GEARR-CHÚNNTAS
ar
BEATHA EOGHAN RUAIDH UÍ NÉILL.
(Ar leanmhaint.)
Go déidheannach sa bhliadhain i 643, do
bhí arm Éoghain laguighthe beagán, agus do
bhíodar mar sin chum gur chabhruigh Tighearna
Caisleán Chuain (Castlehaven)leis le trí míle
fear. Níor thuit aon chath 'ná aon chómhrac
iongantach amach ins an bliadhanta 1644 agus
1645, cé go raibh mórán de ruadh-chathanna
eatortha, agus do bhíodh an lamh uachtair ag
Eoghan ar na fealltóiríbh go minic agus ag
Mongruadh ar an dtaobh eile chomh maith.
Go luath sa bhliadhain 1646, do fuair
Eoghain é féin gléasta go cumasach agus
go cródha. B'é líon a shluagh chúig mhíle
coisidhthe agus chúig céad marcach. Do bhí
mórán dá shaighdiúiríbh go cliste, agus
go múinte i n-úsáid arm, agus ba chosmhail
ortha, agus do b'í an bharamhail choithchionn í,
go rabhadar i seirbhís amuigh is ag baile go
minic cheana, do bhíodar chomh deas-lámhach
agus chomh eóldhach soin. Do mheas sé gan,
teangmháil leis na Sasannaigh chum go
bhfaghadh sé áit oireamhnach chum é féin do
shuidhe síos, agus ar an innsint sin do ghluais sé
go dtí Árd Macha.
Nuair airigh Mongruadh go raibh sé ag
teacht, do cheap sé féin agus a lucht leanamhna
a ngaisce d'imirt ar Eoghan, agus cómh-
rac dian mí-thrócaireach do thabhairt, dá
mb'fhéidir dó é. B'é líon an tsluaigh
Albannach sé mhíle coisidhthe, ocht gcéad
marcach, agus sé cinn de ghunnaí móra. Do
reir scríbhinn Mhongruaidh do fuaradh seal
'n-a dhiaidh sin, ní raibh sé chomh cumasach sain
i n-aon-chor. Do bhí faitchíos ar Mongruadh
go mbuailfeadh Eoghan um a dhearbhráthair
do bhí 'n-a cheann-urraidh ar dhíorma marcach
i gCúil Raithin (Coleraine). Do bhí Eoghan i
gcampa an uair seo, i n-áit go nglaoidhtar
an Glasloch (Glasslough) air, agus dúil aige
ball ní ba threise d'fhagháil, agus do ghluais
sé go deithneasach go dtí Beann Borb,
agus d'ullmhuigh sé é féin go mear i gcóir
chatha. Do b'é seo an cúigeadh lá de
Mheitheamh an tSamhraidh. An lá céadna
do ghluais Mongruadh go hÁrd Macha, ag
loscadh agus ag léirscrios gach aon áit
roimis, agus do choingibh sé comhgarach do
Bheann Borb, mar shúil go ndíonfadh sé a
dhearbhráthair, do bhí go héislinneach an uair
sin, agus gearrtha amach beag nach ag arm
Eoghain, do bhí i ngiorracht dó. Deall-
ruigheann sé go raibh Mongruadh agus a
shluaighte ag dul chum cinn go hiongantach
ar feadh tamaill, agus 'sé is dóighthí go
bhfuaradar srian fada a ndóthain ó n-a
namhaid, i dtreó go meallfaidhe iad i
ndainnséar 'n-a dhiaidh soin.
Do bhíodar sáruighthe ag sluagh Eoghain,
ar a cúig a chlog, agus iad tuirseach,
tnáithte fá ghréin teasaidhe an Mheithimh do
bhí ag lonnradh go scóltha 'n-a n-aghaidh.
Do chonnaic Mongruadh sluagh marcach
ag teacht aniar-adtuaidh, agus do dhear-
bhuigh sé gur bh'iad camthaí a dhearbhráthar
do bhí ag teacht chum cabhrughadh leis, agus
do bhí sé lán deimhnitheach go raibh an cath
buaidhte glan gan moill aige. Acht mo
bhrón guirt, do bhí an fear bocht meallta,
mar do chuir suim neómite i n-umhail dó
gur bh'iad na Caitlicigh a bhí ann fá Mhath-
ghamhan agus Mac Shuibhne, ag teacht ó
Dún Geanainn (Dungannon), t'réis ríogh-
ruathar marbhthach do thabhairt ar a dhear
bhráthair, agus a chualacht marcach.
Níor staon na hAlbannaigh san gcomhrac,
agus do leanadar ortha ag tabhairt fá
thaobh chlí Eoghain. Ar an neómat riachtanach
d'órduigh Eoghan dá mharcaigh éadtroma
iad d'ionnsuidhe. Do bhí sé ró-dhian ar na
Gallaibh an t-amus so do sheasamh, agus
do bhriseadar suas, agus do ritheadar idir
scian scolb, mórán díobh ag tuitim le
faobhar claidhmhte agus pící, i dteannta mór-
chuid aca do bháthadh ins na hinnidhibh, do bhí
ag teicheadh le n-a n-anam. Anois do bhí
an cath dá bhualadh go coitchionn, agus nuair
a chonnaic Eoghan an bhuntáiste do bhí aige
ar a námhad, d'órduigh sé do na fir iad
d'ionnsuidhe go lán-fhórsach. Do ghluais
coisidhthe Eoghain i gcoinnibh an chnuic go
socair, go borb, agus go neamhspleádhach i
gconfadh chatha, agus do luigheadar ar a
námhaid do chlaoidhe.
Ba dhíomhaoin do chaith Mongruadh a
chamthaí n-a n-aghaidh, agus mar an gcéadna
do Bhléiní, do seasaimh go fearamhail agus
go tréan gan stríocadh san gcomhrac.
Cé go raibh na hÉireannaigh gan cosnamh
fá theinidh agus philéir, ó ghunnaí Mhongruaidh,
do thógadar an cnoc árd gan urchar do
chaitheamh, agus do dhlúthuigheadar ar a
námhaid go fíochmhar le faobhar claidheamh agus
pící. Do sheasaimh Bléiní ar feadh tamaill
acht do chaith sé géilleadh sa deireadh do
neart neamhthuirse, agus chródhacht na
nÉireannach. Ba dhuadhamhail, agus ba an-
dheacair do Mhongruadh bheith ag iarraidh a
shluaighte chongbháilt le n-a chéile anois.
(Ní críoch.)
SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11