Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - 'Sa Mhúirnín Dhílis.

Title
Scoil na Suadh - 'Sa Mhúirnín Dhílis.
Author(s)
Stúndún, Pádraig,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 530


SCOIL
NA
SUADH.



'SA MHÚIRNÍN DÍLIS.



Gléas B. Fá ghléas ag Toirdhealbhach Ó Fionnagáin.



I.



Ba bhrónach an nóimeant gur sheólas óm ghrádh geal
Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Do phógas a deóra 's mo dhrólann dá brácadh,
Mo mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Ba


L. 531


bhán bocht a gruadh do bhí léigthe 'r mo ghualainn,
Ba thais í a lámh, ní raibh marmar nídh b'fhuaire,
Do smaoineas gur choidhche mo dhíothchur óm stuaire;
Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg.



II.



Le héimheacht focail tuachail ba luaimneach ár
mbuidhne,
A mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Do ghléasas go buartha chun gluaiste thar taoide,
Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Ba lúthmhar ár sluaighte ag ualfairt go gleódhthach,
Mí-fhoidhneach chun ruathair d'éis luascadh na bóchna -
Agus díogras mo chroidhe-se dá líonadh 's dá chró-lot,
A mhúirnín dílis, Eibhlín Óg!



III.



Ba dhiacrach an iarghuil 's ba chian-fhada óm réamhain,
Óm mhúirnín dílis, Eibhlín Óg;
Do thaisceas ar fhiadas le dian-ghean mo chléibh dhi
Mo mhúirnin dílis, Eibhlín Óg;
Ar fhógairt an tsuaimhnis do luathas ó'n ármhach,
Ag casadh ar thuairisc mo shuabh-chailín ghrádhmhair -
Acht fóríor! ins an uaigh is eadh fuaireas-sa
m'ádhbhar -
Mo mhúirnin dílis, Eibhlín Óg!



PÁDRAIG STÚNDÚN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services