Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).

Title
Is Malluighthe 'n Dram Tuínncéirí (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Muimhneacháin, Diarmaid,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 515


"IS MALLUIGHTHE 'N DREAM TUÍNN-
CÉIRÍ."



(Ar leanamhaint.)



Rud ana-dheas go léir le féachaint air
is eadh an goradh nuair a bhíonn an salachar
so sciomáltha dhe; bíonn sé chomh tanaidhe
le huisce agus ar dhath bhán an airgid; acht dá
dteangbhóghadh aon bhraon de leat — Is
é foghmhar an tuinncéara ar leathadh é an
lá bhíonn an goradh ar siubhal aige. Do réir
mheas an tuinncéara tá solamnacht thar
meadhón ag baint le déanamh goraidh, mar
ó chéad shéideadh an bhuilg maidean an lae
sin go mbíonn an corcán deireannach slán-
uighthe dá ndéanadh éinne eascaine, ná
mionn a thabhairt, ná focal an-cheart eile
do labhairt ar láthair an ghoraidh ní chuir-
feadh an saoghal mór i n-a luighe-lom ar
thuinncéir ná go n-imtheóghadh bárthan éigin
ar an ngoradh — go ndoirtfí é, nó ná leagh-
fadh an meiteal 'n-a cheart, nó tionóisc ar
bith eile. Ar an adbhar-san, ní túisce thos-
nuigheann an obair 'ná dúnann an uile
thuinncéir a bhéal; is mór an truagh, arsa
tusa, ná bíonn goradh 'gha dhéanamh go
minic — ba mhór an sos do'n tsaoghal é.
Gan seo 'ram (gabhaim-se orm) go bhfuil a
shár-fhios ag an dtuinncéir féin ná fuil an
teanga fé smacht aige fé mar badh chóir, agus
gur le heasba ionntaoibhe as gur feárr
leis a bhéal a dhúnadh ar fad i gcaitheamh na
hoibre. "Níor chaill béal dúnta riamh,"
ar san sean-fhocal. Ní bhíonn smiug as go
háirithe, agus má bhíonn gábhadh le labhairt aige
ní labhrann sé acht i gcogar. Ní lugha ar
thuinncéirí an mac mallachtan 'ná éinne ná
bainfeadh le n-a gcualacht féin a theacht
láithreach an fhaid a bheidís ag déanamh an
ghoraidh. Ní choingigheadh soin uatha sinn-ne
ámhthach, mar do bhíodh ana-dhúil againn an
ghoradh fheiscint 'ghá dhéanamh. Is ait é, cé
gur fíor, gur beag duine a chonnac riamh
ná gur mhaith leis, pé cúis é, bheith ag féach-
aint ar ghabha ná ar thuinncéir ag obair. Is
mar seo bhí an scéal lá breágh i ndeireadh
an Fhoghmhair roinnt mhaith bhliadhanta ó shoin
ins an gháirdín beag ag drom tighe na
Cúilfhinne. Bhí na corcáin ar fad, suas le
céad éigin ceann, ullamh ar an ngoradh do
scaoileadh ortha, agus an teine 'ghá leogaint i
laige chun an aidhin a thógaint aníos, nuair
a bhuail Raidhrí Sheagháin na Buaile isteach
thar claidhe a gháirdín cun radhairc a thóg-
aint ar an obair chomh maith le gach éinne.
Duine grádhmhar, míorbhuiltheach fiadhain, a
b'eadh Raidhrí. Diablóir crostáltha a b'eadh
é 'n-a theannta soin, ná faghadh a shláinte
go bráth mara mbeadh a cheann i n-áithleóir-
eacht éigin aige.



"Cad chuige an ciúnas?" ar sé le
cruinnughadh mór garsún againn-ne a bhí
'n-ár seasamh go faitchiosach agus go cúthail i
gcúinne an gháirdín ag féachaint ar an
ngoradh 'ghá dhéanamh, gan gíocs ná míocs a
pus éinne againn; mar ba shoiléir ó sna
féachaintí a bhí age sna tuinncéirí dhá dtabh-
airt fé fhabhraíbh a súil orainn ná raibh aon
fháilte mhór romhainn. D'oscail an uile
thuinncéir aca a shúile go leathan agus go mór-
iongantach mar gheall ar a leithéid d'éadan
a bheith ar Raidhrí is labhairt chomh hárd agus
chomh dána.



"Éist!" arsa mise a bhí le n' aice, dhá
phriocadh 'sna heasnacha, agus do thosnuigheas i
gcogar ar phiseóig na dtuinncéirí do mhín-
iughadh dhó. "Coimeád do bhéal dúnta, a
mhic ó," arsa mise, "ar eagla go sceinn-
feadh eascaine uait, mar ní béas agat aon
ghreim mór a bheith agat ortha" De leog sé
smiuta gáiridhe as, agus thug sé súil-fhéachaint


L. 516


timcheall air. Do chuir sé a dhá bhais ar a
chrománaibh, do dhírigh sé suas é féin, agus
do tharraing anál fada. "H'anam dho'n
D--l!" ar sé trí huaire i ndiaidh a chéile
chomh hárd is do bhí i n-a chliabh béiceadh. Ar
neómat na baise do bhí sé casta mór-thim-
cheall. Do lúb sé a cheann síos fé mar a
dheineann lacha nuair a bhíonn sí ag ruith fé
thoraibh cabáiste i ngáirdín, agus do chuir sé
air na cosaibh, agus dob' air ba bhreagh an díol.
A léightheóir mo chroidhe, do b'éidir gur
shatalaís uair éigin id' shaoghal ar chúnsóg
bheach i móinfhéar, nó b'éidir gur phriocais
le cipín nead bheacha gobhair. Airiú! a
ghamhain, má dheinis féin, ní raibh ionnta acht
aingil ó Neamh i gcomparáid lé na tuinn-
céirí úd i gcolg, i n-urchóid, agus i míneáir.
Airiú! dá bhfeicfá an chioth sean-iarnaí agus
chlocha a bhí san aer i ndiaidh Raidhrí. Ní
fheadar 'on tsaoghal cionnus nár dheineadh
brúscar dá phlaosc. Ach ní rabhadar gan
sásamh, mar d'iompuigheadar orainn-ne.



Do bhí a leithéid sin de fhlosc ortha chum
léimint sa mhullach ar a raibh láithreach gur
léimeadar treasna na teineadh agus an
ghoraidh agus de dhruim na gcorcán. Do ruith
na garsúin annso agus annsúd ag iarraidh
teicheadh uatha, agus do b'in é an cliub. Ins
an chluiche agus ins an anaithe dhóibh, an dóigh
leat, a dhuine mo chroidhe istigh, ná gur
bhuail duine éigin aca a chosa i gcoinnibh
láimhe an aidhin, agus do hiompuigheadh ar a
bhéal fé é, agus do stealladh an goradh ar
fuid an tailimh. "Ar shéideadh na mbolg,"
ar san file, "do doirteadh an goradh, 's
do chuirfidís cogadh ar an aonach." Do
chuirfidís cogadh ar Éirinn, dá mb'áil leis
a rádh. Dob' é deónughadh Dé nár loisceadh
leath a raibh ann, mar ní ar gach éinne bhíodh
bróga an uair úd; ach is dóigh liom go
mbíodh na cosa níos aicillidhe fútha ins an
am úd chun teicheadh ó bhaoghal 'ná mar
atáid anois, agus ba righne an croiceann a
bhíodh ar na troightheacha aca. Acht táim ag
imtheacht a rian mo scéil. Ba chuma nó
paca gadhar i measc scata caorach na
tuinncéirí cúthacha úd i measc na ngarsún
mbocht — dá léasadh 'gus dá mbataráil, ag
breith ortha agus dá bhfolathachtadh, ag leagadh
dhuine agus ag léimt ar a bholg, ag breith ar
gharsún, ar chosa 's ar cheann air, agus ag
bualadh buille dhe i gcoinnibh an tailimh.
Cionnus ná raibh cuirp ann? Ba mhó mé
féin i bhfad, agus ba shine leis, 'ná éinne de
sna garsúnaibh eile. Do bhíos im' ógánach
i mbaisce — agus níor ruitheas ar dtúis mar a
dhein an chuid eile; acht ní chuirfadh a chath-
ughadh choidhche dhíom nár ruitheas ámhthach. Ná
beir leat gur bh'aon fhonn troda a bhí orm.
Níor bh'eadh mhaise, mo lámh dhuit, ach do
shíleas go mbeadh urraim bheag éigin dom'
aois aca, agus, go mór-mhór, ó bhíodh réim ag a
n-asalaibh — i bhfios is i gan-fhios duinn — i
sean-churrach luachra a bhí soir suas ó'n
dtigh, do bhíos ag brath go mbeadh báidh aca
liom. Báidh liom, an eadh? Urraim dom'
aois ag tuinncéir? Fan leat, isdóigh, go
n-airighir. Do dhein orm anall bean chaol-
árd, pholla-chnámhach, gheanncach, agus leanbh
treasna fé n-a hoscail aici, féibh mar a
chuirfá punnan tuighe thar a bhfeacaís riamh.
Do thug sí fogha duirn fúm, acht do leagas
siar mo cheann uaithi de phas. Do bhain sí
gaoth dem' shróin, ach níor bhuail. Do chas
sí bulla-báisín ar m'aghaidh amach le fuin-
neamh an bhuille. Do bhí faill mhaith agam-sa
ar ise bhualadh an uair sin, dá mbadh mhaith
liom é; ach ba lag liom bean a bhualadh, i
dtaobh gur dóigh liom ó shoin ná beadh mill-
eán ag Dia ná daoine orm mar gheall ar
mé féin a chosaint, ach do tháinig fionaidh-
theacht orm í ghortughadh agus an gárlaichín 'ghá
iomchar aici. Do thug sí an iarracht chéadna
arís fúm, acht do bhí sí ní ba ghiorra dhom
an turus so, agus, a dhuine m'árann, do bhuail,
sí le lán-fhórsa a duirn i bpuinte an chorr-


L. 517


áin mé. Má abrann éinne ná fuil bean
ábaltha ar bhuille duirn a thabhairt uaithi, do
thug sé a éitheach. Níor thug Seaghán L.
Ó Súilleabháin, an t-am is tábhachtmhaire a
bhí sé riamh, a leithéid de phléasc mharbhthach
do chomhraicidhe eile i dtaobh istigh de
fháinne an troda, ná níor thuit an comh-
raicidhe sin riamh chomh tapaidh ag a chosaibh
is do thuiteas-sa ag cosaibh na mná úd. Ní
cuimhin liom cionnus a thuiteas, ná cionnus
éirigheas, ach is dóichighe gur bh'é biorr mo
chinn a tháinig fúm, agus gur ar charn de'n
mhóta liaith a bhí spártha i ndiaidh na
gcorcán a tháinig mo cheann, mar is ann a
fuaradh mo chaipín lá ar n-a bháireach, sáithte
os go doimhin ann, agus a bhéal i n-áirdeis
féibh mar a rapfaidhe síos ann é agus é ar
cheann dhuine agus go bhfágfaidhe ann é d'éis
an chinn a tharrach as.



(Ní críoch.)



DIARMAID Ó MUIMHNEACHÁIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services