Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantus líon-éadaigh fad ó shoin.

Title
Déantus líon-éadaigh fad ó shoin.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÉANTUS LÍON-ÉADAIGH FAD Ó SHOIN.



'N-a dhiaidh seo bhí acra eile aca
a dtabharadh siad "olbha" mar ainm air.
Bhí sé déanta do adhmad agus iarann ar an
dóigh seo: — Giota d'iarann éadtrom trí
troighthe go leith ar fad agus fá tuairim
dhá orlach go leith ar leithead agus é déanta
leath-chruinn; annsoin giota adhmad a luighe
taobh istigh do seo a bheireadh siad teanga an
olbha air agus annsoin cos adhmaid. Tharr-
aingeochadh siad an líon fríd seo le sórt
cíoradh thabhairt do le deireadh an leochain
bhaint as. 'N-a ndhiaidh seo bhí obair an
taistil ghairbh agus an taistil mhín; agus
i ndiadh glanadh ná dtaisteal seo líon
leobhtha bheireadh siad air. Annsoin thois-
oscadh obair an túirne le é sníomh.



Bhí acra eile déanta d'adhmad leis an
líon a chrochadh air; bheireadh siad cuigeal
mar ainm air. Bhí sé gléasta 'sa túirne agus
chongbhochadh sé an líon os comhar na ban-
abairsighe. Ar an dóigh seo ba bhrathach le
na daoine an líon-éadach a dhéanamh ins an
bhaile againn féin an méad a bhí 'iarraidh
ortha féin le n-a chaitheamh. Acht i ndiaidh é
shníomh ba bhrathach leó an snáth thabhairt go dtí
an margadh agus é dhíol mar ghníthear leis an
líon anois acht le i bhfad níos mó tairbheas
ins an am sin sular ghlac déantúis-
Shacsan áit ar ndéantús féin. Cuirthear
chum an fhíghdeóra an snáth leis an lioní
éadach do dhéanamh agus ní bhfuil móran
aithearrach ar an dóigh do-ghní siad é agus an
dóigh do-ghníthear an phlainín.



SEAGHÁN MAC AN ULTAIGH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services