Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
IV. Mar do chéad-ghlac Cúchulainn Airm Faobhair, agus mar d'éirigh dho amuigh.
Title
IV. Mar do chéad-ghlac Cúchulainn Airm Faobhair, agus mar d'éirigh dho amuigh.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IV. — MAR DO CHÉAD-GHLAC CÚCHULAINN AIRM FAOBHAIR, agus MAR D'ÉIRIGH DHO AMUIGH. "Do dhein sé éacht eile amh," arsa Fiacha Mac Firbhe. "Bhí Cathbhadh draoi i bhfochair a mhic .i. Con- chubhar Mac Neasa. Céad fear gasta (?) 'n-a thim- cheall ag foghluim draoidheachta uaidh. B'in é líon do mhúineadh Cathbhadh. D'fhiafraigh duine áirithe dá mhac- aibh léighinn de, 'Cad de go mbeadh an lá so go maith?' Do fhreagair Cathbhadh: 'Pé óglaoch do ghlacfaidh airm faobhair an lá so go mbeadh a ainm ar fuid Éireann ar ghníomhartha gaiscidh, agus go mbeadh árd-chlú air go bráth.' "D'airigh Cúchulainn soin. Do chuaidh ag triall ar Chonchubhar ag iarraidh airm. Dubhairt Conchubhair: 'Cia dubhairt soin leat?' 'M'oide Cathbhadh,' arsa Cúchulainn. 'Tá's agam,' arsa Conchubhar. Thug sé gath agus sciath dho. Do chroith sé ar lár an tighe iad ar chuma nár éaluigh ean-cheann de na cúig armaibh déag a bhíodh i dteaghlach Chonchubhair 'n-a fhlúirse i gcóir airm-bhriseadh nó chun duine do chóiriughadh i n-airm gaiscidh. Do tugadh treallamh Chonchubhair féin do. Do sheasamh soin 'n-a choinnibh agus do chroith é, agus do bheannuigh an ríogh dar threallamh é, agus dubhairt: 'Beannacht ar an dtuaith agus ar an gcinéal darab rí an fear gur leis an treallamh so.' 'N-a dhiaidh soin, tháinig Cathbhadh chuca, agus dubhairt: 'An faobhar a ghabhann an t-óglaoch?' arsa Cathbhadh. "Seadh, arsa Conchubhar. 'Ní hádhmharach do mhac a mháthar soin,' ar seisean. 'Cad 'n-a thaobh? Nach tusa a dubhairt Leis é?' 'Ní mé cheana,' arsa Cathbhadh. 'Cad fé ndeara dhuit an bhréag a imirt orm, a shíobhra?' arsa Conchubhar le Cúchulainn. 'A rí Fhéinne, ní bréag é,' arsa Cúchulainn. 'Dubhairt sé le n-a mhacaibh léighinn ar maidin é, agus do chualadh-sa é ar an dtaobh theas d'Eamhain, is tánag chughat-sa láithreach,' 'Maith an lá é go deimhin,' arsa Cathbhadh. 'Is follus gurab oirdhearc mór-chlúmhail a bheidh an té ghlacfaidh faobhar indiu, acht amháin go mbeidh duthain (neamh- bhuan). 'Go maith,' arsa Cúchulainn. 'Dá mbadh oirdhearc dam, badh mhaith liom é, mara mbeadh acht lá saoghail agam.' "Lá eile d'fhiafruigh duine áirithe de sna draoithibh cad de go mbeadh an lá soin go maith. 'Pé duine raghaidh i gcarbad indiu,' arsa Cathbhadh, 'beidh a ainm ar fuid Éireann go bráth.' D'airigh Cúchulainn é sin. Do chuaidh ag triall ar Chonchubhar agus dubhart leis: 'A rí Chonchubhair,' ar seisean, 'carbad damh-sa.' Tugadh an carbad chuige. Do chuir sé a lámh idir dhá leathchlaidhe an charbaid, agus do bhris an carbad 'n-a láimh. Do bhris sé an dá charbad déag ar an nós soin. Tugtar carbad Chonchubhair chuige. Níor ghéill sé sin do. "Chuaidh sé isteach san gcarbad 'n-a dhiaidh soin, agus ara (.i. tiománuidhe) Chonchubhair i n-éinfheacht leis. Ibhar a b'ainm do-san. D'iompuigh an t-ara an carbad fé-sean. 'Tar amach as an gcarbad an taca so,' ar san t-ara. 'Tá na heachra caomh (luachmhar), táim-se caomh leis, mac caomh is eadh mé,' arsa Cú- chulainn. Tiomáineam timcheall nEamhna amháin, is gheobhair luach do shaothair.' Annsoin do chuaidh an t-ara, agus do chuir Cúchulainn d'fhiachaibh air dul ar shlighe 'n-a bhféadfaidhe ceileabhradh do na hógán- aigh agus 'go mbeannuighdís na hógánaigh dam.' D'iarr sé air teacht an tslighe chéadna aris. Ar a dteacht dóibh, dubhairt Cúchulainn leis an ara: 'Tabhair an tslat ar an eachraidh,' ar seisean. 'Caidé an treó?' ar san t-ara. 'An fhaid do théidheann an bóthar,' arsa Cúchulainn. "Tángathas as soin go Sliabh Fuaid. Fuarathas Conall Cearnach ann. Ar Chonall do bhí cosaint an chúigidh an lá úd, mar do bhíodh gach gaiscideach d'Ul- taibh ar feadh lae ar Shliabh Fuaid chun díon a dhéanamh ar an té thagadh ann le dán filidheachta, nó chun comh- raic le duine, i slighe gurab ann do bhuailfeadh uime, agus ní raghadh éinne chun Eamhna, ná tabharfadh an té bheadh ar Shliabh Fuaid fé ndeara é. 'Go raibh de shéan duit soin,' arsa Conall, 'de bhuaidh is de choscar.' 'Éirigh-se san ndún, a Chonaill, agus leig dhamh-sa faire dhéanamh annso.' 'Badh leór soin,' arsa Conall, 'dá mbadh chun anacail duine le dán filidheachta é; acht dá mbadh chun comhraic le fear é tá soin ró-luath dhuit fós.' 'B'éidir ná beidh gábhadh leis siúd ar éan- chor,' arsa Cúchulainn. 'Téanam ar éan-chuma, go bhfeicfeam bruacha Loch Eachtra uainn. Is gnátha ógánaigh uaisle ag stad ann.' 'Go maith,' arsa Conall. "D'imthigheadar leó annsoin. Do chaith seisean cloch as a thabhail (gléas teilgin) agus brisead leath- chlaidhe charbaid Chonaill Chearnaigh. 'Cad chuige dhuit cloch a chaitheamh, a mhacáin?' arsa Conall. 'Chun mo lámh agus dírigheacht mo urchair do fhromadh,' arsa Cú- chulainn. 'Agus is gnás agaibh-se Ultaigh gan dul trí bhaoghal ar marcaigheacht.' Éirigh-se go hEamhain arís, a Chonaill, a chara, agus fág-se annso mise ag faire.' 'Go maith, máiseadh,' arsa Conall. I n-a dhiaidh-san ní dheaghaidh Conall Cearnach thar an áit úd. "Annsoin do chuaidh Cúchulainn go dtí Loch Eachtra, acht ní bhfuair éinne ann roimhe. Dubhairt an t-ara le Cúchulainn dul go hEamhain go bhfuighidís deoch ann. 'Ní ragham,' arsa Cúculainn. 'Acht cad é an sliabh é siúd thall?' 'Sliabh Modhuirn,' ar san t-ara. 'Téanam go sroisfam é' arsa Cúchulainn. Do ghluaiseadar leó chun gur shroiseadar é. Tar éis dóibh an sliabh a shroisint, dubhairt Cúchulainn: Cad é an carn geal é siúd thall i n-uachtar an tsléibhe?' 'Fionncharn,' ar san t-ara. 'Caidé an mhágh í siúd thall?' ar sa Cúchulainn. 'Magh mBreagh,' ar san t-ara. D'iarr air annsoin ainm gach príomh-dhúna (dá raibh) idir Theamhair is Cheanannas. Do chuir eólas ar dtúis ar a n-iathaibh is ar a n-áthaibh, ar a n-ionadaibh oirdhearca is ar a dtreabhaibh, ar a ndúnaibh is ar a n-árd-dhaingnibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services