Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gearr-chunntas ar Bheatha Eoghain Ruaidh Uí Néill.
Title
Gearr-chunntas ar Bheatha Eoghain Ruaidh Uí Néill.
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GEARR-CHÚNNTAS ar BEATHA EOGHAN RUAIDH UÍ NÉILL. Do shíolruigh Eoghan Ruadh Ua Néill — go bhfuilim go riachtanach chum beagán cunn- tais do thabhairt uaim ar a bheatha sa bhfóir- líne seo — ó threibh do bhí riamh oirdhearc i nÉirinn, 'sé sin, ó aimsir na bpágánach anuas. Mac do'n Bharún Art Ó Néill do b'eadh é, agus do rugadh sa bhliadhain 1582 é. Gheibhmíd i n-aos luaith é ag dul i seirbhís airm na Spáinne — treóruighthe, gan amhras, leis an intinn do threóruigh Mártan Mac Domhnaill nuair a chuaidh sé i seirbhís na bhFranncach; 'sé sin, go raibh geataí árd- uighthe ag baile dúnta go dlúth iadtha 'n-a choinnibh. Ba ró-ghearr go bhfuair sé post árd san arm ins an atharrach tíre. Óg-laoch speis- ialta do b'eadh Eoghain, go raibh tapamhlacht agus fuinneamh ag baint leis; agus muna mbeadh sin, is deimnitheach go mbeadh meathlughadh ar a fhaid bheathadh sa Spáinn i bhfóircheann a sheanchuis san am soin. Sa bhliadhain 1641, do chosain sé Arras, do bhí ghabhtha 'ge na Franncaigh; agus do ghéill sé sa deireadh ar thearmaí ónóracha, agus fós do thug a iomchur árd-chlú dho, agus do fuair sé urraim agus gradam iongantach ó n-a namhad chomh maith 'n-a thaobh. Do cuireadh fios air sa bhliadhain chéadna chum uachtaránacht armáil na hÉireann do ghlacadh, do bhí an uair sin ag cómhrac idir bhás agus bheatha le Cromail is a shluaighthe de mhadraidhe fola do bhí ag marbhughadh agus ag tabhairt masladh do na Caitlicigh, ag goid agus ag sciobadh leó a mba capaill agus ull- mhaitheas, agus ag iarraidh a gcreidimh agus a dteanga do mhúchadh agus do chur faoi chois idir scian scolb go bráth. I ndeireadh an Mheithimh sa bhliadhain 1642, t'réis seóladh ó Dhún Circe, mór-thimcheall an taobh thuaidh d'Albainn, do shrois sé Dún na nGall, i gcuideachtain le mórán oifigigh dhá chath féin, do tháinig ó'n Spáinn dá thíonnlacan agus chum cabhruighthe leis chomh maith. Seal 'n-a dhiaidh sin, do thoghadh é mar cheann-uarraidh armáil na nUltach i n-áit go nglaoidhtear Charlemont air. Ball do b'eadh Charlemont do bhí dlúithte le suim de scéala dorcha i seanchus a shin- sear. Do chlasuigh Mountjoy an dún so sa Mheitheamh i mbliadhain 1642. Do b'é an Ridire Tiobóid Caulfield do riaghluigh ar dtúis an daingean so. An fhaid do bhí sé annso do dhein sé dún áluinn do thógbháil suas, agus tá sé seo le feicsint ann go dtí an lá indiu ag gach n-aon a ghabhann an treó, le greanntacht agus le seandacht. Do shealbhuigh mac dearbhráthar Thiobóid agus a luaith-leantóir an daingean so go cean- amhail mar phríomh-áitreabh. Annso leis do mharbhadh Feidhlimidh Ua Néill mac do'n gharmhac réamh-ráidhte, agus do ghlac sé féin é mar bhall chomhnuidhthe. Acht chum leanamhaint ar bheatha Eoghain. Láithreach tar éis é theacht go hÉireann, do scríbh Iarla Leisclí uachtarán na nAlbanach chuige, go raibh cathughadh air go raibh fear dá cháil is dá thuigsint ag teacht go hÉirinn, t'réis a chuid eóluis go léir thar lear, chum cabhrughadh le droich-chúis, agus ag tabhairt comhairle dho i mbréithribh bláith filleadh thar n-ais arís. "Acht is ar mhaithe leis féin is eadh dhein- eann an cat crónán." D'fhreagair Eoghan é, dhá rádh nach aon chúis amháin, ná dhá chuis, a bhí aige chum congnamh agus furtacht do thabhairt ar mhuinntir do bhí go hanacrach agus
go síor-bhuaidhearta an uair sin, agus go ndéanfadh sé buan-seasamh ar a son, agus gur mó go mór an ceart do bhí aige chum soin do dhéanamh 'na do bhí aige féin (Leisclí) nuair a ghluais sé féin agus saighdiúirí Albann go dtí Sasanna i gcoinnibh an Ríogh, agus binn-ríoghachta cheana ar a dtír féin. Ní fhéadfaide aon chonntráracht do chur ní b'fhearr. D'imthigh Iarla Leisclí láithreach ar bórd luinge go hAlbainn, agus, ar an am gcéadna, dhá innsint do Mhongruadh, d'fhág sé 'n-a dhiaidh 'n-a cheann-urraidh, go bhfaghadh Eoghan an ceann-smách ortha dá rithfeadh leis arm do chnuasach le chéile; agus go deimhin sin mar bhí an scéal. Do choingibh Eoghan suas é féin ar feadh cheithre mbliadhan i gcoinnibh Mhongruaidh ar aon taobh agus Urmhumhan ar a dtaobh eile, agus é buailte amach agus faon lag ag éilimhthe na n-uachtarán do bhí ag cabhrughadh leis ó na cúigíbh eile, agus iad go gábhtarach ar easbhaidh bídh agus lóin, agus ag seasamh go daingean agus go dílis dian i n-aghaidh a námhad chum go mbeadh sé lán-ullamh chum chatha; acht, chomh luath is fuair sé a armáil i n-órdughadh agus i gcórughadh maith chum troda, do bhuail sé an cath ba thréine agus ba fhíochmhaire do buaileadh riamh i nÉirinn - 'sé sin, ó chath Átha Bhuidhe anuas. Ba ghnáth le hEoghan bheith go haireach agus go glic 'n-a chuid uachtaránacht. Sa bhliadhain 1642 do bhí sé go pras lúth- mhar ar a chosnamh féin i gcoinnibh níos mó 'ná aon namhad amháin so-ghléasta, uath- bhásach, nimhneach, fá Mongruadh, Montgum- aire, Tighearna Bléiní, agus Mac Conbhuaidh. (Ní críoch.) SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services