sé chomh cumasach sain i n-aon-chor. Do bhí faitchíos ar Mongruadh go mbuailfeadh Eoghan um a dhearbhráthair do bhí 'n-a cheann-urraidh ar dhíorma marcach i gCúil Raithin (Coleraine). Do bhí Eoghan i gcampa an uair seo, i n-áit go nglaoidhtar an Glasloch (Glasslough) air, agus dúil aige ball ní ba threise d'fhagháil, agus do ghluais sé go deithneasach go dtí Beann Borb, agus d'ullmhuigh sé é féin go mear i gcóir chatha. Do b'é seo an cúigeadh lá de Mheitheamh an tSamhraidh. An lá céadna do ghluais Mongruadh go hÁrd Macha, ag loscadh agus ag léirscrios gach aon áit roimis, agus do choingibh sé comhgarach do Bheann Borb, mar shúil go ndíonfadh sé a
dhearbhráthair, do bhí go héislinneach an uair sin, agus gearrtha amach beag nach ag arm Eoghain, do bhí i ngiorracht dó. Deall- ruigheann sé go raibh Mongruadh agus a shluaighte ag dul chum cinn go hiongantach ar feadh tamaill, agus 'sé is dóighthí go bhfuaradar srian fada a ndóthain ó n-a namhaid, i dtreó go meallfaidhe iad i ndainnséar 'n-a dhiaidh soin. Do bhíodar sáruighthe ag sluagh Eoghain, ar a cúig a chlog, agus iad tuirseach, tnáithte fá ghréin teasaidhe an Mheithimh do bhí ag lonnradh go scóltha 'n-a n-aghaidh. Do chonnaic Mongruadh sluagh marcach ag teacht aniar-adtuaidh, agus do dhear- bhuigh sé gur bh'iad camthaí a dhearbhráthar do bhí ag teacht chum cabhrughadh leis, agus do bhí sé lán deimhnitheach go raibh an cath buaidhte glan gan moill aige. Acht mo bhrón guirt, do bhí an fear bocht meallta, mar do chuir suim neómite i n-umhail dó gur bh'iad na Caitlicigh a bhí ann fá Mhath- ghamhan agus Mac Shuibhne, ag teacht ó Dún Geanainn (Dungannon), t'réis ríogh- ruathar marbhthach do thabhairt ar a dhear bhráthair, agus a chualacht marcach. Níor staon na hAlbannaigh san gcomhrac, agus do leanadar ortha ag tabhairt fá thaobh chlí Eoghain. Ar an neómat riachtanach d'órduigh Eoghan dá mharcaigh éadtroma iad d'ionnsuidhe. Do bhí sé ró-dhian ar na Gallaibh an t-amus so do sheasamh, agus do bhriseadar suas, agus do ritheadar idir scian scolb, mórán díobh ag tuitim le faobhar claidhmhte agus pící, i dteannta mór- chuid aca do bháthadh ins na hinnidhibh, do bhí ag teicheadh le n-a n-anam. Anois do bhí an cath dá bhualadh go coitchionn, agus nuair a chonnaic Eoghan an bhuntáiste do bhí aige ar a námhad, d'órduigh sé do na fir iad d'ionnsuidhe go lán-fhórsach. Do ghluais coisidhthe Eoghain i gcoinnibh an chnuic go socair, go borb, agus go neamhspleádhach i gconfadh chatha, agus do luigheadar ar a námhaid do chlaoidhe. Ba dhíomhaoin do chaith Mongruadh a chamthaí n-a n-aghaidh, agus mar an gcéadna do Bhléiní, do seasaimh go fearamhail agus go tréan gan stríocadh san gcomhrac. Cé go raibh na hÉireannaigh gan cosnamh fá theinidh agus philéir, ó ghunnaí Mhongruaidh, do thógadar an cnoc árd gan urchar do chaitheamh, agus do dhlúthuigheadar ar a námhaid go fíochmhar le faobhar claidheamh agus pící. Do sheasaimh Bléiní ar feadh tamaill acht do chaith sé géilleadh sa deireadh do neart neamhthuirse, agus chródhacht na nÉireannach. Ba dhuadhamhail, agus ba an- dheacair do Mhongruadh bheith ag iarraidh a shluaighte chongbháilt le n-a chéile anois. (Ní críoch.) SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services