Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - 'Sa Mhúirnín Dhílis.
Title
Scoil na Suadh - 'Sa Mhúirnín Dhílis.
Author(s)
Stúndún, Pádraig,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCOIL NA SUADH. 'SA MHÚIRNÍN DÍLIS. Gléas B. Fá ghléas ag Toirdhealbhach Ó Fionnagáin. I. Ba bhrónach an nóimeant gur sheólas óm ghrádh geal Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg; Do phógas a deóra 's mo dhrólann dá brácadh, Mo mhúirnín dílis, Eibhlín Óg; Ba
bhán bocht a gruadh do bhí léigthe 'r mo ghualainn, Ba thais í a lámh, ní raibh marmar nídh b'fhuaire, Do smaoineas gur choidhche mo dhíothchur óm stuaire; Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg. II. Le héimheacht focail tuachail ba luaimneach ár mbuidhne, A mhúirnín dílis, Eibhlín Óg; Do ghléasas go buartha chun gluaiste thar taoide, Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg; Ba lúthmhar ár sluaighte ag ualfairt go gleódhthach, Mí-fhoidhneach chun ruathair d'éis luascadh na bóchna - Agus díogras mo chroidhe-se dá líonadh 's dá chró-lot, A mhúirnín dílis, Eibhlín Óg! III. Ba dhiacrach an iarghuil 's ba chian-fhada óm réamhain, Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg; Do thaisceas ar fhiadas le dian-ghean mo chléibh dhi Mo mhúirnin dílis, Eibhlín Óg; Ar fhógairt an tsuaimhnis do luathas ó'n ármhach, Ag casadh ar thuairisc mo shuabh-chailín ghrádhmhair - Acht fóríor! ins an uaigh is eadh fuaireas-sa m'ádhbhar - Mo mhúirnin dílis, Eibhlín Óg! PÁDRAIG STÚNDÚN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services