Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantus líon-éadaigh fad ó shoin.
Title
Déantus líon-éadaigh fad ó shoin.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÉANTUS LÍON-ÉADAIGH FAD Ó SHOIN. 'N-a dhiaidh seo bhí acra eile aca a dtabharadh siad "olbha" mar ainm air. Bhí sé déanta do adhmad agus iarann ar an dóigh seo: — Giota d'iarann éadtrom trí troighthe go leith ar fad agus fá tuairim dhá orlach go leith ar leithead agus é déanta leath-chruinn; annsoin giota adhmad a luighe taobh istigh do seo a bheireadh siad teanga an olbha air agus annsoin cos adhmaid. Tharr- aingeochadh siad an líon fríd seo le sórt cíoradh thabhairt do le deireadh an leochain bhaint as. 'N-a ndhiaidh seo bhí obair an taistil ghairbh agus an taistil mhín; agus i ndiadh glanadh ná dtaisteal seo líon leobhtha bheireadh siad air. Annsoin thois- oscadh obair an túirne le é sníomh. Bhí acra eile déanta d'adhmad leis an líon a chrochadh air; bheireadh siad cuigeal mar ainm air. Bhí sé gléasta 'sa túirne agus chongbhochadh sé an líon os comhar na ban- abairsighe. Ar an dóigh seo ba bhrathach le na daoine an líon-éadach a dhéanamh ins an bhaile againn féin an méad a bhí 'iarraidh ortha féin le n-a chaitheamh. Acht i ndiaidh é shníomh ba bhrathach leó an snáth thabhairt go dtí an margadh agus é dhíol mar ghníthear leis an líon anois acht le i bhfad níos mó tairbheas ins an am sin sular ghlac déantúis- Shacsan áit ar ndéantús féin. Cuirthear chum an fhíghdeóra an snáth leis an lioní éadach do dhéanamh agus ní bhfuil móran aithearrach ar an dóigh do-ghní siad é agus an dóigh do-ghníthear an phlainín. SEAGHÁN MAC AN ULTAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services