Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmaid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"IS MALLUIGHTHE 'N DREAM TUÍNN- CÉIRÍ." (Ar leanamhaint.) Rud ana-dheas go léir le féachaint air is eadh an goradh nuair a bhíonn an salachar so sciomáltha dhe; bíonn sé chomh tanaidhe le huisce agus ar dhath bhán an airgid; acht dá dteangbhóghadh aon bhraon de leat — Is é foghmhar an tuinncéara ar leathadh é an lá bhíonn an goradh ar siubhal aige. Do réir mheas an tuinncéara tá solamnacht thar meadhón ag baint le déanamh goraidh, mar ó chéad shéideadh an bhuilg maidean an lae sin go mbíonn an corcán deireannach slán- uighthe dá ndéanadh éinne eascaine, ná mionn a thabhairt, ná focal an-cheart eile do labhairt ar láthair an ghoraidh ní chuir- feadh an saoghal mór i n-a luighe-lom ar thuinncéir ná go n-imtheóghadh bárthan éigin ar an ngoradh — go ndoirtfí é, nó ná leagh- fadh an meiteal 'n-a cheart, nó tionóisc ar bith eile. Ar an adbhar-san, ní túisce thos- nuigheann an obair 'ná dúnann an uile thuinncéir a bhéal; is mór an truagh, arsa tusa, ná bíonn goradh 'gha dhéanamh go minic — ba mhór an sos do'n tsaoghal é. Gan seo 'ram (gabhaim-se orm) go bhfuil a shár-fhios ag an dtuinncéir féin ná fuil an teanga fé smacht aige fé mar badh chóir, agus gur le heasba ionntaoibhe as gur feárr leis a bhéal a dhúnadh ar fad i gcaitheamh na hoibre. "Níor chaill béal dúnta riamh," ar san sean-fhocal. Ní bhíonn smiug as go háirithe, agus má bhíonn gábhadh le labhairt aige ní labhrann sé acht i gcogar. Ní lugha ar thuinncéirí an mac mallachtan 'ná éinne ná bainfeadh le n-a gcualacht féin a theacht láithreach an fhaid a bheidís ag déanamh an ghoraidh. Ní choingigheadh soin uatha sinn-ne ámhthach, mar do bhíodh ana-dhúil againn an ghoradh fheiscint 'ghá dhéanamh. Is ait é, cé gur fíor, gur beag duine a chonnac riamh ná gur mhaith leis, pé cúis é, bheith ag féach- aint ar ghabha ná ar thuinncéir ag obair. Is mar seo bhí an scéal lá breágh i ndeireadh an Fhoghmhair roinnt mhaith bhliadhanta ó shoin ins an gháirdín beag ag drom tighe na Cúilfhinne. Bhí na corcáin ar fad, suas le céad éigin ceann, ullamh ar an ngoradh do scaoileadh ortha, agus an teine 'ghá leogaint i laige chun an aidhin a thógaint aníos, nuair a bhuail Raidhrí Sheagháin na Buaile isteach thar claidhe a gháirdín cun radhairc a thóg- aint ar an obair chomh maith le gach éinne. Duine grádhmhar, míorbhuiltheach fiadhain, a b'eadh Raidhrí. Diablóir crostáltha a b'eadh é 'n-a theannta soin, ná faghadh a shláinte go bráth mara mbeadh a cheann i n-áithleóir- eacht éigin aige. "Cad chuige an ciúnas?" ar sé le cruinnughadh mór garsún againn-ne a bhí 'n-ár seasamh go faitchiosach agus go cúthail i gcúinne an gháirdín ag féachaint ar an ngoradh 'ghá dhéanamh, gan gíocs ná míocs a pus éinne againn; mar ba shoiléir ó sna féachaintí a bhí age sna tuinncéirí dhá dtabh- airt fé fhabhraíbh a súil orainn ná raibh aon fháilte mhór romhainn. D'oscail an uile thuinncéir aca a shúile go leathan agus go mór- iongantach mar gheall ar a leithéid d'éadan a bheith ar Raidhrí is labhairt chomh hárd agus chomh dána. "Éist!" arsa mise a bhí le n' aice, dhá phriocadh 'sna heasnacha, agus do thosnuigheas i gcogar ar phiseóig na dtuinncéirí do mhín- iughadh dhó. "Coimeád do bhéal dúnta, a mhic ó," arsa mise, "ar eagla go sceinn- feadh eascaine uait, mar ní béas agat aon ghreim mór a bheith agat ortha" De leog sé smiuta gáiridhe as, agus thug sé súil-fhéachaint
timcheall air. Do chuir sé a dhá bhais ar a chrománaibh, do dhírigh sé suas é féin, agus do tharraing anál fada. "H'anam dho'n D--l!" ar sé trí huaire i ndiaidh a chéile chomh hárd is do bhí i n-a chliabh béiceadh. Ar neómat na baise do bhí sé casta mór-thim- cheall. Do lúb sé a cheann síos fé mar a dheineann lacha nuair a bhíonn sí ag ruith fé thoraibh cabáiste i ngáirdín, agus do chuir sé air na cosaibh, agus dob' air ba bhreagh an díol. A léightheóir mo chroidhe, do b'éidir gur shatalaís uair éigin id' shaoghal ar chúnsóg bheach i móinfhéar, nó b'éidir gur phriocais le cipín nead bheacha gobhair. Airiú! a ghamhain, má dheinis féin, ní raibh ionnta acht aingil ó Neamh i gcomparáid lé na tuinn- céirí úd i gcolg, i n-urchóid, agus i míneáir. Airiú! dá bhfeicfá an chioth sean-iarnaí agus chlocha a bhí san aer i ndiaidh Raidhrí. Ní fheadar 'on tsaoghal cionnus nár dheineadh brúscar dá phlaosc. Ach ní rabhadar gan sásamh, mar d'iompuigheadar orainn-ne. Do bhí a leithéid sin de fhlosc ortha chum léimint sa mhullach ar a raibh láithreach gur léimeadar treasna na teineadh agus an ghoraidh agus de dhruim na gcorcán. Do ruith na garsúin annso agus annsúd ag iarraidh teicheadh uatha, agus do b'in é an cliub. Ins an chluiche agus ins an anaithe dhóibh, an dóigh leat, a dhuine mo chroidhe istigh, ná gur bhuail duine éigin aca a chosa i gcoinnibh láimhe an aidhin, agus do hiompuigheadh ar a bhéal fé é, agus do stealladh an goradh ar fuid an tailimh. "Ar shéideadh na mbolg," ar san file, "do doirteadh an goradh, 's do chuirfidís cogadh ar an aonach." Do chuirfidís cogadh ar Éirinn, dá mb'áil leis a rádh. Dob' é deónughadh Dé nár loisceadh leath a raibh ann, mar ní ar gach éinne bhíodh bróga an uair úd; ach is dóigh liom go mbíodh na cosa níos aicillidhe fútha ins an am úd chun teicheadh ó bhaoghal 'ná mar atáid anois, agus ba righne an croiceann a bhíodh ar na troightheacha aca. Acht táim ag imtheacht a rian mo scéil. Ba chuma nó paca gadhar i measc scata caorach na tuinncéirí cúthacha úd i measc na ngarsún mbocht — dá léasadh 'gus dá mbataráil, ag breith ortha agus dá bhfolathachtadh, ag leagadh dhuine agus ag léimt ar a bholg, ag breith ar gharsún, ar chosa 's ar cheann air, agus ag bualadh buille dhe i gcoinnibh an tailimh. Cionnus ná raibh cuirp ann? Ba mhó mé féin i bhfad, agus ba shine leis, 'ná éinne de sna garsúnaibh eile. Do bhíos im' ógánach i mbaisce — agus níor ruitheas ar dtúis mar a dhein an chuid eile; acht ní chuirfadh a chath- ughadh choidhche dhíom nár ruitheas ámhthach. Ná beir leat gur bh'aon fhonn troda a bhí orm. Níor bh'eadh mhaise, mo lámh dhuit, ach do shíleas go mbeadh urraim bheag éigin dom' aois aca, agus, go mór-mhór, ó bhíodh réim ag a n-asalaibh — i bhfios is i gan-fhios duinn — i sean-churrach luachra a bhí soir suas ó'n dtigh, do bhíos ag brath go mbeadh báidh aca liom. Báidh liom, an eadh? Urraim dom' aois ag tuinncéir? Fan leat, isdóigh, go n-airighir. Do dhein orm anall bean chaol- árd, pholla-chnámhach, gheanncach, agus leanbh treasna fé n-a hoscail aici, féibh mar a chuirfá punnan tuighe thar a bhfeacaís riamh. Do thug sí fogha duirn fúm, acht do leagas siar mo cheann uaithi de phas. Do bhain sí gaoth dem' shróin, ach níor bhuail. Do chas sí bulla-báisín ar m'aghaidh amach le fuin- neamh an bhuille. Do bhí faill mhaith agam-sa ar ise bhualadh an uair sin, dá mbadh mhaith liom é; ach ba lag liom bean a bhualadh, i dtaobh gur dóigh liom ó shoin ná beadh mill- eán ag Dia ná daoine orm mar gheall ar mé féin a chosaint, ach do tháinig fionaidh- theacht orm í ghortughadh agus an gárlaichín 'ghá iomchar aici. Do thug sí an iarracht chéadna arís fúm, acht do bhí sí ní ba ghiorra dhom an turus so, agus, a dhuine m'árann, do bhuail, sí le lán-fhórsa a duirn i bpuinte an chorr-
áin mé. Má abrann éinne ná fuil bean ábaltha ar bhuille duirn a thabhairt uaithi, do thug sé a éitheach. Níor thug Seaghán L. Ó Súilleabháin, an t-am is tábhachtmhaire a bhí sé riamh, a leithéid de phléasc mharbhthach do chomhraicidhe eile i dtaobh istigh de fháinne an troda, ná níor thuit an comh- raicidhe sin riamh chomh tapaidh ag a chosaibh is do thuiteas-sa ag cosaibh na mná úd. Ní cuimhin liom cionnus a thuiteas, ná cionnus éirigheas, ach is dóichighe gur bh'é biorr mo chinn a tháinig fúm, agus gur ar charn de'n mhóta liaith a bhí spártha i ndiaidh na gcorcán a tháinig mo cheann, mar is ann a fuaradh mo chaipín lá ar n-a bháireach, sáithte os go doimhin ann, agus a bhéal i n-áirdeis féibh mar a rapfaidhe síos ann é agus é ar cheann dhuine agus go bhfágfaidhe ann é d'éis an chinn a tharrach as. (Ní críoch.) DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services