Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE. Donnchadh ó Laogaire do scríobh. Cé go bhfuil naoi gcéad agus trí fichid bliadhain tar éis éalódh tharainn anois ó chonnaic an rí comhachtach agus an laoch calma go bhfuilm chum trácht air solas an lae, atá a chuimhne chomh beó, ní hé amháin i measc Chlanna Gaedheal, acht i measc gach cine críostamhail ar fuaid an domhain. Mairfidh clú Bhriain agus a ghníomhartha an fhaid agus leanfaidh an tSionainn a rian cois grianáin óirdheirc Cheann-choradh. Do shíol- ruigh Brian ó shliocht Oilioll aluim; acht bhí Clann Cais leis na ciantaibh díbeartha ó Chaiseal na Ríogh ag na hEoghanachtaigh. Bhí athair agus sean-athair ag Cinnéide .i. athair Bhriain, darab ainm dóibh Lorcán agus Lachtna. Fir géarchúiseacha eagnaidhe dob eadh iad so agus neartuigheadar a dtreibh féin go mór i dtreó go rabhadar ag braith ar riaghlughadh i gCaiseal. Bhí Cinnéide ag iomaidh chum na coróin- each d'fhagháil i n-aghaidh Cheallacháin Chaisil san mbliadhain 940-2; acht chomhairligh máthair Cheallacháin do Chinnéide gan an sean-ghnás do bhriseadh, agus uime sin thug sé suas an obair. D'éag an flaith so san mbliadhain 950, agus d'fhág sé 'n-a dhiaidh ceathrar nó cúigear mac as dháréag cloinne do bhí aige. Cailleadh an chuid eile aca i gcathaibh leis na Lochlannaigh. Bhí Mathghamhain mac do Chinnéide 'n-a Rígh ar Chaiseal, Eachtighearain 'n-a thaoiseach ar Thuadhmhumhain fé Mhathghamhain; bhí Marcán 'n-a shagart, agus Brian, peata an teaghlaigh, do rugadh san mbliadhain 941. Ba fhlaith agus laoch Mathghamhain, agus thaisbeán sé gur bh'fhiú é a chuid oighreachta, agus ghaibh sé ceannas a naimhde coimhthe agus muinteardha. San mbliadhain 960 bhí sé ag éileamh teidioll Ríogh Mumhain d'fhagháil, agus chúig bhliadhna 'n-a dhiaidh sin chaitheadar géilleadh do. San bhliadhain 'n-a dhiaidh sin, bhain sé Cluain Mhac Nóis des na Lochlannaigh, agus i 968 bhuaidh sé ag Sulchoid ar an namhaid chéadna, le dochar mílte fear. Do thug sé buille mór eile dhóibh ag Luimneach, scrios sé an chathair sin, agus thóg sé leis mórán óir, airgid, agus seódaibh. In gach cath aca so, bhí Brian 'n-a chuideachtain ó bhí sé ábalta ar chlaidheamh do ghábháil 'n-a ghlaic, agus is ó Mhathghamhain d'fhoghluim sé a ghníomhartha gaisce. Pé áit gur thug sé a aghaidh, bhí an t-ádh leis. Chuir sé an ruaig ar an namhaid ba mhó bhí aige .i. Maolmhuaidh mac Bhroin, Tighearna na Deas-Mhumhan. D'oscail Danair Bhaile Átha Cliath agus Chorcaighe a ndúnta dho, agus chuireadar iad féin ar a choimirc, agus d'oibrigheadar fá n-a bhratach. Thug sé an uile shluagh go Cúige Mumhan dá theaghlach, agus dob' áluinn an radharc iad. Níor bh'fhada gur ghaibh formad agus éad na hEoghanachtaigh, nuair chonnacadar go raibh Clann Chinnéide tar éis buanacht d'fhagháil ortha, agus uime sin bheartuigheadar ar inniol do shocrughadh roimh Mhathghamhain, óir b'fhuiris dóibh sin, mar bhí sé leanbaidhe 'n-a nádur. Chomhairligh Aighbhear, tighearna Lochlannach Luimnigh, do Mhaolmuaidh mac Bhroin cuir- eadh do thabhairt do Mhathghamhain go tigh Dhonnabháin, taoiseach de mhuinntir Eoghain, go raibh a ráth aige ag Brúgh Rígh i Luim- neach. B'é Easbog Chorcaighe an t-eadar- ghabhaluidhe a bhí aca, agus gheall sé do gach aon go mbeadh a anam ar láimh shábhálta ag an agallamh so, mar shíl sé nach chum feill d'imirt ar Mhathghamhain do tugadh ann é. Ba lag a shíl Mathghamhain go raibh sé ag
druidim chum bruach na huamha an lá chuaidh sé ar cuaird go tigh Dhonnabháin. Chomh luath agus chuaidh sé isteach, rugadh air tre órdughadh Mhaolmhuaidh, agus tugadh é go mullach an tSléibhín ar an dtaobh theas de Mhagh- chromdha. Bhí sluagh ag na fealltóirí annso chum Mathghamhain do chur ó'n tsaoghal so. Ní aontuigheann cuid des na hannálachaibh le chéile annso. Deir cuid aca gur ag Cnoc an Rómhairin do marbhuigheadh Math- ghamhain, cnoc ata teórantach le Luimneach agus Corcaigh. Deir Seaghán Ua Donnabháin gurab ar an Sléibhín do marbhuigheadh é, agus gur hadhlacadh é ar an dtaobh theas, agus measaim féin gurab é sin an té is in- chréidthe dár n-úghdair. Má's annso do síneadh corp Mathghamhain san úir, ní baoghal dó leathadh ó sneachtadh ná an ghaoth i dtuaidh. Acht níor deineadh an bheart bhréan so gan fiadhnuise, mar do lean dhá shagart le hEaspog Chorcaighe an flaith. Dhearbhuigh Maolmhuaidh ar Shoiscéal Bharra roimhe sin ná buailfí barra méire ar Mhathghamhain. Nuair rugadh ar Mhathghamhain, sciob sé an Soiscéal as láimh Mhaolmhuadh, agus choimeád é mar chumhdach. Nuair dírigheadh claidhmhte na ndúnmharbhthóirí ar a chliabh, thóg sé suas an Soiscéal mar chosnamh, agus d'fhuiltigh a chuid fola an Scrioptúir Naomhtha. Thóg na sagairt suas an leabhar, agus theitheadar chum an Easpuig, ag craobh-scaoileadh na beirte náir 'n-a gcúrsaidhe dhóibh. Do ghoil an tEaspog onórach go fuigheach nuair airigh sé an tásc, agus tharraingir sé nár bh'fhada go ndíolfaidhe an comhar leó, agus níor ró-fhada gur coimhlíonadh é leis. Do thárlaidh so san mbliadhain 976, trí nó ceathar de bhliadhnaibh roimh chath na Teamhrach agus i réimeas Mhaoilsheachlainn. Tugann so sinn anois go haimsir Bhriain féin — an aimsir is éachtaighe i stair na hÉireann. Measaim nár cheart dúinn an laoch groidhe agus an flaith oirdhearc agus an t-oide dílis agus an dearbhráthair caomh do deighilt amach ó'n aiste ghearr so. An té mhachtnóghadh air, nár chráidhte brónach an tásc do Bhrian bás a dhearbhráthar, an té do mhúin do in' óige a ghníomhartha goile agus gaisce. Deirthear gur tharraing sé chuige a chláirseach agus gur chaoin sé Mathghamhain go dubha-bhrónach, ag innsint san am chéadna gach gníomh glórmhar dar dhein sé ar feadh a bheathadh. Ba thruagh leis nach ar scáth a scéithe i gcath do thuit Mathghamhain, seachas muinighin do chuir i bhfocail fhallsa Dhonn- abháin. Bhí Brian timcheall an ama so chúig bhliadhna déag ar fhichid d'aois. Bhí sé pósta agus mór-chuid chloinne aige. Bhí an mac ba shine bhí aige, dár bh'ainm Murchadh, ábalta ar chlaidheamh do ghabháil i n-a ghlaic, agus páirt do thógaint leis in gach gleó agus gluaiseacht dar tharraing sé air. B'é an chéad iarracht a dhein Brian 'ná cath do chur ar shluaighte Dhonnabháin agus Lochlannaigh Luim- nigh. Mhairbh sé Aighbhear agus a bheirt mhac leis. Nuair chonnaic na cladhairí feill so cad do bhí i ndán dóibh, chuadar go hoileán naomhtha Innis Cathaigh, acht lean Brian iad, agus mhairbh sé an triúr ag bun na haltórach ann. Níor bh'aon achmhusán dho é, mar thuill- eadar a bhfuaradar. D'iompuigh sé a chuid díoghaltais ar Dhonnabhán; acht d'impigh sé seo ar Lochlannaigh Dheas-Mhumhan teacht chum a chabhrach. Sheasaimh Brian i n-a gcoinnibh, agus mhairb sé Amhlaoibh agus a chuid Lochlannach, maraon le Donnabhán agus a chamthaidhe Gaedhlach. 'N-a dhiaidh-san chuir Brian fógra catha chum Maolmhuaidh Deas- Mhumhan, do réir gnás na haoise sin, bheith 'n-a choinnibh ag Maghchromdha. Do fearadh cath fuilteach annso eatortha, agus b'é críoch an scéil gur tugadh sgaipeadh na mion-éan
ar shluagh Mhaolmhuaidh. Níor dheaghaidh Maolmhuaidh féin saor ó'n ngleó, mar thuit sé le lámh Mhurchadh .i. mac Bhriain, agus ní raibh an Murchadh so an uair sin acht 'n-a gharsún óg. Do hadhlacadh Maolmhuaidh ar an dtaobh thuaidh de'n tSléibhín, san áit ná taithneann an ghrian ó'n am go n-éirigheann sí ar maidin go dteidheann sí fúithe um tráth- nóna. Tá féachaint dhorcha uaigneach ag an áit chéadna, acht an taobh theas is cuma é nó Flaithis Dé beag. Tar éis an bhuadh so san mbliadhain 978, do gairmeadh Brian 'n-a Rígh ar Chúige Mumhan le chéile, agus chum gur bhuaidh Maoilsheachlainn cath Theamhrach, bhí sé ráidhte gur bh'é an t-aon cheann- feadhma Gaedhlach é do bhí ann le n-a linn. Mar is gnáthach i gcomhnuidhe i stair agus i mbeatha an Ghaedhil, ghaibh éad agus formad na flaithe so. Bhí Maolsheachlainn san Midhe agus Brian ag Ceann Coradh. Ba mhór le Maol- sheachlainn a raibh de réim ag Brian dar leis, agus uime sin bheartuigh sé ceannas na Mumhan do ghabháil. B'é an Maolsheachlainn seo an cúigeadh gluin ó'n chéad Mhaolsheach- lainn do chuir ar bun Niallaigh na Mumhan. San chéad bhliadhain do riaghluigh Maolsheach- lainn san Midhe tar éis an lae d'fhagháil ar Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath ag cath Theamhrach, agus na hÉireannaigh do bhí aca i mbraighidineas d'fhuascailt, bhí súil ghéar aige i ndiaidh Bhriain. Pé aca ná raibh Brian omósach dó, nó go raibh seilbh na leath-ríoghachta gabhtha aige, nó pé adhbhar díth-chúise bhí aige, ghluais sé ó dheas, ag gabháil ceannais dó féin ins gach áit dar ghaibh sé. Ar shroisint Thuadh-Mhumhain dó, scrios sé Clann Chais agus ghluais sé go Magh Adhair, mar a déantaí righthe Tuadh-Mhumhain do ríoghadh leis na ciantaibh faoi chrann daraighe bhí ann. D'órduigh Maolsheachlainn an crann so do bhaint as a phréamachaibh, agus é ghearradh 'n-a phíosaíbh beaga. Taisbeán- ann an gníomh neamh-ghábhtarach so go raibh fuadar toirmisceamhail fé Mhaolsheachlainn. Do bhí an dá fhlaith comhachtacha so ag dearga-bhearradh ar a chéile ar feadh fiche bliadhan. San mbliadhain 987 bhí Brian 'n-a rígh ar leath na hÉireann. Bhí a chomhacht — cé ná raibh an teidiol aige — i n-umhail ins gach áit; acht ní raibh sé féin agus Maolsheach- lainn d'aon-bhuidhin, agus thug Lochlannuigh Bhaile Átha Cliath fé ndeara é sin go maith. Timcheall an ama so bhí Sitric an Mheigil Shíoda 'n-a cheann-urraidh ar Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath, agus b'é seo an treóruidhe ba thréine agus ba chródha dá raibh ortha. Ins na fo-ruaganna do thugadh sé seo isteach fé an dtír, do dheineadh sé a leithéid sin de choscar agus de léir-scrios go mb'éigean do Bhrian agus do Maolsheachlainn caradas do dhéanamh le chéile chum cosc do chur leis an scriosadóir seo. Do sheasaimh an cáirdeas so ar feadh trí mbliadhan, agus ní fheadair éinne acht an tairbhe do tháinig dá dhruim. Seo sompla maith ag muinntir na hÉireann, acht, fóríor géar! dá n-iompóghadh an dathach cam ortha, bhíodar i gcochalaibh a chéile arís. Tá formad agus mioscais tar éis sclábhuidhthe do dhéanamh dhíobh. Chum filleadh ar mo scríbhinn, do ghluais Brian agus Maolsheachlainn go Baile Átha Cliath san mbliadhain 997, agus a sluaighte 'n-a bhfocair, agus chuireadar fé 'n-a smacht Lochlannaigh na háite sin, ag tógaint leó a raibh de sheód- aibh agus de nidhthe luachmhara ann. Tháinig cabhair chum na Lochlannach ó'n dTuais- ceart, agus thosnuigheadar ar bheith ag coscairt 's ag goid ar fuaid Chúige Laigh- ean, acht do ruaig Brian agus Maolsheachlainn iad ag Gleann Máma i gCill Manntáin, ag fágaint sé mhíle fear agus a dtaoisigh marbh i n-a ndiaidh. (Ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services