Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE. Donnchadh Ó Laogaire do scríobh (Ar leanmhaint) Gan moill taréis na buadha so, thriall an dá rígh go Baile Átha Cliath, agus d'fhanadar ann ar feadh seacht n-oidhche. Do leagadar dúnta na n-allmhurach, agus níor fhágadar nídh luachmhar ann gan breith leó, agus chuireadar Sitric chum fáin. Thárlaidh an nídh seo san mbliadhain 999 A.D. Anois bhí Brian agus Maolseachlainn i n-a bhfíor-cháirde dá chéile; acht measaim go
raibh fuadar fé Bhrian a chuid sciathán do leathadh. Tar éis oidhche do chaitheamh i bhfochair Mhaolsheachlainn san Midhe, ar a dteacht ó Bhaile Átha Cliath, thóg Brian leis a shluaighte go hÁrd Macha, ar cuaird chum na cathrach naomhtha sin; acht deallruigheann sé go raibh sé ar intinn a chlú do chur i bhfaid. D'fhan sé ann ar feadh seachtmhaine, agus bhronn sé deich n-únsa óir ar altóir an Árd-theampaill. D'fhear an tÁrd-easpog fáilte croidheamhail roimis, agus fuair sé an urraim sin a bhíonn oireamhnach dá leithéid de dhuine, agus scríobh síos a chuaird i Leabhar Phádruig. Ní bhfuair sé aon tsluaighte san dtuaisceart; acht, ar a ghluaiseacht o dheas, chualaidh sé gur tháinig na Danair tar ais go Baile Átha Cliath, agus go rabhadar ag tóg- aint na cathrach arís, agus go rabhadar lán- toilteanach chum luighe fé láim Bhriain agus sluaighte thabhairt do, acht, san am chéadna, ná rabhadar ar aigne aon taobh aca do thabh- airt do Mhaolsheachlainn. Do dhall an méid seo Brian. Bhí dúil ró-mhór aige an lámh uachtair d'fhagháil ar Mhaolsheachlainn. Bhí an tairgsint faghálta aige, is ba dheacair is dócha í eiteach. Do ghlac sé an tairg- sint, agus dhlúthaigh sé na fórsaí allmhúrdha le n-a chuid féin, agus, 'n-a theannta soin, do thug sé a inghean le pósadh do Shitric. Bhris sé síth le Maolsheachlainn láithreach buill, agus ghluais sé féin agus a chliamhain, agus a shluaighte go léir, isteach san Midhe go fuadarach. Sheasaimh Maolsheachlainn go crodha i n-a gcoinnibh, agus bhuaidh sé ar shluagh thosaigh Lochlannach Bhriain. Nuair chonnaic Brian go raibh an scéal so amhlaidh, d'iompuigh sé thar ais gan cath do thabhairt uaidh ná creach d'aon tsórd do thabhairt leis. Níor chuir sé riamh as a aigne teidiol Árd-Ríogh do thréigean, agus ó n-a ghéar-chúis féin do rith leis an nídh sin do chomhlíonadh i gceann beagán aimsire. Ní bheadh crot ná cuma ar a bheatha gan éirighe ós cionn Mhaolsheachlainn. Má bhí aon fhear i nÉirinn ar a chumas caradas do dhéanamh leis na daoine, b'é Brian Bóroimhe an fear sin. Do bhronn sé airm agus tabharaistí go líonmhar, agus b'fhaírsing é a cháirdeas ar gach taobh. De dheascaibh a chéad chleamhnais le Mór inghean Uí Éidhin, agus, tar éis a báis, phós sé an ath-uair Dubhachailbhe inghean Uí Chonchubhair. Bhí na treabhacha ba cháirdeamhla i gConnacht dlúthuighthe aige le n-a thaoibh. Fuair sé ceann d'inghineachaibh Goduin, an tIarla comhachtach Chint, mar mhnaoi dá dhara mac; agus thug sé inghean leis féin i gcleamhnas do Fhlaith na Scot, agus ceann eile do Shitric, Rí Lochlannach Bhaile Átha Cliath. Nuair chonnaic Maolsheachlainn go raibh Brian ag dul i gcáirdeamhlacht gach lá ar an dtaobh thiar de'n tSionainn, bhí sé ar aigne cosc do chur leis, dá mb'fhéidir é. Le cead agus cabhair Uí Chonchubhair, tháinig sé san mbliadhain d'aois ár dTighearna 1000 agus chuir sé dá dhroichead ar an Sionainn - ceann ag Áth Luain, agus ceann eile tamall i dtaobh thuas de. Acht ba mhar a chéile é, agus is fíor é an sean-fhocal a deir "gur minic a bhain duine slat do thabharfadh riastáil mhaith dho féin." Dhein Maolsheachlainn na droichid, agus Brian a fuair a sochar. Nuair bhí Maolsheachlainn ag déanamh droichead Bhéal Átha Luain, tháinig Brian le sluagh comhachtach do bhí bailighthe aige as gach áit acht Cúige Uladh amháin. Ag Béal Átha Luain do tionóladh an t-agallamh do b'ion- ghantaighe do thárlaidh le n-a linn. Thug Brian de rogha do Mhaolsheachlainn cath fuilteach do thabhairt uaidh san am soin áirighthe, nó umhlaidheacht do thabhairt do féin. Do réir na sean-úghdar, fuair sé mí ar dtúis, agus, mara mbeadh a aigne
déanta suas aige san am soin, go gcaith- feadh sé taobh éigin aca ghabháil le n'ais bliadhain ó'n lá soin. Nuair a bhí an bhliadh- ain caithte, ghluais Brian isteach san Midhe, agus chuir sé suas a longphort ag Teamhair. Dhein Maolsheachlainn a chroidhe dichill ar cháirdeas do dhéanamh le Niallaigh Chúige Uladh, acht theip sé air. Bhí fhios aige ná raibh sé congantach a dhóthain chum cath do thabhairt do Bhrian, agus uime sin tháinig sé agus chuir sé é féin ar choimirc Bhriain gan urradh gan urradhas. Bhuail an dá laoch groidhe uim a chéile ar an láthair sin go sibhialta caradach le chéile, agus, ar scaramhaint le n-a chéile dhóibh, thug Brian an oiread capall do Mhaolsheachlainn agus a bhí de choisidhthe i n-a fhochair nuair tháinig sé dá fhiosrughadh. Thar- laidh an nídh seo san mbliadhain 1001. San am so bhí Brian trí fichid bliadhain d'aois, agus Maolsheachlainn chúig bhliadhna déag agus dá- fhichid. Bhí láithreach ag an dtionól so flaithe agus taoisigh na nGaedheal ar fad, acht amháin Flaith Aileach agus Tighearnaí Thír Eoghain agus Tír Chonaill. Rud is iongantaighe 'ná sain, bhí láithreach ann chomh maith gcéadna tighearnaí Lochlannach Bhaile Átha Cliath, Loch gCarmain, Portláirge, agus Chorcaighe. Bhí Brian san am chéadna ag iarraidh go cruaidh ar an ndream so cáir- deas do dhéanamh leis. Táimíd ag druidim anois chum na haimsire ba ghlórmhaire i mbeatha Bhriain. Chítar anois nách do réir oighreachta, bhí teidiol Árd-Ríogh as so amach, acht an té is treise bheith i n-uachtar. Ar dhíth-chor- óiniughadh Mhaolsheachlainn le Brian, bhí sliocht Éibhir arís i n-árd-réim. Thug Brian anois seans do gach treibh chomhachtaigh seilbh an Árd-Ríogh do ghabháil le buadh arm nó ar aon tslighe go mbeadh siad oireamhnach chuige, acht i ndeireadh na mbeart sé an rud do tháinig a toradh na hoibre seo, ná gur chailleadar seilbh an oileáin eatortha. Tar éis bháis Bhriain, bhí Muinntir Chonchúbhair Uí Néill agus Uí Bhriain ag iomaidh le chéile féachaint cé aca gheóbhadh riaghlughadh na hÉireann. Bhí gach treibh aca ró-thréan, ró-bhorb agus ní staonfaidís dá chéile agus an fhaid a bhíodar ag coimheascar 'sag troid eatortha féin, do sleamhnuigh an Normanach isteach, agus bhíodar annsoin gan Mhurchadh gan Mhághnus. Do dhall an tsainnt agus an urchóid gach aon taobh aca. Tar éis dá fhichid bliadhan do chaitheamh ag troid 'sag coimheascar ar son ceannais an Árd-Ríogh, nuair fuair Brian é féin san gcathaoir ríoghdha níor thug sé aon fhaillighe i ngnóthaibh a ríoghachta, chuir se a chumhacht i bhfeidhm go fórsamhail. B'iad Niallaigh Uladh an dream ba mhó thug trioblóid dó; san mbliadhain 1002. Chuir sé cath ortha so ag Baile an tSodair, i gCo. Sligigh, is b'éigean dóibh bheith umhal dó. San mblia- dhain 1005, chuaidh sé go hÁrd Macha, agus d'fhán sé ann ar feadh seachtmhaine, ag glacadh sluaighte ó gach áit na thimcheall agus ar a fhágail dó, bhronn sé fiche únsa óir ar altóir Phádraig. San mbliadhain 1005 ghluais sé tré Chonnachta, trasna na hÉirne ag Béal Átha Seanaigh, agus ghaibh sé tré Thír Chonaill agus Tír Eóghain, trasna na Banna go hAnntroim, agus d'fhill sé tar ais tré Conntae an Dúin agus Dún Dealgan, agus shrois sé Teamhair timcheall Oidhche Lughnasa. San mbliadhain chéadna seo, agus an dá bhliadhain do bhí chughainn, thug sé na cúrsaí céadna i dtreo gur smach- tuigh sé Cúige Uladh gan oiread agus aon bhraon amháin fola do dhortadh agus go raibh sé chomh comhachtach ag Tóchar na bhFomórach is do bhí sé ag Droichead Béal Átha Luain. 'N-a dhún féin ag Ceann Choradh thug sé
fleadh uaidh um Nodlaig do thrí mhile pearsa, ar a raibh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath agus Mhanainn an díbirtheach Iarla Chint, Rígh óg na Scot, Flaithe áirithe ó'n mBreatain, ó'n Múmhan, ó Ultaibh, ó Laighin agus ó Chonnacht agus a shluaighthe féin. Chum féile agus flúirseachth Cheann Choradh do choiméad suas thigeadh gach Cúige le n-a cáin féin gach lá Samhna ann: Ulaidh 500 bó, an oiread céadna muc, agus trí fichid ualach iarainn; Laighin, 300 bullán, 300 muc, agus 300 ualach iarainn; chuireadh Osraighe agus an Deas Mhumhain agus áitibh eile, nidhthe uatha do réir a n-acmhuinne; chuireadh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath 150 píopa fíona agus Lochlannaigh Luimnigh, 365 píopaí de fhíon dearg uatha. Ní raibh cíos ná cáin as Chlann Chais, acht bhí ar an chuid eile d'Éirinn iad do bheathughadh. Measaim nár mhisde "Saoghal Órdha" na hÉireann do ghairm ar an aimsir seo, bhí biadh agus beatha ann go flúirseach agus síothcháin agus sonas ar fuaid na tíre, léigheann agus foghluim fé árd-mheas, an chruit cheólmhar ins gach teaghlach ó Dhún na nGall go Corca Uí Dhuibhne, filídhe fé réim agus seanchaidhthe ag léir-mhíniughadh stair a sean agus a sinsear. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services