Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir
Title
Litir
Author(s)
Ua Dubhghaill, S. S.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Fhir an Chlaidhimh, B'fhéidir go bhfuil an taobh ceart de'n "teach sagamsa" ag an Laigheanach. Is dóigh liom féin nach bhfuil acht cuid de. Deirthear i Mumhan "an teach so agamsa" agus "Seághan so againne" i n-inead "mo theach-sa" agus "ár Seághansa." Tá fhios ag gach uile dhuine gur minic a chuireann Ultach "a" 'san áit go m-beidheadh "o" ag Muimh- neach, "Craiceann" agus "paitín" i gCúig Uladh, "Croiceann" agus "poitín" i Mumhan. Rud eile: Luighean muintir Chúige Mhumhan a nguth go trom ar an dara roinn de'n fhocal i n-inead an chéad roinn mar a deuntar i gCúig' Uladh. Mar gheall air seo, ná sgríbhtear "an teach so 'gamsa" nó "an teach s' agamsa" 'sé an guth céadna a thagann as Bheul Ciarraighigh - "an teach so-agam'sa" - acht 'sé deir fear ó Dhún na nGall "an teach s'ag'amsa," a luighe go trom ar "ag." Sa taobh de'n tír a tógadh mise ní dóigh linn gur Gaedhilg cheart "na Dubhghailleach." Ní'l sé bun-os- cionn "an Blácach" "an Búrcach" nó "an Roisteach" a rádh, nuair a chuirimíd ainmneacha Gallda i nGaedhilg. Acht timcheall na sean-ainmneach, 'sé deirimíd "Mac Uí Dubhghaill," "Mac Uí Shúiliobháin," "Mac Uí Dháille," aml. S. S. Ua Dubhghaill Doire, Bealtaine 22, 1899. Tuille. Táim an-bhuidheach de Thomas o Chonceannain i d-taobh an méid a deir sé tiomcheall an ráméis a chloisimíd a rádh "nach í an Ghaedhilge chéadna a labhair- thear ins gach uile áit in Éirinn." Dá m-bhéidheadh am agam b'fhuras theasbáint nach aon Bheurla amháin atá i mbeul Sasanaigh, Albanaigh agus Éireannaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services