A Fhir an Chlaidhimh,
B'fhéidir go bhfuil an taobh ceart de'n "teach
sagamsa" ag an Laigheanach. Is dóigh liom féin nach
bhfuil acht cuid de. Deirthear i Mumhan "an teach so
agamsa" agus "Seághan so againne" i n-inead "mo
theach-sa" agus "ár Seághansa."
Tá fhios ag gach uile dhuine gur minic a chuireann
Ultach "a" 'san áit go m-beidheadh "o" ag Muimh-
neach, "Craiceann" agus "paitín" i gCúig Uladh,
"Croiceann" agus "poitín" i Mumhan.
Rud eile: Luighean muintir Chúige Mhumhan a nguth
go trom ar an dara roinn de'n fhocal i n-inead an
chéad roinn mar a deuntar i gCúig' Uladh.
Mar gheall air seo, ná sgríbhtear "an teach so
'gamsa" nó "an teach s' agamsa" 'sé an guth céadna
a thagann as Bheul Ciarraighigh - "an teach so-agam'sa" -
acht 'sé deir fear ó Dhún na nGall "an teach s'ag'amsa,"
a luighe go trom ar "ag."
Sa taobh de'n tír a tógadh mise ní dóigh linn gur
Gaedhilg cheart "na Dubhghailleach." Ní'l sé bun-os-
cionn "an Blácach" "an Búrcach" nó "an Roisteach"
a rádh, nuair a chuirimíd ainmneacha Gallda i nGaedhilg.
Acht timcheall na sean-ainmneach, 'sé deirimíd "Mac
Uí Dubhghaill," "Mac Uí Shúiliobháin," "Mac Uí
Dháille," aml.
S. S. Ua Dubhghaill
Doire, Bealtaine 22, 1899.
Tuille. Táim an-bhuidheach de Thomas o Chonceannain
i d-taobh an méid a deir sé tiomcheall an ráméis a
chloisimíd a rádh "nach í an Ghaedhilge chéadna a labhair-
thear ins gach uile áit in Éirinn." Dá m-bhéidheadh am
agam b'fhuras theasbáint nach aon Bheurla amháin atá i
mbeul Sasanaigh, Albanaigh agus Éireannaigh.