Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.

Title
An Chéad Lá ar Mealladh mé ó Scoil.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN CHÉAD LÁ AR MEALLADH MÉ Ó'N
SGOIL.



"Cois-Fairrge" do sgríobh,



Is maith an sgathamh anois ó thárla sé seo.
Tá faríor! bunáite gach duine de na
daoinibh a bhí an lá úd in mo theannta anois
i gcoigcreacht sgaipthe ar fud an tsaoghail.
Tá an chuid is mó dhíobh san Oileán Úr ag
saothrughadh greim a mbéil go cruaidh agus
go hallusach abhfad ó na ndaimh agus a
ngaolta. Tá beirt nó triúr dhíobh fós ag
comhnuidhe san tsean tírín dúthchais ag
cabhriughadh le n-a muinntir. Acht monuar!
tá sé do rún agus d'intinn aca sguabadh leó ó
"Éirinn ghlas na bhFiann" anonn thar mhuir
mhóir na dtonn chomh luath i nÉirinn 's is
féidir leó é.



Nach iongantach agus nach ait an mac an
saoghal agus nach mór a bhíos i gcinneamhaint
na ndaoine! Faríor nach go ró-luath i
gcomhnuidhe a thigeas buaidhreamh agus anró an
tsaoghail seo, agus a d'imthigheas fuinneamh,
misneach, agus croidheamhlacht na hóige! Nach
ró-gheárr a mhaireas laethanta aoibhneacha
gréineacha ar n-óige, an t-am is aoibhnighe agus
is sólásaighe dár chaith neach ariamh!



Cá bhfuil an tÉireannach i gcéin nach
dtigeann cúmhadh ar a chroidhe nuair a
'nídheann sé machtnamh geanamhail ar gach
sult agus gach siamsa dá mbíodh aige in' óige ar
bháintibh míne Inse Fáil? Agus cá bhfuil an
tÉireannach nach bhfuil rud eicínt dár
thárla i laethibh a óige go grádhmhar ceana-
mhail i bhfíor-íochtar a chroidhe mar shéala
nach bhféadfaidh sé sgaradh leis ná dearmad
a dhéanamh air go n-imthigh' an tséideóg
dheiridh as?



Gidh gur fada ó Éirinn a bhíos an deó-
raidhe dúbhach bocht go minic, gidh gurab
iomdha lá agus bliadhain ó d'fhág sé "slán
agus beannacht" ag a thír agus a mhuinntir
dhúthchais, tá go síoruidhe aige le feiceál os
cómhair a amhairc spioradáilte, gleannta,
cumair, agus bánta Fáil, agus nach minic
a feiceas dó go mbíonn na sean-cháirdí
óga croidheamhla aríst in' aice, agus na
sean-chleasa a bhíodh aca fadó aríst aca 'gá
gcleachtadh le meidhir agus le fuinneamh.
Agus cé'n t-áthas agus an glionndar a
thugas na smaointe agus an taidhbhreamh so
dhó fad 's mhaireas siad agus cé'n duairceas
agus an cúmhadh croidhe a bhíos air ar
mhúsgailt dó ar a fhagháil féin sgartha leó
go léir!



Is beag duine againn nár thárla rud
eicínt ar feadh na haimsire a chaitheamar ag
dul chum sgoile a bhéas go h-úr-ghlas 'nar
gcuimhne i gcómhnuidhe pé áird den domhan
mór 'n-a gcasfar sinn. Chaitheas féin mo
chúig bhliadna déag ó thosuigheas gur fágas
an sgoil i gceanntar Gaedhealach Chois-
Fairrge. Acht ní ar na bliadhantaibh úd
atáim ag dul ag trácht, acht ar aon lá
amháin d'aimsir mo sgoluidheachta agus an
dá lá 's mhaireas mé ní fhéadfad dearmad
a dhéanamh air - mar ba é an chéad lá riamh
é ar mheall mo chompánaí mé le fanamhaint
ó sgoil.



Ní raibh ionnam acht paitrín beag bídeach
an t-am úd. Tá sé anois os cionn dhá
bhliadhain déag ó shoin, agus bhíos ins an
treas leabhar. As mo bhaile féin bhí dhá
réag buachaillí eile ag dul chuig an sgoil
agus bhí an mac so ar an nduine dob óige
dhíobh. Ní misde a rádh gur bhuachaillidhe árd-
intinneacha croidheamhla a bhí bunáite ionnta
go léir. Ba dheacair iallach a chur ortha
dearcadh ar leabhar ná páipéar ag baile,
fód ná caorán iomchur go dtí an sgoil, ná
bheith istigh go headartha buidhe gréine go
minic, agus ar ndóigh ba mhinic cuid dhíobh


L. 533


ag imtheacht nó ag iarraidh a bheith ag éalódh
ón sgoil ar fad.



Bhíodhmuid i gcómhnuidhe i gcuideacht ag
dul chum sgoile agus ag tigheacht abhaile i
n-aoinfheacht in aon drong bríoghmhar amháin
gan beann ar aon sgata buachaillí eile as
aon cheárd, agus maidir le croidhe agus
misneach árd-intinn agus neamh-spléadhchas
dob' ag an bhfuireann "seagainne" a
bhíodar. Cá raibh an sgoláire a mbeadh sé
do mhisneach aige aon fhocal droch-mhúinte a
labhairt ná aon dí-mheas a chathamh le
buachaillí an Locháin? Cá raibh an buachaill
a leigeadh an faitchíos dó aon sgioluidheacht
ná spiodóireacht a dhéanamh orainn? Dhá
ndéanadh a mhala agus a ghruadh bhéadh i
gcontabhairt a ndathughadh gan aireachas, sí
a phasóid a bhéadh gléasta, nó mar deireadh
na buachaillí iad féin "sé a chnaipe a bheadh
déanta" chomh luath i nÉirinn is gheóbhfaidhe
greim air taobh amuigh de gheata na sgoile.



Bhí buachaillí an Locháin mar déarfá 'na
dtighearnaí os cionn go leór de na buachail-
líbh as na ceanntair eile a bhíodh ag teacht
go dtí an sgoil chéadna leó. Ní bhíodh
cleas ná pléráca ar bun nach mbídís ag
déanamh cír-thuaifill dhíobh. Ní bhíodh cómhrádh
ar bun nach mbíodh a ladar buailte aca ann
agus a mbaramhail tugtha n-a thaobh tar éis
a gcómhairle a chur le chéile n-a thaobh go
cúramach. Is dream achrannach go deimhin
a bhí i gcuid dhíobh, agus chuiridís sgléip ar
bun mar gheall ar an rud ba shuaraighe nó
ba sheafóidighe; agus bhí an chuid dob' óige
dhínn, dhá aistighe le rádh é, a bhfad ní ba
chiallmhaire agus ní ba fhad-bhreathnuighthe ná
iad so eile a bhí bliadhanta móra fada ní
ba shine ná muid, agus a mbeadh súil agat
do réir nádúir ciall agus tuigsint a bheith
na gcloignibh dith-chéillidhe. Bhí dearbhráthair
liom féin, Seaghán, ag dul chum sgoile ar
an aimsir úd agus creidim nach dtóigfidh
sé orm a rádh anois go raibh sé chomh
croidheamhail agus chomh hárd-intinneach le
ceachtar aca. Réidhtigheadh fuireann an
Locháin le chéile beagnach ar gach uile
phointe cé gur mhinic anois 's arís a thagadh
smíochadh eatortha féin, acht bhíodh sé i
gcómhnuidhe éasgaidh go leór cáirdeas agus
muinntireas a tharraingt eatortha, agus
nuair a thigeadh aon cheist i dtaoibh a mbaile
duthchais ó dhream ar bith eile ag an sgoil,
bhídís ar aon intinn agus ar aon toil amháin
le seasamh go daingean docht ar son cliú
agus cáil an locháin.



Maidin bhreágh ghréineamhail Earraigh san
mbliadhain 1891 tar éis céad-phroinn
buailim féin agus mo dhearbhráthair Seaghán
amach le dhul 'na sgoile. Bhí seisean san
chúigeadh leabhar agus an mac so san
treas leabhar. Bhí beart leabhra faoi 'na
asgaill aige-san, agus cúpla leabhairíní
beaga bídeacha ag an mac so na phóca.
D'aithnigheas air ó d'fhág sé an teach nach
raibh aon fhonn air a dhul chun na sgoile an
lá údaí, acht mar sin féin áitigheann air ag
cluas-fheadaighil agus lasgann linn sna
fásgaí. Ag ceann an bhóthair céard a bheadh
rómhainn, acht an feidheall fré chéile ag
fanacht go dtigeadh muid. Nuair a chonnaic-
eadar Seaghán agus mé féin ag déanamh
ortha chuireadar liúgh asta agus a sean-
sgairt gháirídhe. Ní raibh fios agam féin
céard a bhí 'n-a n-aigne mar bhíos mí-
eólasach ar go leór dá gcuid cleasanna
an tráth úd, acht bhí tuairim agam mar sin
féin go rabhadar ag brath nó ag smaoineamh
ar bheart nó gníomh eicínt nach raibh ceart
ná cóir a dhéanamh; mar ar an bpointe
boise 's ar thángadar i dteannta
chéile bhuail bleid agus caismirt chómhráidh
iad, agus annsin tosuigheann ortha ag


L. 534


cogarnuighil ionnos nach gcloisfinn féin
céard a bhí ar bun aca.



"Anois" ar sa duine de na buachaillíbh,
"nach fearr dúinn a beith ag bogadh soir nó
m'anam go mbeidhmíd deireannach"?



"Mh'anam muise, má cheapann sibh go
mbeidh, seachnuightear é, mara bhfuil dúil
agaibh an greadadh cráidhte agus dualgas
an tsleisne' a fhagháil" arsa Colm Thomáis.



"Dheamhan fata a chonglóchasmuid choidhche
má thagann muid isteach deireannach go dtí
é," arsa Seaghán Ó Caidhin. "Cuirfear ag
crathadh na gcrúb muid mar cuireadh go
minic'!



"Á! téidhtear go dtí an Sruthán Buidhe
ar chuma'r bith" arsa an ceathramhadh
bhuachaill.



"Dheamhan mo chos na mo chnámh féin a
rachfas thairis seo" arsa Séamus óg!
"Sé an cás céadna dhíbh é. Cos ní chuirfead
taobh istigh den sgoil indiu! B'fheárr liom
go mór fada a bheith ag iarraidh an fhairrge
a thaosgadh le mo chaipín, nó ag iarraidh
gaineamh a chur i ngad ná a bheith ag dul
chuig an sgoil."



Acht ní raibh maith dhó ann. Tar éis slíoma-
dóireacht fhada b'éigean dó gluaiseacht le
dhul go Sruthán Buidhe i n-aoinfheacht leis
an gcuid eile tar éis tamaill maith túthaint
agus argúinteacht'.



Ghluaiseamar linn soir, agus deamhan a
bhfad a bhí curtha dhínn againn gur casadh
"Tomáisín" dúinn, ag déanamh anoir 'sna
seala-bobhtaí, faoi n-ár ndéint. Bhí allus
ag tuitim leis, a chroidhe ag bualadh,
séideán mór ann, agus gan puth anála aige
tar éis an tséarsa. Nuair fuair sé an
anáil leis, labhair sé linn go magamhail,
agus dubhairt:



"Ara, a amadáin, cé'n mí-adh mór, nó
cat-marbh atá oraibh, nó cá bhfuil bhur gcosa
beaga, mí-stuamtha dh'úr dtabhairt indiu?



(Ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services