Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.

Title
Aiste ar Bhrian Bhoroimhe.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISTE AR BHRIAN BHOROIMHE.



Donnchadh ó Laogaire
do scríobh.



Cé go bhfuil naoi gcéad agus trí fichid
bliadhain tar éis éalódh tharainn anois ó
chonnaic an rí comhachtach agus an laoch calma
go bhfuilm chum trácht air solas an lae,
atá a chuimhne chomh beó, ní hé amháin i
measc Chlanna Gaedheal, acht i measc gach
cine críostamhail ar fuaid an domhain.
Mairfidh clú Bhriain agus a ghníomhartha an fhaid
agus leanfaidh an tSionainn a rian cois
grianáin óirdheirc Cheann-choradh. Do shíol-
ruigh Brian ó shliocht Oilioll aluim; acht
bhí Clann Cais leis na ciantaibh díbeartha ó
Chaiseal na Ríogh ag na hEoghanachtaigh. Bhí
athair agus sean-athair ag Cinnéide .i. athair
Bhriain, darab ainm dóibh Lorcán agus Lachtna.
Fir géarchúiseacha eagnaidhe dob eadh iad
so agus neartuigheadar a dtreibh féin go mór
i dtreó go rabhadar ag braith ar riaghlughadh
i gCaiseal.



Bhí Cinnéide ag iomaidh chum na coróin-
each d'fhagháil i n-aghaidh Cheallacháin Chaisil
san mbliadhain 940-2; acht chomhairligh
máthair Cheallacháin do Chinnéide gan an
sean-ghnás do bhriseadh, agus uime sin thug sé
suas an obair. D'éag an flaith so san
mbliadhain 950, agus d'fhág sé 'n-a dhiaidh
ceathrar nó cúigear mac as dháréag
cloinne do bhí aige. Cailleadh an chuid eile
aca i gcathaibh leis na Lochlannaigh. Bhí
Mathghamhain mac do Chinnéide 'n-a Rígh
ar Chaiseal, Eachtighearain 'n-a thaoiseach
ar Thuadhmhumhain fé Mhathghamhain; bhí Marcán
'n-a shagart, agus Brian, peata an teaghlaigh,
do rugadh san mbliadhain 941.



Ba fhlaith agus laoch Mathghamhain, agus
thaisbeán sé gur bh'fhiú é a chuid oighreachta,
agus ghaibh sé ceannas a naimhde coimhthe
agus muinteardha. San mbliadhain 960 bhí sé
ag éileamh teidioll Ríogh Mumhain d'fhagháil,
agus chúig bhliadhna 'n-a dhiaidh sin chaitheadar
géilleadh do. San bhliadhain 'n-a dhiaidh sin,
bhain sé Cluain Mhac Nóis des na Lochlannaigh,
agus i 968 bhuaidh sé ag Sulchoid ar an namhaid
chéadna, le dochar mílte fear. Do thug sé
buille mór eile dhóibh ag Luimneach, scrios
sé an chathair sin, agus thóg sé leis mórán óir,
airgid, agus seódaibh. In gach cath aca so, bhí
Brian 'n-a chuideachtain ó bhí sé ábalta ar
chlaidheamh do ghábháil 'n-a ghlaic, agus is ó
Mhathghamhain d'fhoghluim sé a ghníomhartha
gaisce. Pé áit gur thug sé a aghaidh, bhí an
t-ádh leis. Chuir sé an ruaig ar an namhaid
ba mhó bhí aige .i. Maolmhuaidh mac Bhroin,
Tighearna na Deas-Mhumhan. D'oscail
Danair Bhaile Átha Cliath agus Chorcaighe a
ndúnta dho, agus chuireadar iad féin ar a
choimirc, agus d'oibrigheadar fá n-a bhratach.
Thug sé an uile shluagh go Cúige Mumhan
dá theaghlach, agus dob' áluinn an radharc
iad.



Níor bh'fhada gur ghaibh formad agus éad na
hEoghanachtaigh, nuair chonnacadar go raibh
Clann Chinnéide tar éis buanacht d'fhagháil
ortha, agus uime sin bheartuigheadar ar inniol
do shocrughadh roimh Mhathghamhain, óir b'fhuiris
dóibh sin, mar bhí sé leanbaidhe 'n-a nádur.
Chomhairligh Aighbhear, tighearna Lochlannach
Luimnigh, do Mhaolmuaidh mac Bhroin cuir-
eadh do thabhairt do Mhathghamhain go tigh
Dhonnabháin, taoiseach de mhuinntir Eoghain,
go raibh a ráth aige ag Brúgh Rígh i Luim-
neach. B'é Easbog Chorcaighe an t-eadar-
ghabhaluidhe a bhí aca, agus gheall sé do gach
aon go mbeadh a anam ar láimh shábhálta ag
an agallamh so, mar shíl sé nach chum feill
d'imirt ar Mhathghamhain do tugadh ann é.
Ba lag a shíl Mathghamhain go raibh sé ag


L. 513


druidim chum bruach na huamha an lá chuaidh
sé ar cuaird go tigh Dhonnabháin. Chomh luath
agus chuaidh sé isteach, rugadh air tre órdughadh
Mhaolmhuaidh, agus tugadh é go mullach an
tSléibhín ar an dtaobh theas de Mhagh-
chromdha. Bhí sluagh ag na fealltóirí annso
chum Mathghamhain do chur ó'n tsaoghal so.
Ní aontuigheann cuid des na hannálachaibh
le chéile annso. Deir cuid aca gur ag
Cnoc an Rómhairin do marbhuigheadh Math-
ghamhain, cnoc ata teórantach le Luimneach
agus Corcaigh. Deir Seaghán Ua Donnabháin
gurab ar an Sléibhín do marbhuigheadh é, agus
gur hadhlacadh é ar an dtaobh theas, agus
measaim féin gurab é sin an té is in-
chréidthe dár n-úghdair. Má's annso do
síneadh corp Mathghamhain san úir, ní baoghal
dó leathadh ó sneachtadh ná an ghaoth i
dtuaidh. Acht níor deineadh an bheart bhréan
so gan fiadhnuise, mar do lean dhá shagart
le hEaspog Chorcaighe an flaith. Dhearbhuigh
Maolmhuaidh ar Shoiscéal Bharra roimhe sin
ná buailfí barra méire ar Mhathghamhain.
Nuair rugadh ar Mhathghamhain, sciob sé an
Soiscéal as láimh Mhaolmhuadh, agus choimeád é
mar chumhdach. Nuair dírigheadh claidhmhte
na ndúnmharbhthóirí ar a chliabh, thóg sé suas
an Soiscéal mar chosnamh, agus d'fhuiltigh a
chuid fola an Scrioptúir Naomhtha. Thóg na
sagairt suas an leabhar, agus theitheadar chum
an Easpuig, ag craobh-scaoileadh na beirte
náir 'n-a gcúrsaidhe dhóibh. Do ghoil an
tEaspog onórach go fuigheach nuair airigh sé
an tásc, agus tharraingir sé nár bh'fhada go
ndíolfaidhe an comhar leó, agus níor ró-fhada
gur coimhlíonadh é leis. Do thárlaidh so san
mbliadhain 976, trí nó ceathar de bhliadhnaibh
roimh chath na Teamhrach agus i réimeas
Mhaoilsheachlainn.

Tugann so sinn anois go haimsir Bhriain
féin — an aimsir is éachtaighe i stair na
hÉireann. Measaim nár cheart dúinn an
laoch groidhe agus an flaith oirdhearc agus an
t-oide dílis agus an dearbhráthair caomh do
deighilt amach ó'n aiste ghearr so. An té
mhachtnóghadh air, nár chráidhte brónach an
tásc do Bhrian bás a dhearbhráthar, an té
do mhúin do in' óige a ghníomhartha goile agus
gaisce. Deirthear gur tharraing sé chuige
a chláirseach agus gur chaoin sé Mathghamhain go
dubha-bhrónach, ag innsint san am chéadna
gach gníomh glórmhar dar dhein sé ar feadh
a bheathadh. Ba thruagh leis nach ar scáth a
scéithe i gcath do thuit Mathghamhain, seachas
muinighin do chuir i bhfocail fhallsa Dhonn-
abháin. Bhí Brian timcheall an ama so chúig
bhliadhna déag ar fhichid d'aois. Bhí sé pósta
agus mór-chuid chloinne aige. Bhí an mac ba
shine bhí aige, dár bh'ainm Murchadh, ábalta
ar chlaidheamh do ghabháil i n-a ghlaic, agus
páirt do thógaint leis in gach gleó agus
gluaiseacht dar tharraing sé air. B'é an
chéad iarracht a dhein Brian 'ná cath do chur
ar shluaighte Dhonnabháin agus Lochlannaigh Luim-
nigh. Mhairbh sé Aighbhear agus a bheirt mhac
leis. Nuair chonnaic na cladhairí feill so
cad do bhí i ndán dóibh, chuadar go hoileán
naomhtha Innis Cathaigh, acht lean Brian iad,
agus mhairbh sé an triúr ag bun na haltórach
ann. Níor bh'aon achmhusán dho é, mar thuill-
eadar a bhfuaradar. D'iompuigh sé a chuid
díoghaltais ar Dhonnabhán; acht d'impigh sé
seo ar Lochlannaigh Dheas-Mhumhan teacht
chum a chabhrach. Sheasaimh Brian i n-a
gcoinnibh, agus mhairb sé Amhlaoibh agus a chuid
Lochlannach, maraon le Donnabhán agus a
chamthaidhe Gaedhlach. 'N-a dhiaidh-san chuir
Brian fógra catha chum Maolmhuaidh Deas-
Mhumhan, do réir gnás na haoise sin, bheith
'n-a choinnibh ag Maghchromdha. Do fearadh
cath fuilteach annso eatortha, agus b'é críoch
an scéil gur tugadh sgaipeadh na mion-éan


L. 514


ar shluagh Mhaolmhuaidh. Níor dheaghaidh
Maolmhuaidh féin saor ó'n ngleó, mar thuit
sé le lámh Mhurchadh .i. mac Bhriain, agus ní raibh
an Murchadh so an uair sin acht 'n-a gharsún
óg. Do hadhlacadh Maolmhuaidh ar an dtaobh
thuaidh de'n tSléibhín, san áit ná taithneann
an ghrian ó'n am go n-éirigheann sí ar
maidin go dteidheann sí fúithe um tráth-
nóna. Tá féachaint dhorcha uaigneach ag an
áit chéadna, acht an taobh theas is cuma é
nó Flaithis Dé beag. Tar éis an bhuadh so
san mbliadhain 978, do gairmeadh Brian
'n-a Rígh ar Chúige Mumhan le chéile, agus chum
gur bhuaidh Maoilsheachlainn cath Theamhrach,
bhí sé ráidhte gur bh'é an t-aon cheann-
feadhma Gaedhlach é do bhí ann le n-a linn.



Mar is gnáthach i gcomhnuidhe i stair agus i
mbeatha an Ghaedhil, ghaibh éad agus formad na
flaithe so. Bhí Maolsheachlainn san Midhe agus
Brian ag Ceann Coradh. Ba mhór le Maol-
sheachlainn a raibh de réim ag Brian dar
leis, agus uime sin bheartuigh sé ceannas na
Mumhan do ghabháil. B'é an Maolsheachlainn
seo an cúigeadh gluin ó'n chéad Mhaolsheach-
lainn do chuir ar bun Niallaigh na Mumhan.
San chéad bhliadhain do riaghluigh Maolsheach-
lainn san Midhe tar éis an lae d'fhagháil ar
Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath ag cath
Theamhrach, agus na hÉireannaigh do bhí aca i
mbraighidineas d'fhuascailt, bhí súil ghéar
aige i ndiaidh Bhriain. Pé aca ná raibh
Brian omósach dó, nó go raibh seilbh na
leath-ríoghachta gabhtha aige, nó pé adhbhar
díth-chúise bhí aige, ghluais sé ó dheas, ag
gabháil ceannais dó féin ins gach áit dar
ghaibh sé. Ar shroisint Thuadh-Mhumhain dó,
scrios sé Clann Chais agus ghluais sé go Magh
Adhair, mar a déantaí righthe Tuadh-Mhumhain
do ríoghadh leis na ciantaibh faoi chrann
daraighe bhí ann. D'órduigh Maolsheachlainn
an crann so do bhaint as a phréamachaibh, agus
é ghearradh 'n-a phíosaíbh beaga. Taisbeán-
ann an gníomh neamh-ghábhtarach so go raibh
fuadar toirmisceamhail fé Mhaolsheachlainn.



Do bhí an dá fhlaith comhachtacha so ag
dearga-bhearradh ar a chéile ar feadh fiche
bliadhan. San mbliadhain 987 bhí Brian 'n-a
rígh ar leath na hÉireann. Bhí a chomhacht —
cé ná raibh an teidiol aige — i n-umhail ins
gach áit; acht ní raibh sé féin agus Maolsheach-
lainn d'aon-bhuidhin, agus thug Lochlannuigh
Bhaile Átha Cliath fé ndeara é sin go maith.
Timcheall an ama so bhí Sitric an Mheigil
Shíoda 'n-a cheann-urraidh ar Lochlannaigh
Bhaile Átha Cliath, agus b'é seo an treóruidhe
ba thréine agus ba chródha dá raibh ortha. Ins
na fo-ruaganna do thugadh sé seo isteach
fé an dtír, do dheineadh sé a leithéid sin
de choscar agus de léir-scrios go mb'éigean
do Bhrian agus do Maolsheachlainn caradas do
dhéanamh le chéile chum cosc do chur leis an
scriosadóir seo. Do sheasaimh an cáirdeas
so ar feadh trí mbliadhan, agus ní fheadair
éinne acht an tairbhe do tháinig dá dhruim.
Seo sompla maith ag muinntir na hÉireann,
acht, fóríor géar! dá n-iompóghadh an
dathach cam ortha, bhíodar i gcochalaibh a
chéile arís. Tá formad agus mioscais tar
éis sclábhuidhthe do dhéanamh dhíobh. Chum
filleadh ar mo scríbhinn, do ghluais Brian agus
Maolsheachlainn go Baile Átha Cliath san
mbliadhain 997, agus a sluaighte 'n-a bhfocair,
agus chuireadar fé 'n-a smacht Lochlannaigh na
háite sin, ag tógaint leó a raibh de sheód-
aibh agus de nidhthe luachmhara ann. Tháinig
cabhair chum na Lochlannach ó'n dTuais-
ceart, agus thosnuigheadar ar bheith ag
coscairt 's ag goid ar fuaid Chúige Laigh-
ean, acht do ruaig Brian agus Maolsheachlainn
iad ag Gleann Máma i gCill Manntáin,
ag fágaint sé mhíle fear agus a dtaoisigh
marbh i n-a ndiaidh.



(Ní críoch)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services