Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Title
An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHÉAD LÁ AR MEALLADH MÉ Ó'N SGOIL. "Cois-Fairrge" do sgríobh, Is maith an sgathamh anois ó thárla sé seo. Tá faríor! bunáite gach duine de na daoinibh a bhí an lá úd in mo theannta anois i gcoigcreacht sgaipthe ar fud an tsaoghail. Tá an chuid is mó dhíobh san Oileán Úr ag saothrughadh greim a mbéil go cruaidh agus go hallusach abhfad ó na ndaimh agus a ngaolta. Tá beirt nó triúr dhíobh fós ag comhnuidhe san tsean tírín dúthchais ag cabhriughadh le n-a muinntir. Acht monuar! tá sé do rún agus d'intinn aca sguabadh leó ó "Éirinn ghlas na bhFiann" anonn thar mhuir mhóir na dtonn chomh luath i nÉirinn 's is féidir leó é. Nach iongantach agus nach ait an mac an saoghal agus nach mór a bhíos i gcinneamhaint na ndaoine! Faríor nach go ró-luath i gcomhnuidhe a thigeas buaidhreamh agus anró an tsaoghail seo, agus a d'imthigheas fuinneamh, misneach, agus croidheamhlacht na hóige! Nach ró-gheárr a mhaireas laethanta aoibhneacha gréineacha ar n-óige, an t-am is aoibhnighe agus is sólásaighe dár chaith neach ariamh! Cá bhfuil an tÉireannach i gcéin nach dtigeann cúmhadh ar a chroidhe nuair a 'nídheann sé machtnamh geanamhail ar gach sult agus gach siamsa dá mbíodh aige in' óige ar bháintibh míne Inse Fáil? Agus cá bhfuil an tÉireannach nach bhfuil rud eicínt dár thárla i laethibh a óige go grádhmhar ceana- mhail i bhfíor-íochtar a chroidhe mar shéala nach bhféadfaidh sé sgaradh leis ná dearmad a dhéanamh air go n-imthigh' an tséideóg dheiridh as? Gidh gur fada ó Éirinn a bhíos an deó- raidhe dúbhach bocht go minic, gidh gurab iomdha lá agus bliadhain ó d'fhág sé "slán agus beannacht" ag a thír agus a mhuinntir dhúthchais, tá go síoruidhe aige le feiceál os cómhair a amhairc spioradáilte, gleannta, cumair, agus bánta Fáil, agus nach minic a feiceas dó go mbíonn na sean-cháirdí óga croidheamhla aríst in' aice, agus na sean-chleasa a bhíodh aca fadó aríst aca 'gá gcleachtadh le meidhir agus le fuinneamh. Agus cé'n t-áthas agus an glionndar a thugas na smaointe agus an taidhbhreamh so dhó fad 's mhaireas siad agus cé'n duairceas agus an cúmhadh croidhe a bhíos air ar mhúsgailt dó ar a fhagháil féin sgartha leó go léir! Is beag duine againn nár thárla rud eicínt ar feadh na haimsire a chaitheamar ag dul chum sgoile a bhéas go h-úr-ghlas 'nar gcuimhne i gcómhnuidhe pé áird den domhan mór 'n-a gcasfar sinn. Chaitheas féin mo chúig bhliadna déag ó thosuigheas gur fágas an sgoil i gceanntar Gaedhealach Chois- Fairrge. Acht ní ar na bliadhantaibh úd atáim ag dul ag trácht, acht ar aon lá amháin d'aimsir mo sgoluidheachta agus an dá lá 's mhaireas mé ní fhéadfad dearmad a dhéanamh air - mar ba é an chéad lá riamh é ar mheall mo chompánaí mé le fanamhaint ó sgoil. Ní raibh ionnam acht paitrín beag bídeach an t-am úd. Tá sé anois os cionn dhá bhliadhain déag ó shoin, agus bhíos ins an treas leabhar. As mo bhaile féin bhí dhá réag buachaillí eile ag dul chuig an sgoil agus bhí an mac so ar an nduine dob óige dhíobh. Ní misde a rádh gur bhuachaillidhe árd- intinneacha croidheamhla a bhí bunáite ionnta go léir. Ba dheacair iallach a chur ortha dearcadh ar leabhar ná páipéar ag baile, fód ná caorán iomchur go dtí an sgoil, ná bheith istigh go headartha buidhe gréine go minic, agus ar ndóigh ba mhinic cuid dhíobh
ag imtheacht nó ag iarraidh a bheith ag éalódh ón sgoil ar fad. Bhíodhmuid i gcómhnuidhe i gcuideacht ag dul chum sgoile agus ag tigheacht abhaile i n-aoinfheacht in aon drong bríoghmhar amháin gan beann ar aon sgata buachaillí eile as aon cheárd, agus maidir le croidhe agus misneach árd-intinn agus neamh-spléadhchas dob' ag an bhfuireann "seagainne" a bhíodar. Cá raibh an sgoláire a mbeadh sé do mhisneach aige aon fhocal droch-mhúinte a labhairt ná aon dí-mheas a chathamh le buachaillí an Locháin? Cá raibh an buachaill a leigeadh an faitchíos dó aon sgioluidheacht ná spiodóireacht a dhéanamh orainn? Dhá ndéanadh a mhala agus a ghruadh bhéadh i gcontabhairt a ndathughadh gan aireachas, sí a phasóid a bhéadh gléasta, nó mar deireadh na buachaillí iad féin "sé a chnaipe a bheadh déanta" chomh luath i nÉirinn is gheóbhfaidhe greim air taobh amuigh de gheata na sgoile. Bhí buachaillí an Locháin mar déarfá 'na dtighearnaí os cionn go leór de na buachail- líbh as na ceanntair eile a bhíodh ag teacht go dtí an sgoil chéadna leó. Ní bhíodh cleas ná pléráca ar bun nach mbídís ag déanamh cír-thuaifill dhíobh. Ní bhíodh cómhrádh ar bun nach mbíodh a ladar buailte aca ann agus a mbaramhail tugtha n-a thaobh tar éis a gcómhairle a chur le chéile n-a thaobh go cúramach. Is dream achrannach go deimhin a bhí i gcuid dhíobh, agus chuiridís sgléip ar bun mar gheall ar an rud ba shuaraighe nó ba sheafóidighe; agus bhí an chuid dob' óige dhínn, dhá aistighe le rádh é, a bhfad ní ba chiallmhaire agus ní ba fhad-bhreathnuighthe ná iad so eile a bhí bliadhanta móra fada ní ba shine ná muid, agus a mbeadh súil agat do réir nádúir ciall agus tuigsint a bheith na gcloignibh dith-chéillidhe. Bhí dearbhráthair liom féin, Seaghán, ag dul chum sgoile ar an aimsir úd agus creidim nach dtóigfidh sé orm a rádh anois go raibh sé chomh croidheamhail agus chomh hárd-intinneach le ceachtar aca. Réidhtigheadh fuireann an Locháin le chéile beagnach ar gach uile phointe cé gur mhinic anois 's arís a thagadh smíochadh eatortha féin, acht bhíodh sé i gcómhnuidhe éasgaidh go leór cáirdeas agus muinntireas a tharraingt eatortha, agus nuair a thigeadh aon cheist i dtaoibh a mbaile duthchais ó dhream ar bith eile ag an sgoil, bhídís ar aon intinn agus ar aon toil amháin le seasamh go daingean docht ar son cliú agus cáil an locháin. Maidin bhreágh ghréineamhail Earraigh san mbliadhain 1891 tar éis céad-phroinn buailim féin agus mo dhearbhráthair Seaghán amach le dhul 'na sgoile. Bhí seisean san chúigeadh leabhar agus an mac so san treas leabhar. Bhí beart leabhra faoi 'na asgaill aige-san, agus cúpla leabhairíní beaga bídeacha ag an mac so na phóca. D'aithnigheas air ó d'fhág sé an teach nach raibh aon fhonn air a dhul chun na sgoile an lá údaí, acht mar sin féin áitigheann air ag cluas-fheadaighil agus lasgann linn sna fásgaí. Ag ceann an bhóthair céard a bheadh rómhainn, acht an feidheall fré chéile ag fanacht go dtigeadh muid. Nuair a chonnaic- eadar Seaghán agus mé féin ag déanamh ortha chuireadar liúgh asta agus a sean- sgairt gháirídhe. Ní raibh fios agam féin céard a bhí 'n-a n-aigne mar bhíos mí- eólasach ar go leór dá gcuid cleasanna an tráth úd, acht bhí tuairim agam mar sin féin go rabhadar ag brath nó ag smaoineamh ar bheart nó gníomh eicínt nach raibh ceart ná cóir a dhéanamh; mar ar an bpointe boise 's ar thángadar i dteannta chéile bhuail bleid agus caismirt chómhráidh iad, agus annsin tosuigheann ortha ag
cogarnuighil ionnos nach gcloisfinn féin céard a bhí ar bun aca. "Anois" ar sa duine de na buachaillíbh, "nach fearr dúinn a beith ag bogadh soir nó m'anam go mbeidhmíd deireannach"? "Mh'anam muise, má cheapann sibh go mbeidh, seachnuightear é, mara bhfuil dúil agaibh an greadadh cráidhte agus dualgas an tsleisne' a fhagháil" arsa Colm Thomáis. "Dheamhan fata a chonglóchasmuid choidhche má thagann muid isteach deireannach go dtí é," arsa Seaghán Ó Caidhin. "Cuirfear ag crathadh na gcrúb muid mar cuireadh go minic'! "Á! téidhtear go dtí an Sruthán Buidhe ar chuma'r bith" arsa an ceathramhadh bhuachaill. "Dheamhan mo chos na mo chnámh féin a rachfas thairis seo" arsa Séamus óg! "Sé an cás céadna dhíbh é. Cos ní chuirfead taobh istigh den sgoil indiu! B'fheárr liom go mór fada a bheith ag iarraidh an fhairrge a thaosgadh le mo chaipín, nó ag iarraidh gaineamh a chur i ngad ná a bheith ag dul chuig an sgoil." Acht ní raibh maith dhó ann. Tar éis slíoma- dóireacht fhada b'éigean dó gluaiseacht le dhul go Sruthán Buidhe i n-aoinfheacht leis an gcuid eile tar éis tamaill maith túthaint agus argúinteacht'. Ghluaiseamar linn soir, agus deamhan a bhfad a bhí curtha dhínn againn gur casadh "Tomáisín" dúinn, ag déanamh anoir 'sna seala-bobhtaí, faoi n-ár ndéint. Bhí allus ag tuitim leis, a chroidhe ag bualadh, séideán mór ann, agus gan puth anála aige tar éis an tséarsa. Nuair fuair sé an anáil leis, labhair sé linn go magamhail, agus dubhairt: "Ara, a amadáin, cé'n mí-adh mór, nó cat-marbh atá oraibh, nó cá bhfuil bhur gcosa beaga, mí-stuamtha dh'úr dtabhairt indiu? (Ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services