AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE.
Donnchadh Ó Laogaire
do scríobh
(Ar leanmhaint)
Gan moill taréis na buadha so, thriall
an dá rígh go Baile Átha Cliath, agus
d'fhanadar ann ar feadh seacht n-oidhche.
Do leagadar dúnta na n-allmhurach,
agus níor fhágadar nídh luachmhar ann
gan breith leó, agus chuireadar Sitric chum
fáin. Thárlaidh an nídh seo san mbliadhain
999 A.D.
Anois bhí Brian agus Maolseachlainn i n-a
bhfíor-cháirde dá chéile; acht measaim go
raibh fuadar fé Bhrian a chuid sciathán do
leathadh. Tar éis oidhche do chaitheamh i
bhfochair Mhaolsheachlainn san Midhe, ar a
dteacht ó Bhaile Átha Cliath, thóg Brian leis
a shluaighte go hÁrd Macha, ar cuaird chum
na cathrach naomhtha sin; acht deallruigheann
sé go raibh sé ar intinn a chlú do chur i
bhfaid. D'fhan sé ann ar feadh seachtmhaine,
agus bhronn sé deich n-únsa óir ar altóir an
Árd-theampaill. D'fhear an tÁrd-easpog
fáilte croidheamhail roimis, agus fuair sé an
urraim sin a bhíonn oireamhnach dá leithéid
de dhuine, agus scríobh síos a chuaird i Leabhar
Phádruig. Ní bhfuair sé aon tsluaighte san
dtuaisceart; acht, ar a ghluaiseacht o dheas,
chualaidh sé gur tháinig na Danair tar ais
go Baile Átha Cliath, agus go rabhadar ag tóg-
aint na cathrach arís, agus go rabhadar lán-
toilteanach chum luighe fé láim Bhriain agus
sluaighte thabhairt do, acht, san am chéadna,
ná rabhadar ar aigne aon taobh aca do thabh-
airt do Mhaolsheachlainn. Do dhall an méid
seo Brian. Bhí dúil ró-mhór aige an lámh
uachtair d'fhagháil ar Mhaolsheachlainn. Bhí
an tairgsint faghálta aige, is ba dheacair
is dócha í eiteach. Do ghlac sé an tairg-
sint, agus dhlúthaigh sé na fórsaí allmhúrdha le
n-a chuid féin, agus, 'n-a theannta soin, do thug
sé a inghean le pósadh do Shitric. Bhris sé
síth le Maolsheachlainn láithreach buill, agus
ghluais sé féin agus a chliamhain, agus a shluaighte
go léir, isteach san Midhe go fuadarach.
Sheasaimh Maolsheachlainn go crodha i n-a
gcoinnibh, agus bhuaidh sé ar shluagh thosaigh
Lochlannach Bhriain. Nuair chonnaic Brian
go raibh an scéal so amhlaidh, d'iompuigh sé
thar ais gan cath do thabhairt uaidh ná creach
d'aon tsórd do thabhairt leis.
Níor chuir sé riamh as a aigne teidiol
Árd-Ríogh do thréigean, agus ó n-a ghéar-chúis
féin do rith leis an nídh sin do chomhlíonadh i
gceann beagán aimsire. Ní bheadh crot ná
cuma ar a bheatha gan éirighe ós cionn
Mhaolsheachlainn. Má bhí aon fhear i nÉirinn
ar a chumas caradas do dhéanamh leis na
daoine, b'é Brian Bóroimhe an fear sin.
Do bhronn sé airm agus tabharaistí go
líonmhar, agus b'fhaírsing é a cháirdeas ar gach
taobh. De dheascaibh a chéad chleamhnais le
Mór inghean Uí Éidhin, agus, tar éis a báis,
phós sé an ath-uair Dubhachailbhe inghean Uí
Chonchubhair. Bhí na treabhacha ba cháirdeamhla
i gConnacht dlúthuighthe aige le n-a thaoibh.
Fuair sé ceann d'inghineachaibh Goduin, an
tIarla comhachtach Chint, mar mhnaoi dá
dhara mac; agus thug sé inghean leis féin i
gcleamhnas do Fhlaith na Scot, agus ceann eile
do Shitric, Rí Lochlannach Bhaile Átha Cliath.
Nuair chonnaic Maolsheachlainn go raibh
Brian ag dul i gcáirdeamhlacht gach lá ar
an dtaobh thiar de'n tSionainn, bhí sé ar
aigne cosc do chur leis, dá mb'fhéidir é.
Le cead agus cabhair Uí Chonchubhair, tháinig sé
san mbliadhain d'aois ár dTighearna 1000 agus
chuir sé dá dhroichead ar an Sionainn -
ceann ag Áth Luain, agus ceann eile tamall
i dtaobh thuas de. Acht ba mhar a chéile é, agus
is fíor é an sean-fhocal a deir "gur minic
a bhain duine slat do thabharfadh riastáil
mhaith dho féin." Dhein Maolsheachlainn na
droichid, agus Brian a fuair a sochar. Nuair
bhí Maolsheachlainn ag déanamh droichead
Bhéal Átha Luain, tháinig Brian le sluagh
comhachtach do bhí bailighthe aige as gach áit
acht Cúige Uladh amháin. Ag Béal Átha
Luain do tionóladh an t-agallamh do b'ion-
ghantaighe do thárlaidh le n-a linn. Thug
Brian de rogha do Mhaolsheachlainn cath
fuilteach do thabhairt uaidh san am soin
áirighthe, nó umhlaidheacht do thabhairt do
féin. Do réir na sean-úghdar, fuair sé
mí ar dtúis, agus, mara mbeadh a aigne
déanta suas aige san am soin, go gcaith-
feadh sé taobh éigin aca ghabháil le n'ais
bliadhain ó'n lá soin. Nuair a bhí an bhliadh-
ain caithte, ghluais Brian isteach san Midhe,
agus chuir sé suas a longphort ag Teamhair.
Dhein Maolsheachlainn a chroidhe dichill ar
cháirdeas do dhéanamh le Niallaigh Chúige
Uladh, acht theip sé air. Bhí fhios aige ná raibh
sé congantach a dhóthain chum cath do thabhairt
do Bhrian, agus uime sin tháinig sé agus chuir sé é
féin ar choimirc Bhriain gan urradh gan
urradhas. Bhuail an dá laoch groidhe uim a
chéile ar an láthair sin go sibhialta caradach
le chéile, agus, ar scaramhaint le n-a chéile
dhóibh, thug Brian an oiread capall do
Mhaolsheachlainn agus a bhí de choisidhthe i n-a
fhochair nuair tháinig sé dá fhiosrughadh. Thar-
laidh an nídh seo san mbliadhain 1001. San
am so bhí Brian trí fichid bliadhain d'aois, agus
Maolsheachlainn chúig bhliadhna déag agus dá-
fhichid. Bhí láithreach ag an dtionól so
flaithe agus taoisigh na nGaedheal ar fad, acht
amháin Flaith Aileach agus Tighearnaí Thír
Eoghain agus Tír Chonaill. Rud is iongantaighe
'ná sain, bhí láithreach ann chomh maith
gcéadna tighearnaí Lochlannach Bhaile Átha
Cliath, Loch gCarmain, Portláirge, agus
Chorcaighe. Bhí Brian san am chéadna ag
iarraidh go cruaidh ar an ndream so cáir-
deas do dhéanamh leis.
Táimíd ag druidim anois chum na
haimsire ba ghlórmhaire i mbeatha Bhriain.
Chítar anois nách do réir oighreachta, bhí
teidiol Árd-Ríogh as so amach, acht an
té is treise bheith i n-uachtar. Ar dhíth-chor-
óiniughadh Mhaolsheachlainn le Brian, bhí
sliocht Éibhir arís i n-árd-réim. Thug Brian
anois seans do gach treibh chomhachtaigh seilbh
an Árd-Ríogh do ghabháil le buadh arm nó ar
aon tslighe go mbeadh siad oireamhnach
chuige, acht i ndeireadh na mbeart sé an
rud do tháinig a toradh na hoibre seo, ná
gur chailleadar seilbh an oileáin eatortha.
Tar éis bháis Bhriain, bhí Muinntir Chonchúbhair
Uí Néill agus Uí Bhriain ag iomaidh le chéile
féachaint cé aca gheóbhadh riaghlughadh na
hÉireann. Bhí gach treibh aca ró-thréan,
ró-bhorb agus ní staonfaidís dá chéile agus
an fhaid a bhíodar ag coimheascar 'sag troid
eatortha féin, do sleamhnuigh an Normanach
isteach, agus bhíodar annsoin gan Mhurchadh
gan Mhághnus. Do dhall an tsainnt agus
an urchóid gach aon taobh aca.
Tar éis dá fhichid bliadhan do chaitheamh ag
troid 'sag coimheascar ar son ceannais an
Árd-Ríogh, nuair fuair Brian é féin san
gcathaoir ríoghdha níor thug sé aon fhaillighe
i ngnóthaibh a ríoghachta, chuir se a chumhacht i
bhfeidhm go fórsamhail. B'iad Niallaigh
Uladh an dream ba mhó thug trioblóid dó;
san mbliadhain 1002. Chuir sé cath ortha
so ag Baile an tSodair, i gCo. Sligigh, is
b'éigean dóibh bheith umhal dó. San mblia-
dhain 1005, chuaidh sé go hÁrd Macha, agus
d'fhán sé ann ar feadh seachtmhaine, ag
glacadh sluaighte ó gach áit na thimcheall
agus ar a fhágail dó, bhronn sé fiche únsa
óir ar altóir Phádraig. San mbliadhain
1005 ghluais sé tré Chonnachta, trasna na
hÉirne ag Béal Átha Seanaigh, agus ghaibh sé
tré Thír Chonaill agus Tír Eóghain, trasna
na Banna go hAnntroim, agus d'fhill sé
tar ais tré Conntae an Dúin agus Dún
Dealgan, agus shrois sé Teamhair timcheall
Oidhche Lughnasa. San mbliadhain chéadna
seo, agus an dá bhliadhain do bhí chughainn, thug
sé na cúrsaí céadna i dtreo gur smach-
tuigh sé Cúige Uladh gan oiread agus aon
bhraon amháin fola do dhortadh agus go raibh
sé chomh comhachtach ag Tóchar na bhFomórach
is do bhí sé ag Droichead Béal Átha Luain.
'N-a dhún féin ag Ceann Choradh thug sé
fleadh uaidh um Nodlaig do thrí mhile
pearsa, ar a raibh Lochlannaigh Bhaile Átha
Cliath agus Mhanainn an díbirtheach Iarla
Chint, Rígh óg na Scot, Flaithe áirithe ó'n
mBreatain, ó'n Múmhan, ó Ultaibh, ó Laighin
agus ó Chonnacht agus a shluaighthe féin.
Chum féile agus flúirseachth Cheann Choradh
do choiméad suas thigeadh gach Cúige le n-a
cáin féin gach lá Samhna ann: Ulaidh 500
bó, an oiread céadna muc, agus trí fichid
ualach iarainn; Laighin, 300 bullán, 300
muc, agus 300 ualach iarainn; chuireadh
Osraighe agus an Deas Mhumhain agus áitibh
eile, nidhthe uatha do réir a n-acmhuinne;
chuireadh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath 150
píopa fíona agus Lochlannaigh Luimnigh, 365
píopaí de fhíon dearg uatha. Ní raibh cíos
ná cáin as Chlann Chais, acht bhí ar an chuid
eile d'Éirinn iad do bheathughadh.
Measaim nár mhisde "Saoghal Órdha" na
hÉireann do ghairm ar an aimsir seo, bhí
biadh agus beatha ann go flúirseach agus
síothcháin agus sonas ar fuaid na tíre,
léigheann agus foghluim fé árd-mheas, an
chruit cheólmhar ins gach teaghlach ó Dhún na
nGall go Corca Uí Dhuibhne, filídhe fé
réim agus seanchaidhthe ag léir-mhíniughadh
stair a sean agus a sinsear.
(Ní críoch.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11