Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).

Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmuid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IS MALLUIGHTHE AN DRAM TUÍNN-
CÉIRÍ.



Diarmuid ó Muimhneachain
do scríobh.



(Ar leanmhaint.)



Is é an chéad rud is cuimhin liom, tar éis
rúitín na mná úd ar mo chorrán, mé bheith
ag ruith lem' anam trí pháirceanna, agus ag
léimint de dhruim chlaitheacha féibh mar a
ruithfeadh gadhar go mbeadh sean-chiteal
ceangailte dhá earball, agus gur cuma
liom sa domhan acht go bhféadfainn an méad
tailimh ba mhó a b'éidir liom a chur idir mé
féin agus an bhean úd. Do bhí anaithe an domhain
ar na daoine go n-éireoghadh na tuínncéirí
amach an oidhche úd agus go ndéanfaidís
murdal. Is maith is cuimhin liom nár fhág
m'athair aon arm oibre sa chlós an oidhche
sin gan cur leis an dá dhorus, ráinní,
sluaiste, agus rudaí mar sin. Do chuir sé
fhiachaibh orm-sa gabhal aoiligh a bhreith a
chodhladh liom ar eagla go dtiocfaidís i
gan-fhios orainn. Do thug sé speal do
bhuachaill aimsire a bhí againn, agus do chuir
sé ceap árd a bhí againn 'n-a seasamh le
cnaiste a leabtha féin chun troid chosanta
i ndáríribh a dhéanamh dá mb'éigean é.
Deireadh sé ná raibh acht leanbhaidheacht a bheith
ag troid thuinncéirí le bataí, ná le
cleathacha, ná le héinnidh de'n tsórd soin.
I dtighthibh eile de sna comhursanaibh do bhí
na piocóidí, na grafáin, na tuadha, agus
armálacha nach iad ullamh aca chun troda ar
son a n-anma. Go deimhin do thagadh crith
chos is lámha orm go ceann abhfad 'na dhiaidh
soin nuair a chínn tuinncéir, agus go mór-
mhór tuinncéir mná.



Á, airiú! Éist, a dhuine; níor airighis
mionna ná móide dhá dtabhairt riamh; níor
airighis ainm Dé 's na Maighdine dhá dtabhairt


L. 527


gan adhbhar riamh; níor airighis teanga bharb-
raithe; ní fheacaís daoine imthighthe glan ar
gealtaigh riamh; 'sé a fhaid ar a ghiorracht é,
ní fheacaís ifreann ós cionn tailimh riamh,
idir dhiabhail is teine mara bhfeacaís a
ngoradh doirtithe ar thuinncéirí.



Ar nós fhormhór mhná an domhain, do thóg
an Chúilfhionn i n-a ceann pósadh, agus tá
fhios ag an saoghal, agus ag máthair an
an tsaoghail nuair a thógann bean rud 'n-a
ceann ná bionn a bhfad go ndéineann sí an
rud sin. B'in é dálta ag an gCúilfhinn é.
Do phós sí. Ní dheabhruigheann sain go raibh
aon easba sláinte uirri. Do dhíbir na
smaointí pósta an droch-shláinte, acht do
lean an díomhaointeas léi go deireadh a
saoghail. Is minic a thugathar fé ndeara
nach í an bhean gur feárr an díol uirthi a
fhaghann an fear is feárr mar chéile, agus
dob' amhlaidh ag ár gcara, an Chúilfhionn, é.
Duine cruaidh, dícheallach a b'eadh an fear
a fuair an Cúilfhionn, agus fear calma,
láidir, 'n-a theannta-san. Do bhí sé ós cionn
sé troighthe ar aoirde, agus téagartha,
cumasach dhá réir. Ní raibh sé gan leas-
ainm, dar ndóigh. Domhnall Mór a glaoidhtí
air. Acht munab ionann is leas-ainm a
mhná, níor bh'aon bhréag Domhnall Mór a
thabhairt air-sean. Do bhíodh sé ag obair
sa lá 'ge na feirmeóirí timcheall air, agus
thagadh sé a-bhaile istoidhche chum codhlata
Sglábhuidhe ana-dheas-lámhach do b'eadh é.
Ní raibh rud ar bith a bhaineann le feirm-
eóireacht, ná le gnó feirmeóra, ná go raibh
sé 'n-a mháighistir air. Ba bheag rud ná go
raibh sé ábaltha ar láimh a iompáil air nuair
oirfeadh sé dhó. Do bhí aon obair amháin
gur iompuigh sé a lámh air go luath dhéis
pósta dhó, obair nárbh aon dóich é thabhairt
chum críche, agus dob é sin tuínncéirí a
dhíbirt, agus do choinneáil ó n-a thigh. Níorbh
amhla a bhí aon easba féile i gcroidhe Dhomh-
naill, go deimhin, ná aon doicheall air
roimhe dhuine bhocht a chífeadh sé i ngábhtar
cabhartha; acht do bhí gráin a chroidhe aige
ar thuínncéirí thar aon chineál eile, agus do
dhearbhuigh sé ná leomhfadh duine aca a chos
a chur dtaobh istigh dá tháirsigh-sean an fhaid
fhágfadh Dia i n-a bheathaidh é. Do bhí mar
sin.



Tráthnóna séideánach, glas, i mí na Samhna,
i ndiaidh na hInide gur phós Domhnall agus an
Chúilfhionn, do bhí Domhnall ag obair i n-áit
éigin mar ba ghnáthach. Do bhuail isteach
chun na Cúilfhinne sciúirse de sheana-mhnaoi
chaol-aoird, chos-nochtaithe, agus deabhramh
an tuínncéara ó bhun bárr uirthi. Cailleach
fuirighthe (foirbhthe), éasgaidh a b'eadh í,
abair is gur léir go raibh go hárd ós cionn
na trí fichidí caithte aici ins an tsaoghal
tubaisteach so. Do bhí fronn uirthi ó'n
gcoisidheacht, agus lathaigh an bhóthair abhfad
lais-tiar suas ar íochtar a clóca. Do réir
gach comhartha agus cosamhlacht, do bhí sí
déis stráice mhaith bhóthair a chur di ó
mhaidin. D'iarr sí ar an gCúilfhinn í fhág-
bháil istigh i gcóir na hoidhche. Ní raibh
Domhnall tagaithe a-bhaile an uair sin,
acht dubhairt sí ná raibh éinne eile le
n-a cois, agus ná raibh innti dul níos
sia. Ba dhóigh leat uirthi ná leaghfadh im
ar a teangain do bhí sí chomh mín, chomh
modhmhail sin. Níos thúisce ná thabharfadh
sí cluas bhodhar le n-a leithéide de bhéal-
bhocht is dhein an stróinséir, cuir i gcás is
gur aithin sí ná taithnfeadh sé le Domhnall
féin, dubhairt an Chúilfhionn léi go mall,
gur dhócha nár mhiste dhi fanmhaint; go mór-
mhór óir ná raibh éinne eile 'n-a teannta.
Níor iarr mo réice acht gaoth an fhocail
nuair a chaith sí dhi an seana-chlóca, nó an
fhallaing a bhí timcheall uirthi, agus do bhain


L. 528


sí crothadh aisti féin, fé mar a bhainfeadh
capall nuair a bhainfidhe ó ualach é. Do
chas sí an seana-chlóca 'n-a bhulca ar a
chéile, agus do dhin sí suístín de ar aghaidh
na teineadh amach, agus do shuidh air. An-
soin do thosnuigh sí ar bheith ag cur ceist-
eana chun na Cúilfhinne:- "Caidé an fhaid
é as so go Daingean?" "An bhfuil aithne
agat ar éinne de mhuinntir an Daingin, nó
an dtagann éinne aca ar fuaid na mball
so?" "An bhfuil Beairic na bPíléirí a bhfad
ó'n áit seo?" agus ceisteana de'n tsaghas
soin? Do bhí amhras ag teacht chun na
Cúilfhinne go raibh coir éigin déanta aici
timcheall an Daingin, agus do réir a
deabhraimh, ní bheadh aon tsórd gnímh ró-
olc di.



Do theastaidh ó'n gCuilfhinn dul go dtí
an siopa a bhí cúpla míle síos an bóthar a
d'iarraidh rudaí i gcóir shuipéir Domhnaill,
agus dubhairt sí leis an gcailligh ná beadh
sí abhfad amuigh, agus d'imthigh sí uirthi. Ní
raibh sí acht ar éigin imthighthe nuair a tháinig
duine nó beirt eile de'n dram tuínncéirí
gur bhain an chailleach leó go dtí an tigh,
agus bhuaileadar isteach gan cead ná
eile, agus duine agus duine eile 'n-a
ndiatha-san, chun go raibh mór-sheisear aca
tagaighthe — triúr fear agus ceathrar ban.
Do b'in seana-bhéas ag tuínncéirí. Nuair
a bheadh eagla ortha ná geabhadh an camtha
go léir lóistín d'aon iarraidh amháin, do
chomáinfidís duine de'n treibh — bean i
gcomhnuidhe, mar is í is feárr chum iarra-
tais — rómpa chum lóistín a lorg, agus
chomh luath is bheadh san fagháltha aici, do
bhuailfeadh giúch eile isteach 'n-a diaithi, gan
cead gan cheileabhar, agus mar sin dóibh,
'n-a nduine anois, a's 'n-a nduine arís, go
mbeadh an duine déidheanach de'n treibh
bailighthe isteach chomh fearánta a's dá
mba leó an uile chleith de'n tigh.



Seadh stó, an tráthnóna áirithe seo do
bhuaileas féin is Radhairí — an buachaill
fiadhain ud gur thagaras do roimhe seo
im' scéal, agus gur bh'é fé ndeár an
goradh a dhortadh an lá úd fad ó ar na
tuínncéirí eile úd — do bhuaileamair isteach
— mar adubhart — chun tigh Dhomhnaill Mhóir
agus na Cúilfhinne, d'fhonn cluithche chártaí,
nó caitheamh aimsire éigin mar sin a bheith
againn i gcuideachtain Dhomhnaill, nó munab
é sin é, chun éisteacht leis ag innsint sgéal
fiannaidheachta, nó ag gabháil ceann d'amh-
ránaibh Eoghain Ruaidh, mar bhí gach taobh
aca aige ar bharra a ghuib, agus rud do
b'fheárr ná soin, níor ghábhadh dhó aon tathant
chun tosnughadh, agus an uair a bheadh sé
tosnuighthe níor bh'fhoruiste leis stad. Nuair
a chudhmair isteach do chonacamair an ghasra
thuínncéirí ó chúinne go cúinne timcheall na
teineadh. Ní bhíodh tuínncéirí chomh hiomad-
amhail ann le déidheanaighe is do bhídís. Ar
an dtaobh chlé do bhí fear 'n-a shuidhe sa
chúinne, agus a dhrom leis an iarta. Bean
ab eadh an té ba ghiora dhó, agus annsoin
gach ré fhear agus bhean as soin anonn go dtí
an cúinne thall. Do thugamair fé ndeara
nuair a chuadhmair isteach gur bheag an
fháilthe a bhí 'ge na tuínncéirí romhainn, mar,
tar éis súil-fhéachaint a thabhairt de dhruim
a ngualann orainn i, níor dheineadar acht
druideamhaint le chéile agus díriughadh ar
chogarnaigh. Níor bh'é sin amháin, acht chon-
aicamair gur éirigh fear an chúinne, agus
gur chuir sé an bhean a bhí i n-aice leis ar
an dtaobh thíos de ina suidhe ar an dtaobh
thuas de, idir é féin agus an falla, fé mar
a bheadh eagal air go sciobfaimís uaidh í.



Anois ní miste dhom focal a rádh i
dtaobh an fhir, agus i dtaobh na mná so,
mar is iad bun agus bárr an méid dem'
scéal a thuit amach an oidhche sin iad. Chun


L. 529


tosnughadh leis an bhfear, mothuighim ná fuil
sé im' chumas tuairsc mar is ceart a
thabhairt ar a dheallramh, ná ar a fhiona-
chroth. Fear a b'eadh é dá bhfeicfeá aon
uair amháin é ná déanfá dearmad led'
shaoghal de. Má tá féachaint an mhic mhal-
lachtain féin níos measa ná mar bhí féachaint
an tuínceara úd, ní haon iongnadh anaithe
orainn roimis. Mar bhárr ar gach aon diach,
do bhí sé ar leath-shúil; acht má bhí ní bréag
a rádh go raibh obair an dá shuil ag an tsúil
úd ghá dhéanamh. B'í an tsuil í ba aibeamhla
agus ba anamamhla a cuireadh i bplaosg
peacaigh ó chrothnughadh an domhain. Níor
thúisce ag féachaint suas ar na frathacha í
ná síos ar an úrlár, agus níor thúisce ag
féachaint isteach sa teineadh í ná síos ar an
ndorus, agus ar fuaid an tighe. Uair eile
do thabharfadh sí féachaint siar fan a
chluaise, féachaint cad a bhí ar siubhal dtaobh
thiar de, agus ar neómat na baise do bheadh
sí ar stiúir ag faire ar an mnaoi a bhí n-a
suidhe len' ais. Ba chomh-luath abhus is tall,
thíos is tuas í. Do bheadh sé chomh maith
agat tabhairt fé bhreith ar an mhada-ruadh
i n-a chodhladh le tabhairt fé bhreith ar an
bhfear úd gan an tsúil úd 'od fheiscint;
mar an uair ba dhóigh leat gur ar dhuine
éigin eile a bheadh sí ag féachaint, sin é an
uair chéadna a bheadh sí ar bior 'od infhiúchadh
idir an dá shúil. Ó! airrí! Leog dom léi.



Do phriocas Radhairí, a bhí 'n-a sheasamh lem'
ais, laistiar de dhromannaibh na dtuínncéirí.
"Tabhair fé ndeara fear na leath-shúl,"
arsa mé leis, i gcogar. "Táim," ars é,
"agus ní baoghal ná go bhfuil fear na leath-
súl dhár dtabhairt-na fé ndeara chomh maith."
Do bhí sé dár scrúdughadh go géar an taca
so, mar do chonnaic sé ag cogarnach sinn.
"An bhfeacaís a leithéid de shúil riamh i
gceann duine," arsa mise. "Ní fheaca, ná
i gceann beithidhigh acht chomh beag," ar sé.
"Déarfainn gurab é an tAintícradh aist é
go n-airighinn mo shean-mháthair ag trácht
air, acht go ndeir sí gur i gclár éadain an
anchúinsidh úd atá an tsúil; sin a bhfuil i
n-easnamh air seo chun é bheith 'n-a Aintí-
chradhaist chríochnuighthe." "Mhuise," arsa
mise, "ní fheadar cad d'imthigh air an tsúil
chaoich; is dócha gur buille bhata a fuair sé
ó namhaid i gcath nó i gcruadh-chomhrac éigin
dár chuir sé de. Deabhruigheann sé go bhfuil
ádhbhar troda déanta le linn a shaoghail
aige." "Pé cuma a caochadh í, nó pé duine
ba bhun leis, ba mhór an luach ó Dhia dho an
solus a bhaint aisti má bhí sí mar an tsúil
seo," arsa Radhairí, "mar chíonn an talamh
nár bheag d'éinne súil de'n tsaghas soin a
bheith i n-a cheann, ní áirímhim gan beirt aca
a bheith mar cheiridhe air. Ba mhairg nár
deineadh gnó glan de, agus an tsúil sin
leis a bhaint as." "Faire! faire!" arsa
mise, "Ná cáin toil Dé!" "An í sin a
bhean len' ais," arsa Radhairí, arís. "Ní
dócha gurab í," arsa mise. "Tá sí mór-
chuid ró-óg chun bheith mar mhnaoi ag duine
dá aois sin." Fear i meadhán aoise a b'eadh
é. "Acht 'n-a dhiaidh-san déinid na tuínn-
céirí sin rudaí greannmhara uaireannta;
is minic a chonac duine aca pósta le mnaoi
ná beadh leath chomh críona leis." "Dar
fiadh," arsa Radhairí, "déarfainn ná gurab
í a bhean í; tá'n diach de smacht aige uirthi,
ar éan-chuma, agus tá sí ag crith 'n-a
croiceann le heagla roimis. Féach an rian
goil atá ar a súilibh agus ar a ceanaighthibh."
"Tá cúis ghoil aici," adubhart-sa, "má sé
sin a fear pósta. Dá mbeinn im' mhnaoi,
agus gan a bheith d'fhearaibh ar dhruin an
domhain acht é ní phósfainn é." "Do bhainis
as mo bheal é," arsa Radhairí. "Déarfainn
gur inghean dó í, acht ná fuil aon deallramh
'n-a bheathaidh le chéile aca."

(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services