GEARR-CHÚNNTAS
ar
BEATHA EOGHAN RUAIDH UÍ NÉILL.
Do shíolruigh Eoghan Ruadh Ua Néill — go
bhfuilim go riachtanach chum beagán cunn-
tais do thabhairt uaim ar a bheatha sa bhfóir-
líne seo — ó threibh do bhí riamh oirdhearc i
nÉirinn, 'sé sin, ó aimsir na bpágánach
anuas. Mac do'n Bharún Art Ó Néill do
b'eadh é, agus do rugadh sa bhliadhain 1582 é.
Gheibhmíd i n-aos luaith é ag dul i seirbhís
airm na Spáinne — treóruighthe, gan amhras,
leis an intinn do threóruigh Mártan Mac
Domhnaill nuair a chuaidh sé i seirbhís na
bhFranncach; 'sé sin, go raibh geataí árd-
uighthe ag baile dúnta go dlúth iadtha 'n-a
choinnibh.
Ba ró-ghearr go bhfuair sé post árd san
arm ins an atharrach tíre. Óg-laoch speis-
ialta do b'eadh Eoghain, go raibh tapamhlacht
agus fuinneamh ag baint leis; agus muna mbeadh
sin, is deimnitheach go mbeadh meathlughadh
ar a fhaid bheathadh sa Spáinn i bhfóircheann
a sheanchuis san am soin.
Sa bhliadhain 1641, do chosain sé Arras,
do bhí ghabhtha 'ge na Franncaigh; agus do ghéill
sé sa deireadh ar thearmaí ónóracha, agus fós
do thug a iomchur árd-chlú dho, agus do fuair
sé urraim agus gradam iongantach ó n-a
namhad chomh maith 'n-a thaobh.
Do cuireadh fios air sa bhliadhain chéadna
chum uachtaránacht armáil na hÉireann do
ghlacadh, do bhí an uair sin ag cómhrac idir
bhás agus bheatha le Cromail is a shluaighthe de
mhadraidhe fola do bhí ag marbhughadh agus ag
tabhairt masladh do na Caitlicigh, ag goid
agus ag sciobadh leó a mba capaill agus ull-
mhaitheas, agus ag iarraidh a gcreidimh agus a
dteanga do mhúchadh agus do chur faoi chois
idir scian scolb go bráth.
I ndeireadh an Mheithimh sa bhliadhain 1642,
t'réis seóladh ó Dhún Circe, mór-thimcheall
an taobh thuaidh d'Albainn, do shrois sé Dún
na nGall, i gcuideachtain le mórán oifigigh
dhá chath féin, do tháinig ó'n Spáinn dá
thíonnlacan agus chum cabhruighthe leis chomh
maith.
Seal 'n-a dhiaidh sin, do thoghadh é mar
cheann-uarraidh armáil na nUltach i n-áit
go nglaoidhtear Charlemont air. Ball
do b'eadh Charlemont do bhí dlúithte le
suim de scéala dorcha i seanchus a shin-
sear.
Do chlasuigh Mountjoy an dún so sa
Mheitheamh i mbliadhain 1642. Do b'é an
Ridire Tiobóid Caulfield do riaghluigh ar
dtúis an daingean so. An fhaid do bhí sé
annso do dhein sé dún áluinn do thógbháil
suas, agus tá sé seo le feicsint ann go dtí
an lá indiu ag gach n-aon a ghabhann an
treó, le greanntacht agus le seandacht. Do
shealbhuigh mac dearbhráthar Thiobóid agus a
luaith-leantóir an daingean so go cean-
amhail mar phríomh-áitreabh. Annso leis do
mharbhadh Feidhlimidh Ua Néill mac do'n
gharmhac réamh-ráidhte, agus do ghlac sé féin é
mar bhall chomhnuidhthe.
Acht chum leanamhaint ar bheatha Eoghain.
Láithreach tar éis é theacht go hÉireann, do
scríbh Iarla Leisclí uachtarán na nAlbanach
chuige, go raibh cathughadh air go raibh fear
dá cháil is dá thuigsint ag teacht go
hÉirinn, t'réis a chuid eóluis go léir thar
lear, chum cabhrughadh le droich-chúis, agus
ag tabhairt comhairle dho i mbréithribh bláith
filleadh thar n-ais arís.
"Acht is ar mhaithe leis féin is eadh dhein-
eann an cat crónán." D'fhreagair Eoghan
é, dhá rádh nach aon chúis amháin, ná dhá chuis,
a bhí aige chum congnamh agus furtacht do
thabhairt ar mhuinntir do bhí go hanacrach agus
go síor-bhuaidhearta an uair sin, agus go
ndéanfadh sé buan-seasamh ar a son, agus gur
mó go mór an ceart do bhí aige chum soin
do dhéanamh 'na do bhí aige féin (Leisclí)
nuair a ghluais sé féin agus saighdiúirí Albann
go dtí Sasanna i gcoinnibh an Ríogh, agus
binn-ríoghachta cheana ar a dtír féin. Ní
fhéadfaide aon chonntráracht do chur ní
b'fhearr.
D'imthigh Iarla Leisclí láithreach ar bórd
luinge go hAlbainn, agus, ar an am
gcéadna, dhá innsint do Mhongruadh, d'fhág
sé 'n-a dhiaidh 'n-a cheann-urraidh, go bhfaghadh
Eoghan an ceann-smách ortha dá rithfeadh
leis arm do chnuasach le chéile; agus go
deimhin sin mar bhí an scéal.
Do choingibh Eoghan suas é féin ar feadh
cheithre mbliadhan i gcoinnibh Mhongruaidh ar
aon taobh agus Urmhumhan ar a dtaobh eile, agus é
buailte amach agus faon lag ag éilimhthe na
n-uachtarán do bhí ag cabhrughadh leis ó na
cúigíbh eile, agus iad go gábhtarach ar easbhaidh
bídh agus lóin, agus ag seasamh go daingean agus go
dílis dian i n-aghaidh a námhad chum go
mbeadh sé lán-ullamh chum chatha; acht, chomh
luath is fuair sé a armáil i n-órdughadh agus i
gcórughadh maith chum troda, do bhuail sé an
cath ba thréine agus ba fhíochmhaire do buaileadh
riamh i nÉirinn - 'sé sin, ó chath Átha Bhuidhe
anuas. Ba ghnáth le hEoghan bheith go
haireach agus go glic 'n-a chuid uachtaránacht.
Sa bhliadhain 1642 do bhí sé go pras lúth-
mhar ar a chosnamh féin i gcoinnibh níos mó
'ná aon namhad amháin so-ghléasta, uath-
bhásach, nimhneach, fá Mongruadh, Montgum-
aire, Tighearna Bléiní, agus Mac Conbhuaidh.
(Ní críoch.)
SEAGHÁN Ó MUIMHNEACHÁIN.