Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



DÁNTA PHIARAIS FEIRITÉIR, maille le Beathaidh
an Fhilidh is Foclóir, iar n-a gcruinniughadh agus a
gcur i gcéad-eagar leis an Athair Pádraig Ó Duinnín
Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge: 1903
Fé chlúdach pháipéir, 1/6.



Seo leabhar eile ó láimh an tsaothruidhigh iongantaigh
úd an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Is deacair linn
a dhéanamh amach cionnus a gheibheann sé an caothamh-
lacht chun na hoibreacha móra so a chur i gcrích; acht
tá a chroidhe san áit cheart, agus laighduigheann soin ar
dhuadh an tsaothair.



Fear léigheanta do b'eadh an Feiritéarach agus tá
a rian ar a chuid filidheachta. Cé gur phréamhuigh a
pór Gallda ní'l éan-amhras ná go raibh sé féin agus cuid
dá dtáinig roimis - nídh nach iongnadh - chomh Gaedhea-
lach le héin-treibh de na Gaedhil féin. Do mhair sé
i n-aimsir bhuaidheartha anróthaigh, do réir dheall-
raimh is mó go mor dá shaoghal do chaith ag comhrac i
n-aghaidh na n-eachtrann 'ná go síothcánta i gcuid-
eachtain Naonbhar Nelicon.



Tá amhráin mhaithe de gach saghas, idir chaointe is
amhráin grádha dreachta grinn is aoir, san leabhar so
Molaimíd go mór do léightheóirí na Gaedhilge é.



Cuireadh cóip de L'Humanite Nouvelle ag triall
orainn. Tá aiste ann ó láimh G. Dottin ar
litridheacht na dteangan gCeilteach. Tugann ann
cunntas ar IRISLEABHAR NA GAEDHILGE agus ar
pháipéirí eile i nÉirinn atá ag cuidiughadh leis an
nGaedhilg.



Fuaireamair ó Mhuinntir Sealy, Bryers agus Walker,
leabhairín d'amhráin Béarla darab ainm "April and
May" do cheap Tomás Mac Donnchadha. Tá urmhór
díobh go deas agus thugamair fé ndeara ortha ceann ar
Liam Ó Maoil Ruanadha.



Chuir Muinntir Uí Fhollamhain "Domestic Economy
Reader" agus "Geographical and Historical Reader,
Fifth and Sixth Standards" ag triall orainn.
Leabhair mhaithe is eadh iad araon. Do scríobhadh is
do chuireadh i gcló iad i nÉirinn féin, agus ní fheicfidhe
dadamh ionnta go bhféadfadh Éireannach gearán air.
Airighmídh go bhfuil ceannach mór ortha ins na
Scoileannaibh Náisiúnta. Tuillid siad é.


L. 520


CLÓDHANNA NUA.



Sid í an darna cuid de'n Thésaurus mór, nó, mar
adéarfá, Bolg Soláthair na Sean-Ghaedhilge. Tá bail-
ighthe agus curtha le chéile san dá leabhar so an chuid is
seannda 's is luachmhaire de'n tSean-Ghaedhilg go
bhfuil breith air indiu, agus go háirithe an méid atá
leath-smuigh d'Éirinn féin. Is mór an scéal é, trácht
ar an gcuma 'n-a ndeaghaidh na seana-leabhair Laidne
agus Gaedhilge úd i bhfad ó Éirinn. Tugtar siar sinn
go dtí an tráth 'n-a raibh clú an léighinn ar Éirinn is
ar ár sinnsir. Bhí leabhair coitchianta an uair úd i
nÉirinn. Bhí ana-chuid daoine annso ná raibh de chéird
ná d'ealadhain aca acht bheith ag scríobhadh leabhair.
De leabhair de'n tsaghas so is eadh do dhéantaoi
usáid ins na scoileanna móra a bhí scaipithe ar fuid
na tíre seo an tráth úd.



Agus ag tagairt do sna naoimh is na sáir-fhir
d'fhág Éire fad ó, agus do chuaidh san bhFrainnc agus san
nGearmáin, san Eilbhéid is san Íodáil, agus do chuir
fútha ins na tíorthaibh úd, ní'l éan-amhras orainn ná
gur thugadar na leabhair seo leó as Éirinn. De chuir
na haspail seo ó Éirinn scoileanna ar bun. Bhídís
i gcomhnuidhe ag teagasc 's ag múineadh ealadhan is
críostamhlacht. Bhíodh flatha na hEórpa ag tnúth le
chéile ag bronnadh talaimh gan chíos ar na deóruidhthe
bochta, ag tógáil scoileanna dhóibh, agus ag soláthar
dóibh ar gach éan-chuma. Tháinig deisciobail i ndiaidh
na sáir-fhear úd, is scríobhadar-san arís leabhair a
máighistreach. Sid iad na leabhair atá scaipithe ar
fuid na hEórpa indiu. Go dtí le déidheannaighe do
bhí teipite ar mór-scoláiríbh iad a dhéanamh amach.



Tá cunntas san dtarna cuid de'n Thesaurus ar
ocht gcinn fhichead de na seana-leabhar so, agus iad go
léir acht amháin Leabhar Árd-macha agus ceann nó dhó eile
scaipithe ar fuid leabharlann na hÉorpa. Tá a
bhfuil de'n tSeana-Ghaedhilg ins na leabhair seo
amuigh curtha le chéile i n-eagar agus aistriugadh cruinn
déanta ortha. Ní gábhad dhúinn an bheirt eagarthóirí
a mholadh, mar tá ughdarthás aca i measc scoláirí na
Sean-Ghaedhilge. Sid iad na fir atá ag obair go
tréan ag déanamh bóthar réidh i gcóir na ndaoine atá
ag foghluim na Sean-Ghaedhilge anois. Go deimhin
tuillid siad moladh agus buidheachas uainne. Tá súil
againn go mbeidh an dá chuid de'n Thesaurus i ngach
leabharlainn agus i ngach colláiste i nÉirinn. Féachaidís
muinntir na Gaedhilge chuige. Ní'l slighe againn
chun a thuilleadh rádh 'n-a taobh an taca so.



ABHRÁIN ATÁ lEAGTHA AR AN REACHTÚIRE;
(An Craoibhín Aoibhinn)
Baile Átha Cliath: Curtha amach le Gill agus a
Mhac. 1903.



Seo Rafterí an file
'S é ag iomchur an fhidil:
Seinnfidh go milis,
Is cuirfid sé sinne
Ag rinnce le mire.
Rafterí an fhriotail
Bhuig nascaithe chliste,
A bheadh géar ar an nduine
Ná féachfadh dá dhaille
'S ná tabharfadh dho an phinginn.
Rafterí oilte
Do mholfadh an bhruinneal
Do chuirfeadh go socair
'N-a shuidhe cois na teineadh é,
Is freastal go miochair
A dhéanamh 'n-a ghoire.



A Rafteri, molaim
Do shaothar-sa, a chumainn,
Do ghéireacht 's do ghontacht,
'S an tsaor-thuile focal
Gan staonadh 's gan tuisle
Ód' bhéal-sa do thigeadh
Gheobhaimíd duit ionad
Istigh i n-ár gcroidhthibh,
Mar bhfuil truagh do'n duille
Agus meas ar an nduine
Bhíonn taobh leis an bhfidil
Go bhfuil téad, b'éidir, briste ann,
Is le cumas a fhriotail
Chun a bheatha do thuilleamh.

'S, a Chraoibhín, an oinigh,
Do chóirigh dhon bhile,
Do chion-sá de'n mholadh
Is cóir a tabhairt duit-se.



TÓRNA



AN SLÉIBHTEÁNACH: Ní gábhadh dhúinn innsint do
léightheóiríbh an IRISLEABHAIR cad é an rud é an
"Sléibhteánach." Do bhuail ceann roimh ré orainn an
lá fé deireadh, agus ní baoghal ná go dtaithneoghaidh le
gach Gaedheal. Cuirtar scilling is leath-réal ag
triall ar Ab Mhellerí, agus gheobhthar seóid thaithneamhach.
Déarfam beagán eile 'n-a thaobh.



Seoltar litreacha i dtaoibh Eagarthóireachta go
dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bhainstige
go dtí Stiúrthóir, Oífig an Chonnartha, 24 Sráid
Uachtharach Uí Conaill, Áth Cliath.


L. 520a


ADVERTISEMENTS



NOW ON SALE.



Sliocht as "Irisleabhar na Gaedhilge."
Uimhir I.
An Áit d'ár ghabhas,
(trí fuinn).
An tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do Sholáthruigh.



UIMHIR A II.



Turas go Tír na n-óg
(trí fuinn)
An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Sholáthruigh.



Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903.
Pighin an ceann.



Seachadadh Áluinn le h-Aghaidh na bPáisdí.



SIDHEÓGA AG OBAIR: Fairies at work.
SGÉALTA SIDHE: Fairies' Stories.



'Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan.



Raol an Chóib. Seacht bPighne Saor Thríd an bPost.



SEACHADADH ÁLUINN le hAGHAIDH NA bPÁISDÍ.



"An TÁILLEÁN"


L. 520b


Smuainte ar Árainn,



I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, aeridheacht, Banais, agusc.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2.
Fá leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó Néill. Drama Úr-nua
Do sgríobh "Conán Maol"
An chéad Leabhrán do shraith-leabhair "An Claidhimh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.




L. 521a


An Tae is Fearr



Ar 1/4, 1/8, 1/10, agus 2/- an punt.
Uisge beathadh, togha sean-uisge beathadh Éireannaigh.
16/-, 18/- agus 20/- an galún.
32/-, 36/- agus 40/- an duiséin.




Féilire na Gaedhilge



Ar fagháil anois ó Chonnradh na Gaedhilge. Leath-raol an chóip.
Bonn Saor tríd an bpost.
Féilire na Gaedhilge le haghaidh 1904
do cheap an
"Buachaillín Buidhe."



Tá sé lá d'eólas a bheidheas feileamhnach do'n Éireannach 'sa mbaile
's i gcéin. Ceannuigh ceann le d'aghaidh féin agus cinn eile le h-aghaidh
do charad tar lear.



Is fiú é seacht n-oiread a iarfar air.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services