Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IS MALLUIGHTHE AN DRAM TUÍNN- CÉIRÍ. Diarmuid ó Muimhneachain do scríobh. (Ar leanmhaint.) Is é an chéad rud is cuimhin liom, tar éis rúitín na mná úd ar mo chorrán, mé bheith ag ruith lem' anam trí pháirceanna, agus ag léimint de dhruim chlaitheacha féibh mar a ruithfeadh gadhar go mbeadh sean-chiteal ceangailte dhá earball, agus gur cuma liom sa domhan acht go bhféadfainn an méad tailimh ba mhó a b'éidir liom a chur idir mé féin agus an bhean úd. Do bhí anaithe an domhain ar na daoine go n-éireoghadh na tuínncéirí amach an oidhche úd agus go ndéanfaidís murdal. Is maith is cuimhin liom nár fhág m'athair aon arm oibre sa chlós an oidhche sin gan cur leis an dá dhorus, ráinní, sluaiste, agus rudaí mar sin. Do chuir sé fhiachaibh orm-sa gabhal aoiligh a bhreith a chodhladh liom ar eagla go dtiocfaidís i gan-fhios orainn. Do thug sé speal do bhuachaill aimsire a bhí againn, agus do chuir sé ceap árd a bhí againn 'n-a seasamh le cnaiste a leabtha féin chun troid chosanta i ndáríribh a dhéanamh dá mb'éigean é. Deireadh sé ná raibh acht leanbhaidheacht a bheith ag troid thuinncéirí le bataí, ná le cleathacha, ná le héinnidh de'n tsórd soin. I dtighthibh eile de sna comhursanaibh do bhí na piocóidí, na grafáin, na tuadha, agus armálacha nach iad ullamh aca chun troda ar son a n-anma. Go deimhin do thagadh crith chos is lámha orm go ceann abhfad 'na dhiaidh soin nuair a chínn tuinncéir, agus go mór- mhór tuinncéir mná. Á, airiú! Éist, a dhuine; níor airighis mionna ná móide dhá dtabhairt riamh; níor airighis ainm Dé 's na Maighdine dhá dtabhairt
gan adhbhar riamh; níor airighis teanga bharb- raithe; ní fheacaís daoine imthighthe glan ar gealtaigh riamh; 'sé a fhaid ar a ghiorracht é, ní fheacaís ifreann ós cionn tailimh riamh, idir dhiabhail is teine mara bhfeacaís a ngoradh doirtithe ar thuinncéirí. Ar nós fhormhór mhná an domhain, do thóg an Chúilfhionn i n-a ceann pósadh, agus tá fhios ag an saoghal, agus ag máthair an an tsaoghail nuair a thógann bean rud 'n-a ceann ná bionn a bhfad go ndéineann sí an rud sin. B'in é dálta ag an gCúilfhinn é. Do phós sí. Ní dheabhruigheann sain go raibh aon easba sláinte uirri. Do dhíbir na smaointí pósta an droch-shláinte, acht do lean an díomhaointeas léi go deireadh a saoghail. Is minic a thugathar fé ndeara nach í an bhean gur feárr an díol uirthi a fhaghann an fear is feárr mar chéile, agus dob' amhlaidh ag ár gcara, an Chúilfhionn, é. Duine cruaidh, dícheallach a b'eadh an fear a fuair an Cúilfhionn, agus fear calma, láidir, 'n-a theannta-san. Do bhí sé ós cionn sé troighthe ar aoirde, agus téagartha, cumasach dhá réir. Ní raibh sé gan leas- ainm, dar ndóigh. Domhnall Mór a glaoidhtí air. Acht munab ionann is leas-ainm a mhná, níor bh'aon bhréag Domhnall Mór a thabhairt air-sean. Do bhíodh sé ag obair sa lá 'ge na feirmeóirí timcheall air, agus thagadh sé a-bhaile istoidhche chum codhlata Sglábhuidhe ana-dheas-lámhach do b'eadh é. Ní raibh rud ar bith a bhaineann le feirm- eóireacht, ná le gnó feirmeóra, ná go raibh sé 'n-a mháighistir air. Ba bheag rud ná go raibh sé ábaltha ar láimh a iompáil air nuair oirfeadh sé dhó. Do bhí aon obair amháin gur iompuigh sé a lámh air go luath dhéis pósta dhó, obair nárbh aon dóich é thabhairt chum críche, agus dob é sin tuínncéirí a dhíbirt, agus do choinneáil ó n-a thigh. Níorbh amhla a bhí aon easba féile i gcroidhe Dhomh- naill, go deimhin, ná aon doicheall air roimhe dhuine bhocht a chífeadh sé i ngábhtar cabhartha; acht do bhí gráin a chroidhe aige ar thuínncéirí thar aon chineál eile, agus do dhearbhuigh sé ná leomhfadh duine aca a chos a chur dtaobh istigh dá tháirsigh-sean an fhaid fhágfadh Dia i n-a bheathaidh é. Do bhí mar sin. Tráthnóna séideánach, glas, i mí na Samhna, i ndiaidh na hInide gur phós Domhnall agus an Chúilfhionn, do bhí Domhnall ag obair i n-áit éigin mar ba ghnáthach. Do bhuail isteach chun na Cúilfhinne sciúirse de sheana-mhnaoi chaol-aoird, chos-nochtaithe, agus deabhramh an tuínncéara ó bhun bárr uirthi. Cailleach fuirighthe (foirbhthe), éasgaidh a b'eadh í, abair is gur léir go raibh go hárd ós cionn na trí fichidí caithte aici ins an tsaoghal tubaisteach so. Do bhí fronn uirthi ó'n gcoisidheacht, agus lathaigh an bhóthair abhfad lais-tiar suas ar íochtar a clóca. Do réir gach comhartha agus cosamhlacht, do bhí sí déis stráice mhaith bhóthair a chur di ó mhaidin. D'iarr sí ar an gCúilfhinn í fhág- bháil istigh i gcóir na hoidhche. Ní raibh Domhnall tagaithe a-bhaile an uair sin, acht dubhairt sí ná raibh éinne eile le n-a cois, agus ná raibh innti dul níos sia. Ba dhóigh leat uirthi ná leaghfadh im ar a teangain do bhí sí chomh mín, chomh modhmhail sin. Níos thúisce ná thabharfadh sí cluas bhodhar le n-a leithéide de bhéal- bhocht is dhein an stróinséir, cuir i gcás is gur aithin sí ná taithnfeadh sé le Domhnall féin, dubhairt an Chúilfhionn léi go mall, gur dhócha nár mhiste dhi fanmhaint; go mór- mhór óir ná raibh éinne eile 'n-a teannta. Níor iarr mo réice acht gaoth an fhocail nuair a chaith sí dhi an seana-chlóca, nó an fhallaing a bhí timcheall uirthi, agus do bhain
sí crothadh aisti féin, fé mar a bhainfeadh capall nuair a bhainfidhe ó ualach é. Do chas sí an seana-chlóca 'n-a bhulca ar a chéile, agus do dhin sí suístín de ar aghaidh na teineadh amach, agus do shuidh air. An- soin do thosnuigh sí ar bheith ag cur ceist- eana chun na Cúilfhinne:- "Caidé an fhaid é as so go Daingean?" "An bhfuil aithne agat ar éinne de mhuinntir an Daingin, nó an dtagann éinne aca ar fuaid na mball so?" "An bhfuil Beairic na bPíléirí a bhfad ó'n áit seo?" agus ceisteana de'n tsaghas soin? Do bhí amhras ag teacht chun na Cúilfhinne go raibh coir éigin déanta aici timcheall an Daingin, agus do réir a deabhraimh, ní bheadh aon tsórd gnímh ró- olc di. Do theastaidh ó'n gCuilfhinn dul go dtí an siopa a bhí cúpla míle síos an bóthar a d'iarraidh rudaí i gcóir shuipéir Domhnaill, agus dubhairt sí leis an gcailligh ná beadh sí abhfad amuigh, agus d'imthigh sí uirthi. Ní raibh sí acht ar éigin imthighthe nuair a tháinig duine nó beirt eile de'n dram tuínncéirí gur bhain an chailleach leó go dtí an tigh, agus bhuaileadar isteach gan cead ná eile, agus duine agus duine eile 'n-a ndiatha-san, chun go raibh mór-sheisear aca tagaighthe — triúr fear agus ceathrar ban. Do b'in seana-bhéas ag tuínncéirí. Nuair a bheadh eagla ortha ná geabhadh an camtha go léir lóistín d'aon iarraidh amháin, do chomáinfidís duine de'n treibh — bean i gcomhnuidhe, mar is í is feárr chum iarra- tais — rómpa chum lóistín a lorg, agus chomh luath is bheadh san fagháltha aici, do bhuailfeadh giúch eile isteach 'n-a diaithi, gan cead gan cheileabhar, agus mar sin dóibh, 'n-a nduine anois, a's 'n-a nduine arís, go mbeadh an duine déidheanach de'n treibh bailighthe isteach chomh fearánta a's dá mba leó an uile chleith de'n tigh. Seadh stó, an tráthnóna áirithe seo do bhuaileas féin is Radhairí — an buachaill fiadhain ud gur thagaras do roimhe seo im' scéal, agus gur bh'é fé ndeár an goradh a dhortadh an lá úd fad ó ar na tuínncéirí eile úd — do bhuaileamair isteach — mar adubhart — chun tigh Dhomhnaill Mhóir agus na Cúilfhinne, d'fhonn cluithche chártaí, nó caitheamh aimsire éigin mar sin a bheith againn i gcuideachtain Dhomhnaill, nó munab é sin é, chun éisteacht leis ag innsint sgéal fiannaidheachta, nó ag gabháil ceann d'amh- ránaibh Eoghain Ruaidh, mar bhí gach taobh aca aige ar bharra a ghuib, agus rud do b'fheárr ná soin, níor ghábhadh dhó aon tathant chun tosnughadh, agus an uair a bheadh sé tosnuighthe níor bh'fhoruiste leis stad. Nuair a chudhmair isteach do chonacamair an ghasra thuínncéirí ó chúinne go cúinne timcheall na teineadh. Ní bhíodh tuínncéirí chomh hiomad- amhail ann le déidheanaighe is do bhídís. Ar an dtaobh chlé do bhí fear 'n-a shuidhe sa chúinne, agus a dhrom leis an iarta. Bean ab eadh an té ba ghiora dhó, agus annsoin gach ré fhear agus bhean as soin anonn go dtí an cúinne thall. Do thugamair fé ndeara nuair a chuadhmair isteach gur bheag an fháilthe a bhí 'ge na tuínncéirí romhainn, mar, tar éis súil-fhéachaint a thabhairt de dhruim a ngualann orainn i, níor dheineadar acht druideamhaint le chéile agus díriughadh ar chogarnaigh. Níor bh'é sin amháin, acht chon- aicamair gur éirigh fear an chúinne, agus gur chuir sé an bhean a bhí i n-aice leis ar an dtaobh thíos de ina suidhe ar an dtaobh thuas de, idir é féin agus an falla, fé mar a bheadh eagal air go sciobfaimís uaidh í. Anois ní miste dhom focal a rádh i dtaobh an fhir, agus i dtaobh na mná so, mar is iad bun agus bárr an méid dem' scéal a thuit amach an oidhche sin iad. Chun
tosnughadh leis an bhfear, mothuighim ná fuil sé im' chumas tuairsc mar is ceart a thabhairt ar a dheallramh, ná ar a fhiona- chroth. Fear a b'eadh é dá bhfeicfeá aon uair amháin é ná déanfá dearmad led' shaoghal de. Má tá féachaint an mhic mhal- lachtain féin níos measa ná mar bhí féachaint an tuínceara úd, ní haon iongnadh anaithe orainn roimis. Mar bhárr ar gach aon diach, do bhí sé ar leath-shúil; acht má bhí ní bréag a rádh go raibh obair an dá shuil ag an tsúil úd ghá dhéanamh. B'í an tsuil í ba aibeamhla agus ba anamamhla a cuireadh i bplaosg peacaigh ó chrothnughadh an domhain. Níor thúisce ag féachaint suas ar na frathacha í ná síos ar an úrlár, agus níor thúisce ag féachaint isteach sa teineadh í ná síos ar an ndorus, agus ar fuaid an tighe. Uair eile do thabharfadh sí féachaint siar fan a chluaise, féachaint cad a bhí ar siubhal dtaobh thiar de, agus ar neómat na baise do bheadh sí ar stiúir ag faire ar an mnaoi a bhí n-a suidhe len' ais. Ba chomh-luath abhus is tall, thíos is tuas í. Do bheadh sé chomh maith agat tabhairt fé bhreith ar an mhada-ruadh i n-a chodhladh le tabhairt fé bhreith ar an bhfear úd gan an tsúil úd 'od fheiscint; mar an uair ba dhóigh leat gur ar dhuine éigin eile a bheadh sí ag féachaint, sin é an uair chéadna a bheadh sí ar bior 'od infhiúchadh idir an dá shúil. Ó! airrí! Leog dom léi. Do phriocas Radhairí, a bhí 'n-a sheasamh lem' ais, laistiar de dhromannaibh na dtuínncéirí. "Tabhair fé ndeara fear na leath-shúl," arsa mé leis, i gcogar. "Táim," ars é, "agus ní baoghal ná go bhfuil fear na leath- súl dhár dtabhairt-na fé ndeara chomh maith." Do bhí sé dár scrúdughadh go géar an taca so, mar do chonnaic sé ag cogarnach sinn. "An bhfeacaís a leithéid de shúil riamh i gceann duine," arsa mise. "Ní fheaca, ná i gceann beithidhigh acht chomh beag," ar sé. "Déarfainn gurab é an tAintícradh aist é go n-airighinn mo shean-mháthair ag trácht air, acht go ndeir sí gur i gclár éadain an anchúinsidh úd atá an tsúil; sin a bhfuil i n-easnamh air seo chun é bheith 'n-a Aintí- chradhaist chríochnuighthe." "Mhuise," arsa mise, "ní fheadar cad d'imthigh air an tsúil chaoich; is dócha gur buille bhata a fuair sé ó namhaid i gcath nó i gcruadh-chomhrac éigin dár chuir sé de. Deabhruigheann sé go bhfuil ádhbhar troda déanta le linn a shaoghail aige." "Pé cuma a caochadh í, nó pé duine ba bhun leis, ba mhór an luach ó Dhia dho an solus a bhaint aisti má bhí sí mar an tsúil seo," arsa Radhairí, "mar chíonn an talamh nár bheag d'éinne súil de'n tsaghas soin a bheith i n-a cheann, ní áirímhim gan beirt aca a bheith mar cheiridhe air. Ba mhairg nár deineadh gnó glan de, agus an tsúil sin leis a bhaint as." "Faire! faire!" arsa mise, "Ná cáin toil Dé!" "An í sin a bhean len' ais," arsa Radhairí, arís. "Ní dócha gurab í," arsa mise. "Tá sí mór- chuid ró-óg chun bheith mar mhnaoi ag duine dá aois sin." Fear i meadhán aoise a b'eadh é. "Acht 'n-a dhiaidh-san déinid na tuínn- céirí sin rudaí greannmhara uaireannta; is minic a chonac duine aca pósta le mnaoi ná beadh leath chomh críona leis." "Dar fiadh," arsa Radhairí, "déarfainn ná gurab í a bhean í; tá'n diach de smacht aige uirthi, ar éan-chuma, agus tá sí ag crith 'n-a croiceann le heagla roimis. Féach an rian goil atá ar a súilibh agus ar a ceanaighthibh." "Tá cúis ghoil aici," adubhart-sa, "má sé sin a fear pósta. Dá mbeinn im' mhnaoi, agus gan a bheith d'fhearaibh ar dhruin an domhain acht é ní phósfainn é." "Do bhainis as mo bheal é," arsa Radhairí. "Déarfainn gur inghean dó í, acht ná fuil aon deallramh 'n-a bheathaidh le chéile aca." (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services