Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. DÁNTA PHIARAIS FEIRITÉIR, maille le Beathaidh an Fhilidh is Foclóir, iar n-a gcruinniughadh agus a gcur i gcéad-eagar leis an Athair Pádraig Ó Duinnín Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge: 1903 Fé chlúdach pháipéir, 1/6. Seo leabhar eile ó láimh an tsaothruidhigh iongantaigh úd an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Is deacair linn a dhéanamh amach cionnus a gheibheann sé an caothamh- lacht chun na hoibreacha móra so a chur i gcrích; acht tá a chroidhe san áit cheart, agus laighduigheann soin ar dhuadh an tsaothair. Fear léigheanta do b'eadh an Feiritéarach agus tá a rian ar a chuid filidheachta. Cé gur phréamhuigh a pór Gallda ní'l éan-amhras ná go raibh sé féin agus cuid dá dtáinig roimis - nídh nach iongnadh - chomh Gaedhea- lach le héin-treibh de na Gaedhil féin. Do mhair sé i n-aimsir bhuaidheartha anróthaigh, do réir dheall- raimh is mó go mor dá shaoghal do chaith ag comhrac i n-aghaidh na n-eachtrann 'ná go síothcánta i gcuid- eachtain Naonbhar Nelicon. Tá amhráin mhaithe de gach saghas, idir chaointe is amhráin grádha dreachta grinn is aoir, san leabhar so Molaimíd go mór do léightheóirí na Gaedhilge é. Cuireadh cóip de L'Humanite Nouvelle ag triall orainn. Tá aiste ann ó láimh G. Dottin ar litridheacht na dteangan gCeilteach. Tugann ann cunntas ar IRISLEABHAR NA GAEDHILGE agus ar pháipéirí eile i nÉirinn atá ag cuidiughadh leis an nGaedhilg. Fuaireamair ó Mhuinntir Sealy, Bryers agus Walker, leabhairín d'amhráin Béarla darab ainm "April and May" do cheap Tomás Mac Donnchadha. Tá urmhór díobh go deas agus thugamair fé ndeara ortha ceann ar Liam Ó Maoil Ruanadha. Chuir Muinntir Uí Fhollamhain "Domestic Economy Reader" agus "Geographical and Historical Reader, Fifth and Sixth Standards" ag triall orainn. Leabhair mhaithe is eadh iad araon. Do scríobhadh is do chuireadh i gcló iad i nÉirinn féin, agus ní fheicfidhe dadamh ionnta go bhféadfadh Éireannach gearán air. Airighmídh go bhfuil ceannach mór ortha ins na Scoileannaibh Náisiúnta. Tuillid siad é.
CLÓDHANNA NUA. Sid í an darna cuid de'n Thésaurus mór, nó, mar adéarfá, Bolg Soláthair na Sean-Ghaedhilge. Tá bail- ighthe agus curtha le chéile san dá leabhar so an chuid is seannda 's is luachmhaire de'n tSean-Ghaedhilg go bhfuil breith air indiu, agus go háirithe an méid atá leath-smuigh d'Éirinn féin. Is mór an scéal é, trácht ar an gcuma 'n-a ndeaghaidh na seana-leabhair Laidne agus Gaedhilge úd i bhfad ó Éirinn. Tugtar siar sinn go dtí an tráth 'n-a raibh clú an léighinn ar Éirinn is ar ár sinnsir. Bhí leabhair coitchianta an uair úd i nÉirinn. Bhí ana-chuid daoine annso ná raibh de chéird ná d'ealadhain aca acht bheith ag scríobhadh leabhair. De leabhair de'n tsaghas so is eadh do dhéantaoi usáid ins na scoileanna móra a bhí scaipithe ar fuid na tíre seo an tráth úd. Agus ag tagairt do sna naoimh is na sáir-fhir d'fhág Éire fad ó, agus do chuaidh san bhFrainnc agus san nGearmáin, san Eilbhéid is san Íodáil, agus do chuir fútha ins na tíorthaibh úd, ní'l éan-amhras orainn ná gur thugadar na leabhair seo leó as Éirinn. De chuir na haspail seo ó Éirinn scoileanna ar bun. Bhídís i gcomhnuidhe ag teagasc 's ag múineadh ealadhan is críostamhlacht. Bhíodh flatha na hEórpa ag tnúth le chéile ag bronnadh talaimh gan chíos ar na deóruidhthe bochta, ag tógáil scoileanna dhóibh, agus ag soláthar dóibh ar gach éan-chuma. Tháinig deisciobail i ndiaidh na sáir-fhear úd, is scríobhadar-san arís leabhair a máighistreach. Sid iad na leabhair atá scaipithe ar fuid na hEórpa indiu. Go dtí le déidheannaighe do bhí teipite ar mór-scoláiríbh iad a dhéanamh amach. Tá cunntas san dtarna cuid de'n Thesaurus ar ocht gcinn fhichead de na seana-leabhar so, agus iad go léir acht amháin Leabhar Árd-macha agus ceann nó dhó eile scaipithe ar fuid leabharlann na hÉorpa. Tá a bhfuil de'n tSeana-Ghaedhilg ins na leabhair seo amuigh curtha le chéile i n-eagar agus aistriugadh cruinn déanta ortha. Ní gábhad dhúinn an bheirt eagarthóirí a mholadh, mar tá ughdarthás aca i measc scoláirí na Sean-Ghaedhilge. Sid iad na fir atá ag obair go tréan ag déanamh bóthar réidh i gcóir na ndaoine atá ag foghluim na Sean-Ghaedhilge anois. Go deimhin tuillid siad moladh agus buidheachas uainne. Tá súil againn go mbeidh an dá chuid de'n Thesaurus i ngach leabharlainn agus i ngach colláiste i nÉirinn. Féachaidís muinntir na Gaedhilge chuige. Ní'l slighe againn chun a thuilleadh rádh 'n-a taobh an taca so. ABHRÁIN ATÁ lEAGTHA AR AN REACHTÚIRE; (An Craoibhín Aoibhinn) Baile Átha Cliath: Curtha amach le Gill agus a Mhac. 1903. Seo Rafterí an file 'S é ag iomchur an fhidil: Seinnfidh go milis, Is cuirfid sé sinne Ag rinnce le mire. Rafterí an fhriotail Bhuig nascaithe chliste, A bheadh géar ar an nduine Ná féachfadh dá dhaille 'S ná tabharfadh dho an phinginn. Rafterí oilte Do mholfadh an bhruinneal Do chuirfeadh go socair 'N-a shuidhe cois na teineadh é, Is freastal go miochair A dhéanamh 'n-a ghoire. A Rafteri, molaim Do shaothar-sa, a chumainn, Do ghéireacht 's do ghontacht, 'S an tsaor-thuile focal Gan staonadh 's gan tuisle Ód' bhéal-sa do thigeadh Gheobhaimíd duit ionad Istigh i n-ár gcroidhthibh, Mar bhfuil truagh do'n duille Agus meas ar an nduine Bhíonn taobh leis an bhfidil Go bhfuil téad, b'éidir, briste ann, Is le cumas a fhriotail Chun a bheatha do thuilleamh. 'S, a Chraoibhín, an oinigh, Do chóirigh dhon bhile, Do chion-sá de'n mholadh Is cóir a tabhairt duit-se. TÓRNA AN SLÉIBHTEÁNACH: Ní gábhadh dhúinn innsint do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR cad é an rud é an "Sléibhteánach." Do bhuail ceann roimh ré orainn an lá fé deireadh, agus ní baoghal ná go dtaithneoghaidh le gach Gaedheal. Cuirtar scilling is leath-réal ag triall ar Ab Mhellerí, agus gheobhthar seóid thaithneamhach. Déarfam beagán eile 'n-a thaobh. Seoltar litreacha i dtaoibh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhainstige go dtí Stiúrthóir, Oífig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtharach Uí Conaill, Áth Cliath.
ADVERTISEMENTS NOW ON SALE. Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I. An Áit d'ár ghabhas, (trí fuinn). An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do Sholáthruigh. UIMHIR A II. Turas go Tír na n-óg (trí fuinn) An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Sholáthruigh. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903. Pighin an ceann. Seachadadh Áluinn le h-Aghaidh na bPáisdí. SIDHEÓGA AG OBAIR: Fairies at work. SGÉALTA SIDHE: Fairies' Stories. 'Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan. Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost. SEACHADADH ÁLUINN le hAGHAIDH NA bPÁISDÍ. "An TÁILLEÁN"
Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, aeridheacht, Banais, agusc., do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2. Fá leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8. Aodh Ó Néill. Drama Úr-nua Do sgríobh "Conán Maol" An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidhimh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne. Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.
An Tae is Fearr Ar 1/4, 1/8, 1/10, agus 2/- an punt. Uisge beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh. 16/-, 18/- agus 20/- an galún. 32/-, 36/- agus 40/- an duiséin. Féilire na Gaedhilge Ar fagháil anois ó Chonnradh na Gaedhilge. Leath-raol an chóip. Bonn Saor tríd an bpost. Féilire na Gaedhilge le haghaidh 1904 do cheap an "Buachaillín Buidhe." Tá sé lá d'eólas a bheidheas feileamhnach do'n Éireannach 'sa mbaile 's i gcéin. Ceannuigh ceann le d'aghaidh féin agus cinn eile le h-aghaidh do charad tar lear. Is fiú é seacht n-oiread a iarfar air.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services